+7.2 Modheolaíocht mheasúnaithe
---+74. Ba cheart d’údaráis inniúla athbhreithniú cáilíochtúil a dhéanamh ar straitéis ghnó na …
---+75. Chun na críche seo, ba cheart d’údaráis inniúla dearcadh soiléir a bhaint amach ar: (a) na …
---+76. Agus aird ar leith á tabhairt ar shamhlacha gnó nuálacha agus/nó sásraí seachadta, ba cheart …
---+77. Le tuiscint shoiléir ar an straitéis ghnó pleanáilte, ligfear do na húdaráis inniúla an …
---+78. Ba cheart d’údaráis inniúla dearcadh soiléir a bhaint amach ar na foinsí pleanáilte chun na …
---+79. Ba cheart d’údaráis inniúla measúnú níos déine a dhéanamh, lena n-áirítear ceisteanna …
---+80. Ba cheart costais mhaoinithe a mheas i gcomhthéacs an mheasúnaithe ar an réamhaisnéis …
---+81. Ba cheart do na húdaráis inniúla athbhreithniú a dhéanamh ar an bhfaisnéis a cuireadh isteach …
---+82. Ba cheart d’údaráis inniúla athbhreithniú a dhéanamh ar an bhfaisnéis a cuireadh isteach go …
---+83. Go comhsheasmhach leis an gcur chuige comhréireachta atá leagtha amach i mír 70, ba cheart …
---+84. Nuair is ábhartha, ba cheart d’údaráis inniúla a chinntiú go ngabhtar táscairí leachtachta agus …
---+85. Agus measúnú á dhéanamh ar rioscaí do leachtacht agus do mhaoiniú, ba cheart d’údaráis inniúla …
---+86. Chun tuairim a fháil ar inchreidteacht toimhdí straitéiseacha institiúide, ba cheart d’údaráis …
---+87. Go comhsheasmhach leis an gcur chuige comhréireachta atá leagtha amach i mír 70, ba cheart …
---+88. Chun na críche seo, ba cheart d’údaráis inniúla athbhreithniú a dhéanamh ar an anailís ar na …
---+89. Nuair is iomchuí agus ar anailís cás ar chás, d’fhéadfadh go gcuimseofaí i dtagairt d’imreoirí …
---+90. Go comhsheasmhach leis an gcur chuige comhréireach atá leagtha amach i mír 71 agus ar bhonn cás …
---+91. Maidir leis seo, ba cheart go n-áireofaí sna réimsí le haghaidh anailíse ag údaráis inniúla na …
---+92. Ba cheart d’údaráis inniúla a mheas freisin cibé an bhfuil na réamhaisnéisí airgeadais ag …
---+93. Ba cheart d’údaráis inniúla athbhreithniú cainníochtúil a dhéanamh ar phlean gnó na …
---+94. Ba cheart gurb é cuspóir an athbhreithnithe chainníochtúil ar réamhaisnéisí airgeadais an …
---+95. Ba cheart go léireofaí sa mheasúnú ar na réamhaisnéisí airgeadais straitéis ghnó spriocdhírithe …
---+96. Agus brabúsacht an phlean gnó á meas acu, ba cheart d’údaráis inniúla aird ar leith a thabhairt …
---+97. Chun na gcríoch seo, ba cheart d’údaráis inniúla athbhreithniú a dhéanamh ar an míniú ar …
---+98. B’fhéidir go mbeidh ar údaráis inniúla plean gnó a mheas le tréimhse níos faide, mar shampla …
---+99. A mhéid is féidir agus nuair is iomchuí, ba cheart d’údaráis inniúla comparáid phiaraí ábhartha …
---+100. Ba cheart d’údaráis inniúla smaoineamh ar threochtaí agus cóimheasa brabúsachta a mheas, ag …
---+101. Ba cheart go mbeadh údaráis inniúla in ann tuiscint shoiléir a fháil ar fhoinsí na …
---+102. Go comhsheasmhach le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach i mír 70, ba cheart …
---+103. Ba cheart d’údaráis inniúla tuiscint shoiléir a fháil ar na samhlacha ioncaim éagsúla (e.g. …
---+104. Ba cheart d’údaráis inniúla aird ar leith a thabhairt ar rátaí arda fáis agus ar bhoinn …
---+105. Ba cheart athbhreithniú a dhéanamh ar an spriocstruchtúr costais (e.g. costais saothair …
---+106. Agus aird ar leith á tabhairt ar shamhlacha costais, is dóigh go dtabhóidh institiúidí …
---+107. Bunaithe ar an bplean gnó agus na réamh-mheastacháin airgeadais a cuireadh ar fáil, ba cheart …
---+108. Bunaithe ar an bhfaisnéis athbhreithnithe, ba cheart don údarás inniúil dúshlán a thabhairt do …
---+109. Ba cheart go mbeadh forbairt an dearcadh maoirseachta agus an anailís íogaireachta faoi réir …

7.2 Modheolaíocht mheasúnaithe

7.2.1 Straitéis ghnó

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
74. Ba cheart d’údaráis inniúla athbhreithniú cáilíochtúil a dhéanamh ar straitéis ghnó na …

Ba cheart d’údaráis inniúla athbhreithniú cáilíochtúil a dhéanamh ar straitéis ghnó na hinstitiúide creidmheasa iarrthaí d’fhonn forbhreathnú a bhaint amach ar na cineálacha gníomhaíochtaí atá beartaithe aici a dhéanamh, a ndáileadh geografach, creidiúnacht na mbonn tuisceana agus próifíl riosca ghaolmhar na hinstitiúide creidmheasa iarrthaí.

75. Chun na críche seo, ba cheart d’údaráis inniúla dearcadh soiléir a bhaint amach ar: (a) na …

Chun na críche seo, ba cheart d’údaráis inniúla dearcadh soiléir a bhaint amach ar:

  • (a) na cineálacha gníomhaíochtaí a bhfuil sé beartaithe ag an institiúid creidmheasa iarrthach tabhairt fúthu, lena n-áirítear na línte gnó lárnacha agus neamh-lárnacha a shainaithint agus na cineálacha custaiméirí spriocdhírithe. Ba cheart go mbeadh an anailís seo feidhmiúil chun na gníomhaíochtaí a chumhdaítear leis an údarú a chinneadh, nó, go comhsheasmhach le mír 58, raon feidhme an údaraithe, chomh maith le hinfhaighteacht córas údaraithe oiriúnach eile, de réir mar a bheidh. Ba cheart go dtabharfaí tuiscint don údarás inniúil leis an athbhreithniú ar an bpróifíl riosca ghaolmhar, lena n-áirítear riosca ML/TF, agus an tionchar ar na ceanglais chaipitil, riachtanais leachtachta agus maoinithe chomh maith le socruithe rialachais inmheánaigh.
  • (b) dáileadh geografach na ngníomhaíochtaí, lena n-áirítear a gcleachtadh beartaithe trí fhochuideachtaí agus brainsí nó tríd an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar laistigh den AE nó i dtríú tír, agus an leathnú atá beartaithe don todhchaí. Go háirithe nuair a shamhlaítear leis an tsamhail ghnó úsáid réiteach digiteach, ba cheart d’údaráis inniúla a mheas cibé an dtiocfadh nó nach dtiocfadh na gníomhaíochtaí trasteorann pleanáilte faoin ‘saoirse chun seirbhísí a sholáthar’ nó faoin ‘gceart bunaíochta’. Ba cheart go dtacódh an anailís, i measc nithe eile, le tuiscint na n-údarás inniúil ar an ngá atá le haon cheanglas rialála breise rochtain a fháil ar na spriocmhargaí (e.g. fógra pas), aon riosca rialála gaolmhar, agus an réasúnaíocht ghnó nó airgeadais don struchtúr chorparáideach agus dáileadh geografach atá beartaithe. Ba cheart go dtacódh sé freisin leis an anailís ar an riosca ML/TF a bhaineann le dlínse, a dhéantar i gcomhthéacs an mheasúnaithe ar an struchtúr oibríochta. I gcás go bhfuil sé ar intinn ag institiúid creidmheasa iarrthach cuid mhór dá gníomhaíochtaí a dhéanamh lasmuigh den dlínse inar chuir sí an t-iarratas ar údarú isteach, ba cheart don údarás inniúil, de réir aithris (16) CRD, a mheas cibé an bhfuil nó nach bhfuil sé de chuspóir ag roghnú dlínse an chur i bhfeidhm go seachnófar caighdeáin rialála níos déine (e.g. maidir leis an gcóras AML/CFT) atá i bhfeidhm i mBallstát eile.
  • (c) an straitéis fhoriomlán, ag iniúchadh réasúnaíocht ghnó na hinstitiúide creidmheasa iarrthaí, chomh maith le straitéis fhoriomlán an ghrúpa nuair a bhaineann an t-iarratasóir le grúpa. Áirítear leis seo tuiscint chuí ar na haidhmeanna straitéiseacha, na príomhthiománaithe gnó, aon bhuntáiste iomaíoch aitheanta, cuspóirí cainníochtúla agus cáilíochtúla an phlean gnó, lena n-áirítear táirge nó seirbhís na cuideachta, an luach tairisceana, agus suíomh an mhargaidh.
76. Agus aird ar leith á tabhairt ar shamhlacha gnó nuálacha agus/nó sásraí seachadta, ba cheart …

Agus aird ar leith á tabhairt ar shamhlacha gnó nuálacha agus/nó sásraí seachadta, ba cheart d’údaráis inniúla aird a thabhairt freisin ar an gcur síos ar ghnéithe nuálacha na seirbhísí agus na dtáirgí atá beartaithe, lena n-áirítear aon nochtadh méadaithe féideartha do riosca ML/TF. Ag teacht leis an gcur chuige comhréireachta agus riosca-bhunaithe, féadfaidh údaráis inniúla smaoineamh ar athbhreithniú a dhéanamh ar an míniú bunúsach ar tharraingteacht, praghsáil táirge, struchtúr agus buntáiste comparáideach an táirge nua. Ba cheart athbhreithniú den sórt sin a chomhordú agus a chomhlánú leis an anailís spriocmhargaidh mar a thuairiscítear i roinn 7.2.3, agus an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag na príomhtháscairí seachtracha ar an straitéis ghnó.

77. Le tuiscint shoiléir ar an straitéis ghnó pleanáilte, ligfear do na húdaráis inniúla an …

Le tuiscint shoiléir ar an straitéis ghnó pleanáilte, ligfear do na húdaráis inniúla an straitéis mhaoinithe ghaolmhar, na tosca seachtracha agus inmheánacha ábhartha a mheas chun na haidhmeanna straitéiseacha agus inchreidteacht na mbonn tuisceana cainníochtúla a bhaint amach. Ar an iomlán, ba cheart go dtabharfaí léargas sa mheasúnú don údarás inniúil ar láidreachtaí, laigí, deiseanna agus rioscaí na straitéise gnó.

7.2.2 Struchtúr maoinithe, measúnú leachtachta agus bainistíocht

78. Ba cheart d’údaráis inniúla dearcadh soiléir a bhaint amach ar na foinsí pleanáilte chun na …

Ba cheart d’údaráis inniúla dearcadh soiléir a bhaint amach ar na foinsí pleanáilte chun na gníomhaíochtaí gnó pleanáilte a mhaoiniú, lena n-áirítear foinse (í) an mhéid caipitil tosaigh. Ba cheart d’údaráis inniúla athbhreithniú a dhéanamh ar an bhfaisnéis a chuireann an institiúid creidmheasa iarrthach isteach (go háirithe de bhun Airteagal 4 den RTS ar fhaisnéis le haghaidh údaraithe) chun an phróifíl leachtachta agus an struchtúr dliteanais a mheas, le béim speisialta ar inchreidteacht na mbonn tuisceana. Maidir leis an struchtúr dliteanais, ba cheart do na húdaráis inniúla na foinsí éagsúla maoinithe (cineálacha dliteanas, ionstraimí agus contrapháirtithe), na costais ghaolmhara, na roghanna leabaithe agus a n-aibíochtaí conarthacha agus iompraíochta a mheas. Le léargas soiléir ar an bpróifíl leachtachta agus ar an struchtúr dliteanais, ligfear do na húdaráis inniúla na réamh-mheastacháin do na cóimheasa rialála leachtachta agus maoinithe a mheas amhail an LCR10 agus NSFR11 , agus aird á tabhairt freisin ar a bhforbairt thar an tréimhse pleanála mar gheall ar an méadú de réir a chéile ar ghníomhaíochtaí gnó agus ar chur chun feidhme na straitéise maoinithe (e.g. taisceoirí a mhealladh de réir a chéile) sa chéim bhunaithe. Ba cheart d’údaráis inniúla a chur san áireamh freisin cé go mbíonn tromlach na bhfoinsí maoinithe atá ar fáil seasmhach de gháth sa chéad bhliain de ghníomhaíochtaí (e.g. scairchaipiteal) agus go bhfuil cion na sócmhainní leachtacha ard, d’fhéadfadh forbairt na gcóimheas rialála a bheith éagsúil ag brath ar na gníomhaíochtaí gnó agus straitéis mhaoinithe ghaolmhar atá beartaithe ag an iarratasóir.


10 Féach Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 2015/61 ón gCoimisiún an 10 Deireadh Fómhair 2014 chun Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a fhorlíonadh a mhéid a bhaineann le cumhdach leachtachta le haghaidh Institiúidí Creidmheasa.

