+Airteagal 513 1.

Airteagal 513 1.

Faoin 30 Meitheamh 2022, agus gach cúig bliana ina dhiaidh sin, measfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle le BERS agus ÚBE, cibé acu is leor nó nach leor na rialacha macrastuamachta sa Rialachán seo agus i dTreoir 2013/36/AE chun ►C12  riosca ◄ shistéamacha a mhaolú in earnálacha, i réigiúin, agus i mBallstáit, agus measfaidh sé freisin:

(a) 

an bhfuil na huirlisí macrastuamachta reatha atá sa Rialachán nó i dTreoir 2013/36/AE éifeachtach, éifeachtúil agus trédhearcach;

(b) 

an leordhóthanach an cumhdach agus an méid forluí a d'fhéadfadh a bheith ann leis na huirlisí macrastuamachta chun díriú ar phriacail chomhchosúla sa Rialachán nó i dTreoir 2013/36/AE agus rialacha nua macrastuamachta a mholadh más iomchuí;

(c) 

an chaoi a n-idirghníomhaíonn na caighdeáin chomhaontuithe idirnáisiúnta d'institiúidí sistéamacha leis na forálacha atá sa Rialachán seo nó i dTreoir 2013/36/AE agus molfaidh sé rialacha nua macrastuamachta más iomchuí lena gcuirfí na caighdeáin chomhaontuithe idirnáisiúnta san áireamh;

(d) 

ar cheart cineálacha eile ionstraimí, amhail ionstraimí iasachtaí-bhunaithe, a chur leis na huirlisí macrastuamachta dá bhforáiltear sa Rialachán seo agus i dTreoir 2013/36/AE chun ionstraimí caipitealbhunaithe a chomhlánú agus chun úsáid chomhchuibhithe na n-ionstraimí sa mhargadh inmheánach a cheadú; á chur san áireamh an bhfuil sainmhínithe comhchuibhithe na n-ionstraimí sin, agus tuairisciú a sonraí faoi seach ar leibhéal an Aontais, réamhriachtanach maidir le hionstraimí den chineál sin a thabhairt isteach;

(e) 

ar cheart an ceanglas maoláin cóimheasa luamhánaithe dá dtagraítear in Airteagal 92(1a) a chur i bhfeidhm freisin maidir le hinstitiúidí a bhfuil tábhacht shistéamach leo agus nach G-SIInna iad, ar cheart a chalabrú a bheith éagsúil ón gcalabrú do G-SIInna, agus ar cheart a chalabrú a bheith ag brath ar leibhéal thábhacht shistéamach na hinstitiúide;

(f) 

ar cheart an chómhalartacht dheonach atá ann faoi láthair maidir le bearta macrastuamachta a dhéanamh éigeantach agus an bonn iomchuí chun é sin a dhéanamh nó nach ea an creat reatha don chómhalartacht dheonach de chuid BERS;

(g) 

conas is féidir uirlisí nua a shainordú d'údaráis ábhartha an Aontais agus d'údaráis náisiúnta macrastuamachta chun dul i ngleic le ►C12  riosca ◄ shistéamacha atá ag teacht chun cinn mar gheall ar ►C12  neamhchosainti ◄ institiúidí creidmheasa ar an earnáil neamhbhainc, go háirithe ó mhargaí díorthach agus ó mhargaí idirbheart um maoiniú urrús, ar an earnáil bainistíochta sócmhainní agus ar earnáil an árachais.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas