+Airteagal 500b Risíochtaí áirithe ar bhainc cheannais a eisiamh go sealadach ón tomhas iomlán risíochta i bhfianaise phaindéim COVID-19
---+Airteagal 500b 1.
---+Airteagal 500b 2.

Airteagal 500b Risíochtaí áirithe ar bhainc cheannais a eisiamh go sealadach ón tomhas iomlán risíochta i bhfianaise phaindéim COVID-19

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 500b 1.

De mhaolú ar Airteagal 429(4), go dtí an 27 Meitheamh 2021, féadfaidh institiúid na risíochtaí seo a leanas ar bhanc ceannais na hinstitiúide a eisiamh óna tomhas iomlán risíochta, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach i míreanna 2 agus 3 den Airteagal seo:

(a) 

boinn agus nótaí bainc ar airgeadra dlíthiúil iad i ndlínse an bhainc ceannais;

(b) 

sócmhainní in ionannas le héilimh ar an mbanc ceannais, lena n-áirítear cúlchistí arna sealbhú ag an mbanc ceannais.

Ní mó an méid a eisiann an institiúid ná meánmhéid laethúil na risíochtaí a liostaítear i bpointí (a) agus (b) den chéad fhomhír thar thréimhse cothabhála cúltaca iomlán is déanaí bhanc ceannais na hinstitiúide.

Airteagal 500b 2.

Féadfaidh institiúid na risíochtaí a liostaítear i mír 1 a eisiamh i gcás inar chinn údarás inniúil na hinstitiúide, tar éis dul i gcomhairle leis an mbanc ceannais ábhartha, agus inar fhógair sé go poiblí go bhfuil imthosca eisceachtúla ann a fhágann go bhfuil bonn leis an eisiamh, chun cur chun feidhme beartas airgeadaíochta a éascú.

Comhlíonfaidh na risíochtaí atá le heisiamh faoi mhír 1 an dá choinníoll seo a leanas:

(a) 

tá siad ainmnithe san airgeadra céanna agus atá na taiscí a ghlac an institiúid;

(b) 

ní théann a meánaibíocht go suntasach thar mheánaibíocht na dtaiscí a ghlac an institiúid.

Institiúid a eisiann risíochtaí ar a banc ceannais óna tomhas iomlán risíochta i gcomhréir le mír 1, nochtfaidh sí freisin an cóimheas luamhánaithe a bheadh aici mura ndéanfadh sí na risíochtaí sin a eisiamh.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas