+Airteagal 513 Rialacha macrastuamachta
---+Airteagal 513 1.
---+Airteagal 513 2.
|
Airteagal 513 Rialacha macrastuamachta
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 513 1.
|
Faoin 30 Meitheamh 2022, agus gach cúig bliana ina dhiaidh sin, measfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle le BERS agus ÚBE, cibé acu is leor nó nach leor na rialacha macrastuamachta sa Rialachán seo agus i dTreoir 2013/36/AE chun
►C12
riosca ◄ shistéamacha a mhaolú in earnálacha, i réigiúin, agus i mBallstáit, agus measfaidh sé freisin:
(a)
an bhfuil na huirlisí macrastuamachta reatha atá sa Rialachán nó i dTreoir 2013/36/AE éifeachtach, éifeachtúil agus trédhearcach;
(b)
an leordhóthanach an cumhdach agus an méid forluí a d'fhéadfadh a bheith ann leis na huirlisí macrastuamachta chun díriú ar phriacail chomhchosúla sa Rialachán nó i dTreoir 2013/36/AE agus rialacha nua macrastuamachta a mholadh más iomchuí;
(c)
an chaoi a n-idirghníomhaíonn na caighdeáin chomhaontuithe idirnáisiúnta d'institiúidí sistéamacha leis na forálacha atá sa Rialachán seo nó i dTreoir 2013/36/AE agus molfaidh sé rialacha nua macrastuamachta más iomchuí lena gcuirfí na caighdeáin chomhaontuithe idirnáisiúnta san áireamh;
(d)
ar cheart cineálacha eile ionstraimí, amhail ionstraimí iasachtaí-bhunaithe, a chur leis na huirlisí macrastuamachta dá bhforáiltear sa Rialachán seo agus i dTreoir 2013/36/AE chun ionstraimí caipitealbhunaithe a chomhlánú agus chun úsáid chomhchuibhithe na n-ionstraimí sa mhargadh inmheánach a cheadú; á chur san áireamh an bhfuil sainmhínithe comhchuibhithe na n-ionstraimí sin, agus tuairisciú a sonraí faoi seach ar leibhéal an Aontais, réamhriachtanach maidir le hionstraimí den chineál sin a thabhairt isteach;
(e)
ar cheart an ceanglas maoláin cóimheasa luamhánaithe dá dtagraítear in Airteagal 92(1a) a chur i bhfeidhm freisin maidir le hinstitiúidí a bhfuil tábhacht shistéamach leo agus nach G-SIInna iad, ar cheart a chalabrú a bheith éagsúil ón gcalabrú do G-SIInna, agus ar cheart a chalabrú a bheith ag brath ar leibhéal thábhacht shistéamach na hinstitiúide;
(f)
ar cheart an chómhalartacht dheonach atá ann faoi láthair maidir le bearta macrastuamachta a dhéanamh éigeantach agus an bonn iomchuí chun é sin a dhéanamh nó nach ea an creat reatha don chómhalartacht dheonach de chuid BERS;
(g)
conas is féidir uirlisí nua a shainordú d'údaráis ábhartha an Aontais agus d'údaráis náisiúnta macrastuamachta chun dul i ngleic le
►C12
riosca ◄ shistéamacha atá ag teacht chun cinn mar gheall ar
►C12
neamhchosainti ◄ institiúidí creidmheasa ar an earnáil neamhbhainc, go háirithe ó mhargaí díorthach agus ó mhargaí idirbheart um maoiniú urrús, ar an earnáil bainistíochta sócmhainní agus ar earnáil an árachais.
|
|
Airteagal 513 2.
|
Faoin 31 Nollaig 2022, agus gach cúig bliana ina dhiaidh sin, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle, bunaithe ar an gcomhairliúchán a dhéanfar le BERS agus le ÚBE, maidir leis an measúnú dá dtagraítear i mír 1 agus, i gcás inarb iomchuí, cuirfidh sé togra reachtach faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|