|
+Airteagal 495b 3. |
Airteagal 495b 3.De mhaolú ar Airteagal 122a(3), pointe (a), féadfar ualú riosca 80 % a shannadh do neamhchosaintí ar iasachtú speisialaithe dá dtagraítear sa phointe sin nach bhfuil measúnú creidmheasa is infheidhme go díreach ag IMCS ainmnithe ar fáil ina leith, go dtí an 31 Nollaig 2032, i gcás nach gcuirtear an coigeartú ar cheanglais cistí dílse le haghaidh riosca creidmheasa dá dtagraítear in Airteagal 501a i bhfeidhm agus i gcás ina meastar go bhfuil ardcháilíocht ag baint leis an neamhchosaint agus na critéir seo a leanas ar fad á gcur san áireamh:
(a)
is féidir leis an oibleagáideoir a oibleagáidí airgeadais a chomhlíonadh fiú má bhíonn dálaí dianstruis ann i ngeall ar na gnéithe seo a leanas go léir:
(i)
neamhchosaint leordhóthanach ar luach na neamhchosanta;
(ii)
próifíl choimeádach aisíocaíochta na neamhchosanta;
(iii)
saolré chomhréireach na sócmhainní a bheidh fágtha ar íocaíocht iomlán na neamhchosanta nó dul i muinín mar rogha air sin soláthraí cosanta ag a bhfuil acmhainneacht ard creidmheasa;
(iv)
riosca athmhaoiniúcháin íseal na neamhchosanta ag an oibleagáideoir nó tá an riosca sin maolaithe go leordhóthanach ag luach sócmhainne iarmharaí ar comhchéim leis nó tá sé in ann dul i muinín soláthraí cosanta a bhfuil acmhainneacht ard creidmheasa aige;
(v)
tá srianta conarthacha ag an oibleagáideoir ar a ghníomhaíocht agus ar a struchtúr cistiúcháin;
(vi)
chun críocha maolaithe riosca amháin a úsáideann an féichiúnaí díorthach;
(vii)
tá bainistiú ceart á dhéanamh ar rioscaí oibriúcháin ábharacha;
(b)
mar gheall ar na socruithe conarthacha ar na sócmhainní, tá ardleibhéal cosanta ag na hiasachtóirí, lena n-áirítear na gnéithe seo a leanas:
(i)
tá ceart tosaíochta is infhorfheidhmithe le dlí ag na hiasachtóirí ar na sócmhainní arna maoiniú agus, i gcás inarb infheidhme, ar an ioncam a ghineann siad;
(ii)
tá srianta conarthacha ar chumas an oibleagáideora athruithe a dhéanamh ar an tsócmhainn a mbeadh tionchar diúltach acu ar a luach;
(iii)
i gcás ina bhfuil an tsócmhainn á tógáil, tá ceart tosaíochta infhorfheidhmithe le dlí ag na hiasachtóirí ar na sócmhainní agus ar na conarthaí tógála foluiteacha;
(c)
comhlíonann na sócmhainní atá á maoiniú gach ceann de na caighdeáin seo a leanas chun feidhmiú ar bhealach fónta agus éifeachtach:
(i)
déantar tástáil ar theicneolaíocht agus dearadh na sócmhainne;
(ii)
fuarthas na ceadúnais agus na húdaruithe uile is gá chun na sócmhainní a fheidhmiú;
(iii)
i gcás ina bhfuil an tsócmhainn á tógáil, tá go leor cosaintí ag an oibleagáideoir ar na sonraíochtaí, an buiséad agus dáta críochnaithe na sócmhainne a comhaontaíodh, lena n-áirítear ráthaíochtaí láidre maidir le críochnú nó rannpháirtíocht tógálaí, ag a bhfuil taithí, agus forálacha conartha leordhóthanacha maidir le damáistí leachtaithe. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|