+Airteagal 510 6.

Airteagal 510 6.

►M20  Déanfaidh ÚBE faireachán ar mhéid an chistithe chobhsaí a theastaíonn chun an riosca cistiúcháin a chumhdach a bhaineann le hidirbhearta um maoiniú urrús, lena n-áirítear na sócmhainní a fhaightear nó a thugtar sna hidirbhearta sin, agus le hidirbhearta neamhurraithe le custaiméirí airgeadais, i gcás ina bhfuil aibíocht iarmhair is lú ná 6 mhí ag na hidirbhearta sin. Tuairisceoidh ÚBE don Choimisiún faoin 31 Eanáir 2029, agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin, maidir le hiomchuí an cheanglais chistiúcháin chobhsaí sin. Agus forbairtí idirnáisiúnta agus láimhseáil rialála idirbheart comhchosúil i ndlínsí eile á gcur san áireamh, déanfar measúnú sna tuarascálacha sin ar an méid seo a leanas ar a laghad: ◄

(a) 

an deis fachtóir níos airde cistiúcháin chobhsaí nó fachtóir níos ísle cistiúcháin chobhsaí a chur i bhfeidhm ar idirbhearta um maoiniú urrús le custaiméirí airgeadais agus ar idirbhearta neamhurraithe ag a bhfuil aibíocht iarmhair is lú ná sé mhí le custaiméirí airgeadais chun aird níos fearr a thabhairt ar an ►C12  riosca ◄ cistiúcháin a bhaineann leo in imeacht thréimhse aon bhliana an chóimheasa glanchistiúcháin chobhsaí agus ar na héifeachtaí gabhála a d'fhéadfadh a bheith idir chustaiméirí airgeadais;

(b) 

an deis an láimhseáil a leagtar amach i bpointe (g) d'Airteagal 428r(1) a chur i bhfeidhm ar idirbhearta um maoiniú urrús arna gcomhthaobhú le cineálacha eile sócmhainní;

(c) 

an deis fachtóirí cistiúcháin chobhsaí a chur i bhfeidhm ar ítimí lasmuigh den chlár comhardaithe arna n-úsáid in idirbhearta um maoiniú urrús agus idirbhearta caipitil faoi thionchar an mhargaidh de rogha ar an láimhseáil a leagtar amach in Airteagal 428p(5);

▼M20

(d) 

leordhóthanacht na láimhseála neamhshiméadraí idir dliteanais ag a bhfuil aibíocht iarmhair is lú ná 6 mhí arna soláthar ag custaiméirí airgeadais atá faoi réir fachtóir 0 % den chistiú cobhsaí atá ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 428k(3), pointe (c), agus sócmhainní a thagann as idirbhearta ag a bhfuil aibíocht iarmhair is lú ná 6 mhí le custaiméirí airgeadais atá faoi réir fachtóir cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh 0 %, 5 % nó 10 % i gcomhréir le hAirteagal 428r(1), pointe (g), le hAirteagal 428s(1), pointe (b) agus le hAirteagal 428v, pointe (a);

(e) 

an tionchar a bheadh ag tabhairt isteach fachtóirí cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh is airde nó is ísle le haghaidh idirbhearta um maoiniú urrús, go háirithe idirbhearta ag a bhfuil aibíocht iarmhair is lú ná 6 mhí, le custaiméirí airgeadais, ar na nithe seo a leanas:

(i) 

struchtúr praghsanna na n-idirbheart sin; agus

(ii) 

leachtacht mhargaidh sócmhainní a fhaightear mar chomhthaobhacht sna hidirbhearta sin, go háirithe bannaí ceannasacha agus bannaí corparáideacha;

▼M8

(f) 

an tionchar a bheadh ag na hathruithe atá beartaithe ar mhéid an chistiúcháin chobhsaí is gá le haghaidh idirbhearta na n-institiúidí sin, go háirithe le haghaidh idirbhearta um maoiniú urrús ag a bhfuil aibíocht iarmhair is lú ná sé mhí le custaiméirí airgeadais i gcás ina bhfaightear bannaí ceannasacha mar chomhthaobhacht sna hidirbhearta sin.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas