+Airteagal 494d Filleadh ar chur chuige nach bhfuil chomh sofaisticiúil céanna

Airteagal 494d Filleadh ar chur chuige nach bhfuil chomh sofaisticiúil céanna

Airteagal 494d

Filleadh ar chur chuige nach bhfuil chomh sofaisticiúil céanna

De mhaolú ar Airteagal 149, féadfaidh institiúid, ón 9 Iúil 2024 go dtí an 10 Iúil 2027, filleadh ar chineálacha cur chuige nach bhfuil chomh sofaisticiúil céanna le haghaidh ceann amháin nó níos mó de na haicmí neamhchosanta dá dtagraítear in Airteagal 147(2), i gcás ina gcomhlíontar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:

(a) 

ba ann don institiúid cheana an 8 Iúil 2024 agus í údaraithe ag a húdarás inniúil chun na haicmí neamhchosanta sin a láimhseáil faoi Chur Chuige IRB;

(b) 

ní iarrann an institiúid chun filleadh ar chur chuige nach bhfuil chomh sofaisticiúil céanna ach uair amháin feadh na tréimhse 3 bliana sin;

(c) 

ní dhéantar an iarraidh chun filleadh ar chur chuige nach bhfuil chomh sofaisticiúil céanna d’fhonn dul i mbun arbatráiste rialála;

(d) 

thug an institiúid fógra foirmiúil don údarás inniúil gur mian léi filleadh ar chur chuige nach bhfuil chomh sofaisticiúil céanna le haghaidh na n-aicmí neamhchosanta sin 6 mhí ar a laghad sula bhfilleann sí ar an gcur chuige sin ar bhealach éifeachtach;

(e) 

níor chuir an t-údarás inniúil i gcoinne iarraidh na hinstitiúide chun filleadh laistigh de 3 mhí ón dáta a fuair sé an fógra dá dtagraítear i bpointe (d).

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas