+Airteagal 495c Socruithe idirthréimhseacha le haghaidh neamhchosaintí ar iasachtú mar theicníc um maolú riosca creidmheasa
---+Airteagal 495c 1.
---+Airteagal 495c 2.
|
Airteagal 495c Socruithe idirthréimhseacha le haghaidh neamhchosaintí ar iasachtú mar theicníc um maolú riosca creidmheasa
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 495c 1.
|
De mhaolú ar Airteagal 230, is é luach Hc le haghaidh “comhthaobhacht fhisiceach eile” dá bhforáiltear in Airteagal 230(2), Tábla 1, arna iolrú leis na fachtóirí seo a leanas, a bheidh i luach Hc is infheidhme a chomhfhreagraíonn do “comhthaobhacht fhisiceach eile” le haghaidh neamhchosaintí dá dtagraítear in Airteagal 199(7) i gcás ina gcomhfhreagraíonn an tsócmhainn léasaithe don chineál “comhthaobhacht fhisiceach eile” de chosaint creidmheasa chistithe:
(a)
50 % le linn na tréimhse ón 1 Eanáir 2025 go dtí an 31 Nollaig 2027;
(b)
80 % le linn na tréimhse ón 1 Eanáir 2028 go dtí an 31 Nollaig 2028;
(c)
100 % le linn na tréimhse ón 1 Eanáir 2029 go dtí an 31 Nollaig 2029.
|
|
Airteagal 495c 2.
|
Ullmhóidh ÚBE tuarascáil ar chalabrúchán iomchuí na bparaiméadar riosca a bhaineann le neamhchosaintí ar léasú faoin gCur Chur Chuige IRB, agus ar ualuithe riosca faoin gCur Chuige Caighdeánaithe, agus go háirithe ar LGDs agus Hc dá bhforáiltear in Airteagal 230. Áireoidh ÚBE go háirithe ina shonraí tuarascála ar mheánlíonta mainneachtana agus na caillteanais réadaithe a tharla san Aontas le haghaidh neamhchosaintí a bhaineann le cineálacha éagsúla réadmhaoine léasaithe agus cineálacha éagsúla institiúidí a bhfuil gníomhaíochtaí léasaithe ar siúl acu. Cuirfidh ÚBE an tuarascáil sin faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin faoin 10 Iúil 2027. Ar bhonn na tuarascála sin, agus na caighdeáin a d’fhorbair CBMB arna gcomhaontú go hidirnáisiúnta á gcur san áireamh, cuirfidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, togra reachtach faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle faoin 31 Nollaig 2028.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|