11 Féach Teideal IV - Cuid a Sé CRR (tugtha isteach in CRR II).

79. Ba cheart d’údaráis inniúla measúnú níos déine a dhéanamh, lena n-áirítear ceisteanna …

Ba cheart d’údaráis inniúla measúnú níos déine a dhéanamh, lena n-áirítear ceisteanna mionsonraithe a bhaineann le cásanna malartacha féideartha, má thaispeánann an struchtúr maoinithe leibhéil arda comhchruinnithe nó próifíl mhaoinithe neamhchothromaithe (e.g. mí-oiriúnú aibíochta iomarcach).

80. Ba cheart costais mhaoinithe a mheas i gcomhthéacs an mheasúnaithe ar an réamhaisnéis …

Ba cheart costais mhaoinithe a mheas i gcomhthéacs an mheasúnaithe ar an réamhaisnéis airgeadais (féach 7.2.5) mar chuid de bhrabús agus chaillteanas na hinstitiúide creidmheasa iarrthaí agus, nuair is indéanta agus iomchuí, ba cheart iad a chur i gcomparáid le piaraí. Ina theannta sin, ba cheart na boinn tuisceana bhunúsacha - go háirithe na rátaí úis pleanáilte - a mheas i gcoinne na timpeallachta gnó agus maicreacnamaíche.

81. Ba cheart do na húdaráis inniúla athbhreithniú a dhéanamh ar an bhfaisnéis a cuireadh isteach …

Ba cheart do na húdaráis inniúla athbhreithniú a dhéanamh ar an bhfaisnéis a cuireadh isteach, go háirithe mar atá leagtha amach in Airteagal 4, litir (g), n. (ii) go (v)12 den RTS ar fhaisnéis le haghaidh údaraithe , d’fhonn measúnú a dhéanamh ar chumas na hinstitiúide creidmheasa iarrthaí a seasamh leachtachta agus na maoláin choibhneasta a mhaoiniú, faireachán a dhéanamh orthu, iad a nuashonrú agus a thuairisciú, de réir a riachtanas13 .


12 In Airteagal 4, litir (g) den RTS ar fhaisnéis le haghaidh údaraithe , foráiltear go leagfar amach san iarratas ‘breac-chuntas ar na creataí agus na beartais seo a leanas den institiúid creidmheasa iarrthach: […] (b) beartas bainistíochta riosca leachtachta; (c) beartas um chomhchruinniú agus éagsúlú maoinithe; (d) beartas bainistíochta comhthaobhachta; (e) beartas taisce’

13 Féach ar roinn 9.4, Creat rialaithe inmheánaigh.

82. Ba cheart d’údaráis inniúla athbhreithniú a dhéanamh ar an bhfaisnéis a cuireadh isteach go …

Ba cheart d’údaráis inniúla athbhreithniú a dhéanamh ar an bhfaisnéis a cuireadh isteach go háirithe mar atá leagtha amach in Airteagal 4, litir a) n. (v)14 de na RTS ar fhaisnéis le haghaidh údaraithe , agus é mar aidhm ullmhacht fhoriomlán an phróisis inmheánaigh mheasúnaithe ar leordhóthanacht leachtachta a mheas, ag féachaint, mar shampla, do na gnéithe seo a leanas:

  • (a) rialachas leachtachta. Ba cheart d’údaráis inniúla tuiscint shoiléir a fháil ar chumas éifeachtach na hinstitiúide a leachtacht a bhainistiú, lena n-áirítear cibé an bhfuil nó nach bhfuil a ndóthain acmhainní ag na feidhmeanna faoi seach chun bainistíocht fhónta leachtachta a chinntiú agus cibé an bhfuil nó nach bhfuil siad in ann an NSFR agus LCR a ríomh. Ba cheart d’údaráis inniúla tuiscint shoiléir a fháil ar na línte tuairiscithe a cuireadh ar bun chun leachtacht agus rioscaí gaolmhara na hinstitiúide a phlé, lena n-áirítear ábhar beartaithe agus minicíocht na dtuarascálacha don chomhlacht bainistíochta, don bhainistíocht shinsearach agus do choistí ábhartha (más infheidhme) d’fhonn a aimsiú gur féidir leo na hábhair ábhartha a phlé agus dúshlán a thabhairt ina leith;
  • (b) an straitéis mhaoinithe agus pleanáil leachtachta. Ba cheart d’údaráis inniúla tuiscint shoiléir a fháil ar chumas na hinstitiúide creidmheasa cásanna a dhearadh, lena n-áirítear tástáil struis agus pleananna maoinithe teagmhasacha;
  • (c) an creat um rialuithe inmheánacha leachtachta. Ba cheart go bhfaigheadh údaráis inniúla tuiscint shoiléir ar na próisis atá beartaithe um athbhreithniú, bailíochtú agus cruthú le fianaise (e.g. tuarascálacha, fianaise rialaithe).

