+Airteagal 506f Láimhseáil stuamachta idirbheart maoinithe urrús

Airteagal 506f Láimhseáil stuamachta idirbheart maoinithe urrús

Airteagal 506f

Láimhseáil stuamachta idirbheart maoinithe urrús

Faoin 10 Iúil 2026, tuairisceoidh ÚBE chuig an gCoimisiún maidir le tionchar an chreata nua le haghaidh idirbhearta maoinithe urrús i dtéarmaí ceanglas cistí dílse a shanntar d’idirbhearta maoinithe urrús comhfhreagracha ar gníomhaíochtaí de chineál an-ghearrthéarmach iad, agus béim ar leith á leagan ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith aige ar mhargaí fiachais cheannasaigh i dtéarmaí acmhainneacht cruthaithe margaidh agus costais.

Déanfaidh ÚBE measúnú féachaint an iomchuí athchalabrú a dhéanamh ar na hualuithe gaolmhara riosca, i bhfianaise na rioscaí gaolmhara maidir le haibíochtaí, go háirithe i gcás aibíochtaí iarmharacha ar lú iad ná aon bhliain amháin.

Cuirfidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, togra reachtach bunaithe ar an tuarascáil sin faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle faoin 31 Nollaig 2027.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas