+Airteagal 495d Socruithe idirthréimhseacha le haghaidh gealltanais neamhchoinníollacha atá inchealaithe
---+Airteagal 495d 1.
---+Airteagal 495d 2.

Airteagal 495d Socruithe idirthréimhseacha le haghaidh gealltanais neamhchoinníollacha atá inchealaithe

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 495d 1.

De mhaolú ar Airteagal 111(2), déanfaidh institiúidí luach neamhchosanta ítime atá lasmuigh den chlár comhardaithe a ríomh i bhfoirm gealltanas atá inchealaithe go neamhchoinníollach tríd an gcéatadán dá bhforáiltear san Airteagal sin a iolrú faoi na fachtóirí seo a leanas:

(a) 

0 % le linn na tréimhse ón 1 Eanáir 2025 go dtí an 31 Nollaig 2029;

(b) 

25 % le linn na tréimhse ón 1 Eanáir 2030 go dtí an 31 Nollaig 2030;

(c) 

50 % le linn na tréimhse ón 1 Eanáir 2031 go dtí an 31 Nollaig 2031;

(d) 

75 % le linn na tréimhse ón 1 Eanáir 2032 go dtí an 31 Nollaig 2032.

Airteagal 495d 2.
Ullmhóidh ÚBE tuarascáil ina ndéanfar measúnú ar cibé ba cheart, nó nár cheart, an maolú dá dtagraítear i mír 1, pointe (a), a shíneadh níos faide ná an 31 Nollaig 2032 agus ina sonrófar, i gcás inar gá, na coinníollacha faoinar cheart an maolú sin a choinneáil ar bun.

Cuirfidh ÚBE an tuarascáil sin faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin faoin 31 Nollaig 2028.

Ar bhonn na tuarascála sin, agus aird chuí aige ar na caighdeáin ábhartha a d’fhorbair CBMB arna gcomhaontú go hidirnáisiúnta agus ar thionchar na gcaighdeán sin ar chobhsaíocht airgeadais, cuirfidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, togra reachtach faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle faoin 31 Nollaig 2031.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas