+Airteagal 495b Socruithe idirthréimhseacha le haghaidh neamhchosaintí iasachtaithe speisialaithe
---+Airteagal 495b 1.
---+Airteagal 495b 2.
---+Airteagal 495b 3.
---+Airteagal 495b 4.
|
Airteagal 495b Socruithe idirthréimhseacha le haghaidh neamhchosaintí iasachtaithe speisialaithe
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 495b 1.
|
De mhaolú ar Airteagal 161(4), is iad na híosrátaí ionchuir LGD dá bhforáiltear in Airteagal 161(4) a bheidh ina n-íosrátaí ionchuir LGD is infheidhme maidir le neamhchosaintí ar iasachtú speisialaithe a láimhseáiltear faoi Chur Chuige IRB i gcás ina n-úsáidtear féinmheastacháin ar LGD, agus na híosrátaí sin arna n-iolrú faoi na fachtóirí seo a leanas:
(a)
50 % le linn na tréimhse ón 1 Eanáir 2025 go dtí an 31 Nollaig 2027;
(b)
80 % le linn na tréimhse ón 1 Eanáir 2028 go dtí an 31 Nollaig 2028;
(c)
100 % le linn na tréimhse ón 1 Eanáir 2029 go dtí an 31 Nollaig 2029.
|
|
Airteagal 495b 2.
|
Ullmhóidh ÚBE tuarascáil ar chalabrú iomchuí na bparaiméadar riosca, lena n-áirítear an paraiméadar caolchorrlaigh, is infheidhme maidir le neamhchosaintí ar iasachtú speisialaithe faoi Chur Chuige IRB, agus go háirithe maidir lena mheastacháin LGD féin agus íosrátaí ionchuir LGD do gach catagóir shonrach neamhchosaintí ar iasachtú speisialaithe dá dtagraítear in Airteagal 147(8). Áireoidh ÚBE go háirithe ina shonraí tuarascála ar mheánlíonta mainneachtana agus na caillteanais réadaithe a tharla san Aontas le haghaidh cineálacha éagsúla institiúidí a bhfuil próifílí gnó agus riosca éagsúla acu. Molfaidh ÚBE calabrúcháin shonracha na bparaiméadar riosca, lena n-áirítear an paraiméadar caolchorrlaigh, lena léireofaí an phróifíl riosca shonrach agus éagsúil le haghaidh gach catagóire ar leith de neamhchosaintí ar iasachtú speisialaithe. Cuirfidh ÚBE an tuarascáil sin faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin faoin 10 Iúil 2026. Ar bhonn na tuarascála sin, agus aird chuí aige ar na caighdeáin ábhartha a d’fhorbair CBMB arna gcomhaontú go hidirnáisiúnta, i gcás inarb iomchuí, cuirfidh an Coimisiún togra reachtach faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle faoin 31 Nollaig 2027.
|
|
Airteagal 495b 3.
