+Airteagal 490 Ítimí Chaipiteal Leibhéal 2 lena ngabhann dreasacht fuascailte
---+Airteagal 490 1.
---+Airteagal 490 2.
---+Airteagal 490 3.
---+Airteagal 490 4.
---+Airteagal 490 5.
---+Airteagal 490 6.

Airteagal 490 Ítimí Chaipiteal Leibhéal 2 lena ngabhann dreasacht fuascailte

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 490 1.
De mhaolú ar Airteagal 62 agus Airteagal 63, i rith na tréimhse ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2021, maidir le hítimí dá dtagraítear in Airteagal 484(5) a cháiligh faoi na bearta náisiúnta trasuímh maidir le pointe (f) nó le pointe (h) d'Airteagal 57 de Threoir 2006/48/CE agus ina gcuimsítear ina dtéarmaí agus ina gcoinníollacha rogha le dreasacht don institiúid iad a fhuascailt, ►C2  beidh siad faoi réir an Airteagail seo. ◄
Airteagal 490 2.

Cáileoidh na hítimí mar ionstraimí Chaipiteal Leibhéal 2 má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a) 

is roimh an 1 Eanáir 2013 amháin a bhí an institiúid in ann rogha le dreasacht fuascailte a fheidhmiú;

(b) 

níor fheidhmigh an institiúid an rogha;

(c) 

comhlíontar na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 63 ón 1 Eanáir 2013.

Airteagal 490 3.

Cáileoidh na hítimí mar ítimí Chaipiteal Leibhéal 2 i gcomhréir le hAirteagal 484(5) go dtí dáta a n-aibíochta iarbhír, agus cáileoidh siad ina dhiaidh sin mar ítimí Chaipiteal Leibhéal 2, i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:

(a) 

is an 1 Eanáir 2013 nó ina dhiaidh sin amháin a bhí an institiúid in ann rogha le dreasacht fuascailte a fheidhmiú;

(b) 

níor fheidhmigh an institiúid an rogha ar dháta aibíochta iarbhír na n-ítimí;

(c) 

comhlíontar na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 63 ó dháta aibíochta iarbhír na n-ítimí.

Airteagal 490 4.

Ní cháileoidh na hítimí mar ítimí Chaipiteal Leibhéal 2 ón 1 Eanáir 2013 i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:

▼B

(a) 

is idir an 31 Nollaig 2011 agus an 1 Eanáir 2013 amháin a bhí an institiúid in ann rogha le dreasacht fuascailte a fheidhmiú;

(b) 

níor fheidhmigh an institiúid an rogha ar dháta aibíochta iarbhír na n-ítimí;

(c) 

ní chomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 60 ó dháta aibíochta iarbhír na n-ítimí.

Airteagal 490 5.

Cáileoidh na hítimí mar ítimí Chaipiteal Leibhéal 2 a bhfuil aithint laghdaithe acu i gcomhréir le hAirteagal 484(5) go dtí dáta a n-aibíochta iarbhír, agus ní cháileoidh siad ina dhiaidh sin mar ítimí Chaipiteal Leibhéal 2, i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:

(a) 

is an 1 Eanáir 2013 nó ina dhiaidh sin a bhí an institiúid in ann rogha le dreasacht fuascailte a fheidhmiú;

(b) 

níor fheidhmigh an institiúid an rogha ar dháta a n-aibíochta iarbhír;

(c) 

ní chomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 63 ó dháta aibíochta iarbhír na n-ítimí.

Airteagal 490 6.

Cáileoidh ítimí mar ítimí Chaipiteal Leibhéal 2 i gcomhréir le hAirteagal 484(5), i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:

(a) 

is an 31 Nollaig 2011 nó roimhe sin amháin a bhí an institiúid in ann rogha le dreasacht fuascailte a fheidhmiú;

(b) 

níor fheidhmigh an institiúid an rogha ar dháta aibíochta iarbhír na n-ítimí;

(c) 

ní chomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 63 ó dháta aibíochta iarbhír na n-ítimí.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas