+Airteagal 506 Riosca creidmheasa – árachas creidmheasa

Airteagal 506 Riosca creidmheasa – árachas creidmheasa

Airteagal 506

Riosca creidmheasa – árachas creidmheasa

Faoin 30 Meitheamh 2024, cuirfidh ÚBE, i ndlúthchomhar le ÚEÁPC, tuarascáil chuig an gCoimisiún maidir le hincháilitheacht agus úsáid polasaí árachais creidmheasa mar theicníc um maolú riosca creidmheasa, lena n-áirítear maidir leis an méid seo a leanas:

(a) 

oiriúnacht na bparaiméadar riosca gaolmhar dá dtagraítear i gCuid a Trí, Teideal II, Caibidlí 3 agus 4;

(b) 

anailís ar an riosca éifeachtach agus iarbhír a bhaineann le neamhchosaintí riosca creidmheasa i gcás inar aithníodh árachas creidmheasa mar theicníc um maolú riosca creidmheasa;

(c) 

comhsheasmhacht na gceanglas cistí dílse a leagtar síos sa Rialachán seo agus torthaí na hanailíse faoi phointí (a) agus (b).

Ar bhonn na tuarascála sin, cuirfidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, togra reachtach faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle faoin 31 Nollaig 2024 chun an láimhseáil is infheidhme maidir le hárachas creidmheasa dá dtagraítear i gCuid a Trí, Teideal II, a leasú.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas