|
+Airteagal 473a 7. |
Airteagal 473a 7.I gcás ina gcuireann institiúid, i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo, suim san áireamh ina caipiteal Ghnáthchothromas Leibhéal 1, ríomhfaidh sí an athuair na ceanglais uile a leagtar síos sa Rialachán seo agus i dTreoir 2013/36/AE a úsáideann aon cheann de na míreanna seo a leanas sa mhéid nach gcuirtear san áireamh leo na héifeachtaí atá ar na míreanna sin ag na soláthairtí le haghaidh caillteanais chreidmheasa ionchasacha a chuir sí san áireamh ina caipiteal Ghnáthchothromas Leibhéal 1:
(a)
méid na sócmhainní cánach iarchurtha a asbhaintear as caipiteal Ghnáthchothromas Leibhéal 1 i gcomhréir le pointe (c) d’Airteagal 36(1) nó a ualaítear ó thaobh riosca de i gcomhréir le hAirteagal 48(4);
(b)
luach na neamhchosanta arna cinneadh i gcomhréir le hAirteagal 111(1) trína dtarlóidh an méid seo a leanas: i dtaca leis na coigeartuithe sonracha maidir le riosca creidmheasa lena laghdófar luach na neamhchosanta, déanfar iad a iolrú faoin bhfachtóir scálúcháin (sf) seo a leanas:
nuair atá: ABSA = an tsuim a ríomhtar i gcomhréir le pointe (a) den dara fomhír de mhír 1; RASA = suim iomlán na gcoigeartuithe sonracha maidir le riosca creidmheasa;
(c)
suim na míreanna Leibhéal 2 a ríomhtar i gcomhréir le pointe (d) d’Airteagal 62. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|