+82. Ba cheart d’údaráis inniúla athbhreithniú a dhéanamh ar an bhfaisnéis a cuireadh isteach go …
|
82. Ba cheart d’údaráis inniúla athbhreithniú a dhéanamh ar an bhfaisnéis a cuireadh isteach go …
Ba cheart d’údaráis inniúla athbhreithniú a dhéanamh ar an bhfaisnéis a cuireadh isteach go háirithe mar atá leagtha amach in Airteagal 4, litir a) n. (v)14 de na RTS ar fhaisnéis le haghaidh údaraithe , agus é mar aidhm ullmhacht fhoriomlán an phróisis inmheánaigh mheasúnaithe ar leordhóthanacht leachtachta a mheas, ag féachaint, mar shampla, do na gnéithe seo a leanas: - (a) rialachas leachtachta. Ba cheart d’údaráis inniúla tuiscint shoiléir a fháil ar chumas éifeachtach na hinstitiúide a leachtacht a bhainistiú, lena n-áirítear cibé an bhfuil nó nach bhfuil a ndóthain acmhainní ag na feidhmeanna faoi seach chun bainistíocht fhónta leachtachta a chinntiú agus cibé an bhfuil nó nach bhfuil siad in ann an NSFR agus LCR a ríomh. Ba cheart d’údaráis inniúla tuiscint shoiléir a fháil ar na línte tuairiscithe a cuireadh ar bun chun leachtacht agus rioscaí gaolmhara na hinstitiúide a phlé, lena n-áirítear ábhar beartaithe agus minicíocht na dtuarascálacha don chomhlacht bainistíochta, don bhainistíocht shinsearach agus do choistí ábhartha (más infheidhme) d’fhonn a aimsiú gur féidir leo na hábhair ábhartha a phlé agus dúshlán a thabhairt ina leith;
- (b) an straitéis mhaoinithe agus pleanáil leachtachta. Ba cheart d’údaráis inniúla tuiscint shoiléir a fháil ar chumas na hinstitiúide creidmheasa cásanna a dhearadh, lena n-áirítear tástáil struis agus pleananna maoinithe teagmhasacha;
- (c) an creat um rialuithe inmheánacha leachtachta. Ba cheart go bhfaigheadh údaráis inniúla tuiscint shoiléir ar na próisis atá beartaithe um athbhreithniú, bailíochtú agus cruthú le fianaise (e.g. tuarascálacha, fianaise rialaithe).
14 In Airteagal 4, litir (h) den RTS ar fhaisnéis le haghaidh údaraithe , foráiltear ‘Leagfar amach san iarratas gach ceann díobh seo a leanas maidir le staid airgeadais na hinstitiúide creidmheasa iarrthaí: […] Achoimre ar an measúnú inmheánach ar leordhóthanach leachtacht, ar leibhéil chomhdhlúite, fho-chomhdhlúite agus aonair de réir mar is infheidhme, ag taispeáint go mbeidh acmhainní leachtachta na hinstitiúide creidmheasa leordhóthanach chun a riachtanais leachtachta aonair a chomhlíonadh; […]’.
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- EBA - Published by the European Banking Authority at https://www.eba.europa.eu/
|