+Airteagal 492 Nochtadh cistí dílse
---+Airteagal 492 1.
---+Airteagal 492 2.
---+Airteagal 492 3.
---+Airteagal 492 4.
---+Airteagal 492 5.
|
Airteagal 492 Nochtadh cistí dílse
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 492 1.
|
Cuirfidh na hinstitiúidí an tAirteagal seo i bhfeidhm i rith na tréimhse ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2021
|
|
Airteagal 492 2.
|
I rith na tréimhse ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 1 Nollaig 2015, nochtfaidh institiúidí a mhéid a sháraíonn an leibhéal de Ghnáthchothromas Leibhéal 1 agus de Chaipiteal Leibhéal 1 na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 465.
|
|
Airteagal 492 3.
|
I rith na tréimhse ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2017, nochtfaidh institiúidí an fhaisnéis bhreise seo a leanas maidir lena gcistí dílse:
(a)
maidir leis na scagairí agus na hasbhaintí aonair a cuireadh i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagail 467 go 470, 474, 476 agus 479, an cineál a bhí iontu agus a n-éifeacht ar Ghnáthchothromas Leibhéal 1, ar Chaipiteal Breise Leibhéal 1, ar Chaipiteal Leibhéal 2 agus ar chistí dílse;
(b)
méideanna na leasanna mionlaigh agus na n-ionstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1 agus de Chaipiteal Leibhéal 2, agus an tuilleamh coinnithe gaolmhara agus na cuntais scairbhisigh ghaolmhara, a d'eisigh fochuideachtaí a áirítear i nGnáthchothromas Leibhéal 1 comhdhlúite, i gCaipiteal Breise Leibhéal 1 comhdhlúite, nó i gCaipiteal Leibhéal 2 comhdhlúite nó i gcistí dílse comhdhlúite i gcomhréir le Roinn 4 de Chaibidil 1;
(c)
éifeacht na scagairí agus na n-asbhaintí aonair, a cuireadh i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 481, ar Ghnáthchothromas Leibhéal 1, ar Chaipiteal Breise Leibhéal 1, ar Chaipiteal Leibhéal 2 agus ar chistí dílse;
(d)
cineál agus méideanna na n-ítimí a cháilíonn mar ítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1, de Chaipiteal Leibhéal 1 agus de Chaipiteal Leibhéal 2 de bhua na maoluithe a shonraítear i Roinn 2 de Chaibidil 2 a chur i bhfeidhm.
|
|
Airteagal 492 4.
|
I rith na tréimhse ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2021, nochtfaidh institiúidí méid na n-ionstraimí a cháilíonn mar ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1, de Chaipiteal Breise Leibhéal 1 agus de Chaipiteal Leibhéal 2 de bhua Airteagal 484 a chur i bhfeidhm.
|
|
Airteagal 492 5.
|
Forbróidh ÚBE dréacht-chaighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun an teimpléad aonfhoirmeach maidir le nochtadh a shonrú don nochtadh faoin Airteagal seo. Cuimseoidh na teimpléid na hítimí a liostaítear in Airteagal 437, mír 1, pointí (a), (b), (d) agus (e), a leasaítear le Caibidil 1 agus 2 den Teideal seo. Cuirfidh an ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla chur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 28 Iúil 2013. Tugtar cumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir lehAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|