|
+Airteagal 492 3. |
Airteagal 492 3.I rith na tréimhse ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2017, nochtfaidh institiúidí an fhaisnéis bhreise seo a leanas maidir lena gcistí dílse:
(a)
maidir leis na scagairí agus na hasbhaintí aonair a cuireadh i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagail 467 go 470, 474, 476 agus 479, an cineál a bhí iontu agus a n-éifeacht ar Ghnáthchothromas Leibhéal 1, ar Chaipiteal Breise Leibhéal 1, ar Chaipiteal Leibhéal 2 agus ar chistí dílse;
(b)
méideanna na leasanna mionlaigh agus na n-ionstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1 agus de Chaipiteal Leibhéal 2, agus an tuilleamh coinnithe gaolmhara agus na cuntais scairbhisigh ghaolmhara, a d'eisigh fochuideachtaí a áirítear i nGnáthchothromas Leibhéal 1 comhdhlúite, i gCaipiteal Breise Leibhéal 1 comhdhlúite, nó i gCaipiteal Leibhéal 2 comhdhlúite nó i gcistí dílse comhdhlúite i gcomhréir le Roinn 4 de Chaibidil 1;
(c)
éifeacht na scagairí agus na n-asbhaintí aonair, a cuireadh i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 481, ar Ghnáthchothromas Leibhéal 1, ar Chaipiteal Breise Leibhéal 1, ar Chaipiteal Leibhéal 2 agus ar chistí dílse;
(d)
cineál agus méideanna na n-ítimí a cháilíonn mar ítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1, de Chaipiteal Leibhéal 1 agus de Chaipiteal Leibhéal 2 de bhua na maoluithe a shonraítear i Roinn 2 de Chaibidil 2 a chur i bhfeidhm. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|