+Airteagal 481 Scagairí breise agus asbhaintí breise
---+Airteagal 481 1.
---+Airteagal 481 2.
---+Airteagal 481 3.
---+Airteagal 481 4.
---+Airteagal 481 5.
---+Airteagal 481 6.
|
Airteagal 481 Scagairí breise agus asbhaintí breise
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 481 1.
|
De mhaolú ar Airteagail 32 go 36, ar Airteagal 56 agus ar Airteagal 66, i rith na tréimhse ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2017, déanfaidh institiúidí coigeartuithe d'fhonn an céatadán is infheidhme de na scagairí nó na n-asbhaintí a éilítear faoi bhearta náisiúnta trasuímh maidir le hAirteagail 57, 61, 63, 63a, 64 agus 66 de Threoir 2006/48/CE, agus maidir le hAirteagal 13 agus le hAirteagal 16 de Threoir 2006/49/CE, agus nach n-éilítear i gcomhréir le Cuid a Dó den Rialachán seo a chur san áireamh in ítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1, de Chaipiteal Leibhéal 1, de Chaipiteal Leibhéal 2 nó in ítimí cistí dílse nó iad a bhaint astu.
|
|
Airteagal 481 2.
|
De mhaolú ar Airteagail 36(1)(i) agus ar Airteagal 49(1), i rith na tréimhse ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2014, féadfaidh na húdaráis inniúla cur de cheangal ar institiúidí nó iad a cheadú na modhanna dá dtagraítear in Airteagal 49(1) a chur i bhfeidhm i gcás nach gcomhlíonfar na ceanglais a leagtar síos i bpointe (b) d'Airteagal 49(1) seachas an asbhaint a cheanglaítear de bhun Airteagal 36(1). Sna cásanna sin, dearbhófar an chomhréir sealúchais ionstraimí cístí dílse de chuid eintitis earnála airgeadais, ar eintiteas é ina bhfuil infheistíocht shuntasach ag an máthairinstitiúid nach gceanglaítear í a asbhaint i gcomhréir le hAirteagal 49(1) ag an gcéatadán is infheidhme dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal sin. Beidh an méid nach n-asbhainfear faoi réir cheanglais Airteagal 49(4), mar is infheidhme.
|
|
Airteagal 481 3.
|
Chun críocha mhír 1, tiocfaidh an céatadán is infheidhme faoi na raonta seo a leanas:
(a)
0 % go 80 % don tréimhse ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2014;
(b)
0 % go 60 % don tréimhse idir an 01.01.15 agus an 31 Nollaig 2015:
(c)
0 % go 40 % don tréimhse ón 01.01.16 go dtí an 31.12.16;
(d)
0 % go 20 % don tréimhse ón 1 Eanáir 2017 go dtí an 31 Nollaig 2017
|
|
Airteagal 481 4.
|
Chun críche mhír 2, beidh an céatadán is infheidhme idir 0 % agus 50 % i rith na tréimhse ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2014;:
|
|
Airteagal 481 5.
|
Maidir le gach scagaire nó asbhaint dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2, déanfaidh údaráis inniúla na céatadáin is infheidhme sna raonta a shonraítear i mír 3 agus mír 4 a chinneadh agus a fhoilsiú.
|
|
Airteagal 481 6.
|
Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála d'fhonn na coinníollacha a shonrú faoina gcinnfidh na húdaráis inniúla an ceart nó nár cheart coigeartuithe a rinneadh ar chistí dílse, nó ar eilimintí díobh, chun críocha an Airteagail seo, i gcomhréir le bearta náisiúnta trasuímh maidir le Treoir 2006/48/CE nó Treoir 2006/49/CE nach n-áirítear i gCuid a Dó den Rialachán seo a dhéanamh ar ítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1, de Chaipiteal Breise Leibhéal 1, de Chaipiteal Leibhéal 2 nó ar ítimí cistí dílse. Cuirfidh an ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 28 Iúil 2013. Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir lehAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|