|
+Airteagal 509 2. |
Airteagal 509 2.Déanfaidh ÚBE measúnú ina thuarascáil go háirithe ar an méid seo a leanas:
(a)
foráil a dhéanamh do shásraí lena gcuirtear srian ar luach na n-insreabh leachtachta, go háirithe d'fhonn uasteorainn iomchuí insreibhe a chinneadh chomh maith leis na coinníollacha lena cur i bhfeidhm, lena gcuirfear san áireamh samhlacha éagsúla gnó lena n-áirítear maoiniú faoi bhealach, fachtóiriú, léasú, bannaí faoi chumhdach, morgáistí, eisiúint bannaí faoi chumhdach, agus a mhéid ba cheart an chaidhp sin a leasú nó a bhaint chun í a oiriúnú do shonraíochtaí maoinithe speisialaithe;
(b)
calabrúchán an mhéid insreabh agus an mhéid eis-sreabh dá dtagraítear i gCuid a Sé Teideal II go háirithe faoi Airteagal 422(7) agus Airteagal 425 (2).
(c)
sásraí a chur ar fáil lena gcuirtear srianta ar na ceanglais maidir le cumhdach leachtachta ag catagóirí ar leith sócmhainní leachtacha, go háirithe an t-íoschéatadán iomchuí do shócmhainní leachtacha dá dtagraítear i bpointí (a) (b) agus (c) de mhír 1 d'Airteagal 416(1) a mheas go dtí iomlán na sócmhainní leachtacha, lena ndéanfaí tairseach 60 % a thástáil agus lena gcuirtear forbairtí rialála idirnáisiúnta san áireamh. Níor cheart go gcuirfí sócmhainní atá dlite nó inghlaoite laistigh de 30 lá féilire i gcuntas sa teorainn 60 % mura bhfuarthas na sócmhainní i gcoinne comhthaobhachta a cháilíonn freisin faoi phointí (a), (b) agus(c) d'Airteagal 416;
(d)
foráil a dhéanamh do rátaí sonracha níos ísle eis-sreibhe agus/nó rátaí sonracha níos airde insreibhe a le haghaidh sreabh inghrúpaina shonrófar na coinníollacha sin faoina mbeadh údar leis na rátaí sonracha insreibhe nó eis-sreibhe sin ó thaobh stuamachta de agus ina leagfar amach an achoimre ardleibhéil ar mhodheolaíocht ina n-úsáidtear critéir agus paraiméadair oibiachtúla d'fhonn leibhéil shonracha insreabha agus eis-sreabha a chinneadh idir an institiúid agus an contrapháirtí i gcás nach sa Bhallstát céanna atá siad bunaithe.
(e)
calabrú na rátaí íostarraingtí is infheidhme maidir leis an gcreidmheas geallta neamhtharraingthe agus áiseanna leachtachta faoi Airteagal 424(3) agus (5). Déanfaidh ÚBE tástail, go háirithe, ar ráta íostarraingte 100 %;
(f)
an sainmhíniú ar thaisce miondíola i bpointe (2) Airteagal 411, go háirithe a oiriúnaí a bheadh sé tairseach a thabhairt isteach maidir le taiscí daoine nádúrtha;
(g)
an gá le catagóir nua taisce miondíola a thabhairt isteach lena mbaineann eis-sreabhadh níos ísle i bhfianaise saintréithe taiscí den chineál sin lena bhféadfaí bonn cirt a sholáthar d'eis-sreabhadh níos ísle agus lena gcuirtear forbairtí idirnáisiúnta san áireamh;
(h)
maoluithe ó cheanglais maidir le comhdhéanamh na sócmhainní leachtacha a mbeidh sé de cheangal ar institiúidí iad a bheith á sealbhú acu, i gcás inar mó riachtanais chuí-réasúnaithe chomhchoiteanna na n-institiúidí le haghaidh sócmhainní leachtacha ná líon na sócmhainní leachtacha sin atá ar fáil in airgeadra ar leith agus coinníollacha ar cheart do mhaoluithe sin bheith faoina réir;
(i)
an sainmhíniú ar tháirgí airgeadais i gcomhréir le Shari'ah mar mhalairt rogha ar shócmhainní a cháileodh mar shócmhainní leachtachta chun críocha Airteagal 416, lena n-úsáid ag bainc a fheidhmíonn i gcomhréir le Shari'ah.
(j)
an sainmhíniú ar dhálaí struis, lena n-áirítear prionsabail le haghaidh na húsáide a d'fhéadfaí a bhaint as stoc na sócmhainní leachtacha agus na freagairtí maoirseachta a mbeadh gá leo le go mbeadh institiúidí in ann a gcuid sócmhainní leachtacha a úsáid chun freagairt d'eis-sreabha leachtachta agus conas aghaidh a thabhairt ar neamhchomhlíonadh;
(k)
an sainmhíniú ar an ngaol oibríochtúil atá bunaithe le haghaidh custaiméara neamh-airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 422(3)c);
(l)
calabrú an ráta eis-sreabhaidh is infheidhme chun a bheith comhfhreagrach le seirbhísí baincéireachta agus bróicéireachta príómha dá datagraítear sa chéad fhomhír d'Airteagal 422(4);
(m)
sásraí chun marthanú a dhéanamh ar bhannaí atá ráthaithe ag rialtais agus a eisítear chuig institiúidí creidmheasa mar chuid de bhearta tacaíochta Rialtais, a bhfuil formheas státchabhrach an Aontais acu, amhail bannaí arna n-eisiúint ag an nGníomhaireacht Náisiúnta um Bainistíocht Sócmhainní (GNBS) in Éirinn nó an Chuideachta um Bainistíocht Sócmhainní sa Spáinn, atá ceaptha chun sócmhainní is cúis le fadhbanna a bhaint de chláir chomhardaithe institiúidí creidmheasa, mar shócmhainní a bhfuil leachtacht agus cáilíocht chreidmheasa thar a bheith ard acu. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|