|
+Airteagal 473a 5. |
Airteagal 473a 5.Maidir le neamhchosaintí atá faoi réir ualú riosca i gcomhréir le Caibidil 3 de Theideal II de Chuid a Trí, cuirfidh institiúidí i bhfeidhm mír 2 go mír 4 mar a leanas:
(a)
maidir le ríomh A2,IRB, laghdóidh na hinstitiúidí gach ceann de na méideanna arna ríomh i gcomhréir le pointe (b)(i) agus (ii) de mhír 2 den Airteagal seo trí shuim an chaillteanais ionchasaigh a bhaint as arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 158(5), (6) agus (10) amhail ón 31 Nollaig 2017 nó lá amháin sula gcuirfear i bhfeidhm IFRS 9 den chéad uair. I gcás inar uimhir dhiúltach a bheidh sa tsuim dá dtagraítear i bpointe (b)(i) de mhír 2 den Airteagal seo, socróidh an institiúid luach an mhéid ag nialas. I gcás inar uimhir dhiúltach a bheidh sa tsuim dá dtagraítear i bpointe (b)(ii) de mhír 2 den Airteagal seo, socróidh an institiúid luach an mhéid sin chun gur cothrom le nialas é;
(b)
maidir leis an méid a ríomhtar i gcomhréir le pointe (a) de mhír 3 den Airteagal seo, cuirfidh na hinstitiúidí ina ionad suim na gcaillteanas creidmheasa ionchasach don tréimhse 12 mhí arna gcinneadh i gcomhréir le mír 5.5.5 den Iarscríbhinn a bhaineann le IFRS 9 mar aon le méid an lamháltais caillteanais do chaillteanais chreidmheasa ionchasacha saoil arna chinneadh i gcomhréir le mír 5.5.3 den Iarscríbhinn a bhaineann le IFRS 9, cé is moite den lamháltas caillteanais do chaillteanais ionchasacha saoil i gcás sócmhainní airgeadais a bhfuil fadhbanna creidmheasa acu, mar a shainmhínítear in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn a bhaineann le IFRS 9, agus, i gcás ina bhfuil feidhm ag Airteagal 468 den Rialachán seo, cé is moite de chaillteanais chreidmheasa ionchasacha arna gcinneadh maidir le risíochtaí arna dtomhas ag luach cóir trí ioncam cuimsitheach eile i gcomhréir le mír 4.1.2 A den Iarscríbhinn a bhaineann le IFRS 9, lúide suim mhéideanna gaolmhara an chaillteanais ionchasaigh le haghaidh na risíochtaí céanna arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 158(5), (6) agus (10) den Rialachán seo ar an dáta tuairiscithe. I gcás inarb uimhir dhiúltach a thiocfaidh as an ríomh, socróidh an institiúid luach an mhéid dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 3 den Airteagal seo chun gur cothrom le nialas é;
(c)
maidir leis an méid a ríomhtar i gcomhréir le pointe (b) de mhír 3 den Airteagal seo, cuirfidh na hinstitiúidí ina ionad suim na gcaillteanas creidmheasa ionchasach don tréimhse 12 mhí arna gcinneadh i gcomhréir le mír 5.5.5 den Iarscríbhinn a bhaineann le IFRS 9 mar aon le méid an lamháltais caillteanais do chaillteanais chreidmheasa ionchasacha saoil arna chinneadh i gcomhréir le mír 5.5.3 den Iarscríbhinn a bhaineann le IFRS 9, cé is moite den lamháltas caillteanais do chaillteanais ionchasacha saoil i gcás sócmhainní airgeadais a bhfuil fadhbanna creidmheasa acu, mar a shainmhínítear in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn a bhaineann le IFRS 9, agus, i gcás ina bhfuil feidhm ag Airteagal 468 den Rialachán seo, cé is moite de chaillteanais chreidmheasa ionchasacha arna gcinneadh maidir le risíochtaí arna dtomhas ag luach cóir trí ioncam cuimsitheach eile i gcomhréir le mír 4.1.2 A den Iarscríbhinn a bhaineann le IFRS 9, an 1 Eanáir 2020 nó ar an dáta a chuirtear IFRS 9 i bhfeidhm den chéad uair, cibé acu is déanaí, lúide suim mhéideanna gaolmhara an chaillteanais ionchasaigh le haghaidh na risíochtaí céanna arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 158(5), (6) agus (10) den Rialachán seo an 1 Eanáir 2020 nó ar an dáta a chuirtear IFRS 9 i bhfeidhm den chéad uair, cibé acu is déanaí. I gcás inarb uimhir dhiúltach a thiocfaidh as an ríomh, socróidh an institiúid luach an mhéid dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 3 den Airteagal seo chun gur cothrom le nialas é. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|