+Airteagal 478 Céatadáin is infheidhme maidir le hasbhaint ó ítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1, de Chaipiteal Breise Leibhéal 1 agus de Chaipiteal Leibhéal 2
---+Airteagal 478 1.
---+Airteagal 478 2.
---+Airteagal 478 3.

Airteagal 478 Céatadáin is infheidhme maidir le hasbhaint ó ítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1, de Chaipiteal Breise Leibhéal 1 agus de Chaipiteal Leibhéal 2

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 478 1.

Tiocfaidh an céatadán is infheidhme chun críocha 'Airteagal 468(5), Airteagal 469(1)(a) agus (c) Airteagal 474(a) agus Airteagal 476(a) faoi na raonta seo a leanas:

(a) 

20 % go 100 % don tréimhse ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2014;

(b) 

40 % go 100 % don tréimhse ón 1. Eanáir 2015 go dtí an 31 Nollaig 2015;

(c) 

60 % go 100 % don tréimhse ón 1.Eanáir 2016 go dtí an 31 Nollaig 2016;

(d) 

80 % go 100 % don tréimhse ón 1 Eanáir 2017 go dtí an 31 Nollaig 2017.

Airteagal 478 2.

De mhaolú ar mhír 1, i gcás na n-ítimí dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 36(1) arbh ann dóibh roimh an 1 Eanáir 2014, tiocfaidh an céatadán is infheidhme chun críoch phointe (c) d’Airteagal 469(1) faoi na raonta seo a leanas:

(a) 

0 % go dtí 100 % don tréimhse ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2014;

(b) 

10 % go dtí 100 % don tréimhse ón 1 Eanáir 2015 go dtí an 31 Nollaig 2015;

(c) 

20 % go dtí 100 % don tréimhse ón 1 Eanáir 2016 go dtí an 31 Nollaig 2016;

(d) 

30 % go dtí 100 % don tréimhse ón 1 Eanáir 2017 go dtí an 31 Nollaig 2017;

(e) 

40 % go dtí 100 % don tréimhse ón 1 Eanáir 2018 go dtí an 31 Nollaig 2018;

(f) 

50 % go dtí 100 % don tréimhse ón 1 Eanáir 2019 go dtí an 31 Nollaig 2019;

(g) 

60 % go dtí 100 % don tréimhse ón 1 Eanáir 2020 go dtí an 31 Nollaig 2020;

(h) 

70 % go dtí 100 % don tréimhse ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2021;

(i) 

80 % go dtí 100 % don tréimhse ón 1 Eanáir 2022 go dtí an 31 Nollaig 2022;

(j) 

90 % go dtí 100 % don tréimhse ón 1 Eanáir 2023 go dtí an 31 Nollaig 2023.

Airteagal 478 3.

Déanfaidh na húdaráis inniúla céatadán is infheidhme sna raonta a shonraítear i mír 1 agus i mír 1 agus mír 2 a chinneadh agus a fhoilsiú do gach ceann de na hasbhaintí seo a leanas:

(a) 

na hasbhaintí aonair is gá de bhun phointí (a) go (h) d'Airteagal 36(1), cé is moite de shócmhainní cánach iarchurtha atá spleách ar bhrabúsacht todhchaí agus a thagann ó dhifríochtaí sealadacha;

(b) 

méid comhiomlán na sócmhainní cánach iarchurtha atá spléach ar bhrabúsacht todhchaí agus a thagann ó dhifríochtaí sealadacha agus na hítimí dá dtagraítear i bpointe (i) d'Airteagal 36(1) is gá a asbhaint de bhun Airteagal 85;

(c) 

gach asbhaint is gá de bhun phointí (b) go (d) d'Airteagal 56;

(d) 

gach asbhaint is gá de bhun phointí (b) go (d) d'Airteagal 66

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas