+Airteagal 495 Neamhchosaintí ar chothromas faoi Chur Chuige IRB a láimhseáil
---+Airteagal 495 1.
---+Airteagal 495 2.
---+Airteagal 495 3.
---+Airteagal 495 4.
|
Airteagal 495 Neamhchosaintí ar chothromas faoi Chur Chuige IRB a láimhseáil
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 495 1.
|
De mhaolú ar Airteagal 107(1), déanfaidh institiúidí a mbeidh cead tugtha dóibh Cur Chuige IRB a chur i bhfeidhm chun an méid neamhchosanta a ualaítear ó thaobh riosca de a ríomh do neamhchosaintí ar chothromas, go dtí an 31 Nollaig 2029 agus gan dochar d’Airteagal 495a(3), an méid neamhchosanta a ualaítear ó thaobh riosca de a ríomh maidir le gach neamhchosaint ar chothromas a mbeidh cead tugtha dóibh Cur Chuige IRB a chur i bhfeidhm ina leith mar an méid is airde díobh seo a leanas:
(a)
an méid neamhchosanta a ualaítear ó thaobh riosca a ríomhtar i gcomhréir le hAirteagal 495 a (1) agus (2);
(b)
an méid neamhchosanta a ualaítear ó thaobh riosca arna ríomh faoin Rialachán seo sa leagan is infheidhme an 8 Iúil 2024.
|
|
Airteagal 495 2.
|
Seachas an láimhseáil a leagtar síos i mír 1 a chur i bhfeidhm, féadfaidh institiúidí ar tugadh cead dóibh Cur Chuige IRB a chur i bhfeidhm chun méid na neamhchosanta a ualaítear ó thaobh riosca a ríomh le haghaidh neamhchosaintí ar chothromas an láimhseáil a leagtar amach in Airteagal 133 a chur i bhfeidhm ar a neamhchosaintí uile ar chothromas tráth ar bith go dtí an 31 Nollaig 2029. I gcás ina gcuireann institiúidí an chéad fhomhír den mhír seo i bhfeidhm, ní bheidh feidhm ag Airteagal 495a(1) agus (2). Chun críocha na míre seo, ní bheidh feidhm ag na coinníollacha chun filleadh ar na cineálacha cur chuige nach bhfuil chomh sofaisticiúil céanna a leagtar amach in Airteagal 149 a úsáid.
|
|
Airteagal 495 3.
|
Déanfaidh institiúidí a chuireann an láimhseáil a leagtar síos i mír 1 den Airteagal seo i bhfeidhm méid an chaillteanais ionchasaigh a ríomh i gcomhréir le hAirteagal 158(7), (8) nó (9), de réir mar is infheidhme, sa leagan de na míreanna sin is infheidhme an 8 Iúil 2024 agus Airteagal 36(1), pointe (d), agus Airteagal 62, pointe (d), de réir mar is infheidhme, a chur i bhfeidhm sa leagan de na pointí sin is infheidhme an 8 Iúil 2024 i gcás ina bhfuil an méid neamhchosanta a ualaítear ó thaobh riosca a ríomhtar de bhun mhír 1, pointe (b), den Airteagal seo níos airde ná an méid neamhchosanta a ualaítear ó thaobh riosca a ríomhtar de bhun mhír 1, pointe (a), den Airteagal seo.
|
|
Airteagal 495 4.
|
I gcás ina n-iarrann institiúidí cead chun Cur Chuige IRB a chur i bhfeidhm chun an méid neamhchosanta a ualaítear ó thaobh riosca a ríomh le haghaidh neamhchosaintí ar chothromas, ní thabharfaidh na húdaráis inniúla an cead sin tar éis an 31 Nollaig 2024.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|