|
De mhaolú ar Airteagal 122a(3), pointe (a), féadfar ualú riosca 80 % a shannadh do neamhchosaintí ar iasachtú speisialaithe dá dtagraítear sa phointe sin nach bhfuil measúnú creidmheasa is infheidhme go díreach ag IMCS ainmnithe ar fáil ina leith, go dtí an 31 Nollaig 2032, i gcás nach gcuirtear an coigeartú ar cheanglais cistí dílse le haghaidh riosca creidmheasa dá dtagraítear in Airteagal 501a i bhfeidhm agus i gcás ina meastar go bhfuil ardcháilíocht ag baint leis an neamhchosaint agus na critéir seo a leanas ar fad á gcur san áireamh:
(a)
is féidir leis an oibleagáideoir a oibleagáidí airgeadais a chomhlíonadh fiú má bhíonn dálaí dianstruis ann i ngeall ar na gnéithe seo a leanas go léir:
(i)
neamhchosaint leordhóthanach ar luach na neamhchosanta;
(ii)
próifíl choimeádach aisíocaíochta na neamhchosanta;
(iii)
saolré chomhréireach na sócmhainní a bheidh fágtha ar íocaíocht iomlán na neamhchosanta nó dul i muinín mar rogha air sin soláthraí cosanta ag a bhfuil acmhainneacht ard creidmheasa;
(iv)
riosca athmhaoiniúcháin íseal na neamhchosanta ag an oibleagáideoir nó tá an riosca sin maolaithe go leordhóthanach ag luach sócmhainne iarmharaí ar comhchéim leis nó tá sé in ann dul i muinín soláthraí cosanta a bhfuil acmhainneacht ard creidmheasa aige;
(v)
tá srianta conarthacha ag an oibleagáideoir ar a ghníomhaíocht agus ar a struchtúr cistiúcháin;
(vi)
chun críocha maolaithe riosca amháin a úsáideann an féichiúnaí díorthach;
(vii)
tá bainistiú ceart á dhéanamh ar rioscaí oibriúcháin ábharacha;
(b)
mar gheall ar na socruithe conarthacha ar na sócmhainní, tá ardleibhéal cosanta ag na hiasachtóirí, lena n-áirítear na gnéithe seo a leanas:
(i)
tá ceart tosaíochta is infhorfheidhmithe le dlí ag na hiasachtóirí ar na sócmhainní arna maoiniú agus, i gcás inarb infheidhme, ar an ioncam a ghineann siad;
(ii)
tá srianta conarthacha ar chumas an oibleagáideora athruithe a dhéanamh ar an tsócmhainn a mbeadh tionchar diúltach acu ar a luach;
(iii)
i gcás ina bhfuil an tsócmhainn á tógáil, tá ceart tosaíochta infhorfheidhmithe le dlí ag na hiasachtóirí ar na sócmhainní agus ar na conarthaí tógála foluiteacha;
(c)
comhlíonann na sócmhainní atá á maoiniú gach ceann de na caighdeáin seo a leanas chun feidhmiú ar bhealach fónta agus éifeachtach:
(i)
déantar tástáil ar theicneolaíocht agus dearadh na sócmhainne;
(ii)
fuarthas na ceadúnais agus na húdaruithe uile is gá chun na sócmhainní a fheidhmiú;
(iii)
i gcás ina bhfuil an tsócmhainn á tógáil, tá go leor cosaintí ag an oibleagáideoir ar na sonraíochtaí, an buiséad agus dáta críochnaithe na sócmhainne a comhaontaíodh, lena n-áirítear ráthaíochtaí láidre maidir le críochnú nó rannpháirtíocht tógálaí, ag a bhfuil taithí, agus forálacha conartha leordhóthanacha maidir le damáistí leachtaithe.
|
|
Airteagal 495b 4.
|
Ullmhóidh ÚBE tuarascáil ina ndéanfar anailís ar an méid seo a leanas:
(a)
éabhlóid na dtreochtaí agus na ndálaí i margaí le haghaidh maoiniú réada san Aontas;
(b)
riosca éifeachtach na neamhchosaintí um maoiniú réada le linn timthriall eacnamaíoch iomlán;
(c)
tionchar na láimhseála a leagtar amach in Airteagal 122a(3), pointe (a), ar cheanglais cistí dílse maidir le neamhchosaintí um maoiniú réada, gan Airteagal 465(1) a chur san áireamh;
(d)
oiriúnacht an tsainmhínithe ar an bhfo-aicme “maoiniú réada ardchaighdeáin” agus láimhseáil stuamachta éagsúil a shannadh don fho-aicme sin de neamhchosaintí.
Cuirfidh ÚBE an tuarascáil sin faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin faoin 31 Nollaig 2030. Ar bhonn na tuarascála sin, agus aird chuí aige ar na caighdeáin ábhartha a d’fhorbair CBMB arna gcomhaontú go hidirnáisiúnta, i gcás inarb iomchuí, cuirfidh an Coimisiún togra reachtach faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle faoin 31 Nollaig 2031.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|