14 In Airteagal 4, litir (h) den RTS ar fhaisnéis le haghaidh údaraithe , foráiltear ‘Leagfar amach san iarratas gach ceann díobh seo a leanas maidir le staid airgeadais na hinstitiúide creidmheasa iarrthaí: […] Achoimre ar an measúnú inmheánach ar leordhóthanach leachtacht, ar leibhéil chomhdhlúite, fho-chomhdhlúite agus aonair de réir mar is infheidhme, ag taispeáint go mbeidh acmhainní leachtachta na hinstitiúide creidmheasa leordhóthanach chun a riachtanais leachtachta aonair a chomhlíonadh; […]’.

83. Go comhsheasmhach leis an gcur chuige comhréireachta atá leagtha amach i mír 70, ba cheart …

Go comhsheasmhach leis an gcur chuige comhréireachta atá leagtha amach i mír 70, ba cheart d’údaráis inniúla cumas agus ullmhacht na hinstitiúide creidmheasa iarrathaí a mheas maidir le strus maoinithe a sheasamh. Chun na críche seo, ba cheart d’údaráis inniúla anailís a dhéanamh ar thionchar an cháis mhaoinithe agus struis leachtachta a cuireadh isteach, amhail ardú ar chostais mhaoinithe, ar na cóimheasa leachtachta agus maoinithe.

84. Nuair is ábhartha, ba cheart d’údaráis inniúla a chinntiú go ngabhtar táscairí leachtachta agus …

Nuair is ábhartha, ba cheart d’údaráis inniúla a chinntiú go ngabhtar táscairí leachtachta agus maoinithe sa tuairisc a chuirtear isteach ar an bpróiseas ábhartha chun an plean téarnaimh a ullmhú.

85. Agus measúnú á dhéanamh ar rioscaí do leachtacht agus do mhaoiniú, ba cheart d’údaráis inniúla …

Agus measúnú á dhéanamh ar rioscaí do leachtacht agus do mhaoiniú, ba cheart d’údaráis inniúla comhlíonadh na hinstitiúide creidmheasa iarrthaí sa todhchaí a fhíorú le híoscheanglais arna soláthar ag an reachtaíocht cur chun feidhme náisiúnta agus AE ábhartha. Mar sin féin, d’fhéadfaí raon feidhme an mheasúnaithe a leathnú thar na híoscheanglais sin, agus é mar aidhm ligean d’údaráis inniúla acmhainní leachtachta níos airde a iarraidh ar an institiúid creidmheasa iarrthach d’fhonn cúiteamh a dhéanamh as rioscaí agus neamhchinnteachtaí neamhaitheanta.

7.2.3 Príomhfhachtóirí seachtracha lena n-áirítear timpeallacht ghnó

86. Chun tuairim a fháil ar inchreidteacht toimhdí straitéiseacha institiúide, ba cheart d’údaráis …

Chun tuairim a fháil ar inchreidteacht toimhdí straitéiseacha institiúide, ba cheart d’údaráis inniúla príomhfhachtóirí seachtracha an phlean gnó, lena n-áirítear an timpeallacht ghnó, a chumhdach mar chuid dá measúnú foriomlán, de réir na gcritéar a léirítear thíos.

87. Go comhsheasmhach leis an gcur chuige comhréireachta atá leagtha amach i mír 70, ba cheart …

Go comhsheasmhach leis an gcur chuige comhréireachta atá leagtha amach i mír 70, ba cheart d’údaráis inniúla athbhreithniú a dhéanamh ar fhorbhreathnú na hanailíse spriocmhargaidh a chuir an institiúid creidmheasa iarrthach isteach agus é mar aidhm tuiscint chuí a bhaint amach ar an timpeallacht ghnó atá ann, agus gníomhaíochtaí na bpríomhimreoirí atá ann cheana agus na n-iomaitheoirí ionchasacha sa spriocmhargadh / sna spriocmhargaí á mbreithniú, agus an fhorbairt is dóigh a bheidh ar an timpeallacht ghnó.

88. Chun na críche seo, ba cheart d’údaráis inniúla athbhreithniú a dhéanamh ar an anailís ar na …

Chun na críche seo, ba cheart d’údaráis inniúla athbhreithniú a dhéanamh ar an anailís ar na treochtaí sa spriocmhargadh a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar fheidhmíocht agus ar bhrabúsacht na hinstitiúide. D’fhéadfadh go n-áireofaí orthu sin, ar bhonn cás ar chás, treochtaí rialála agus macrastuamachta (e.g. athruithe ar an reachtaíocht um dháileadh táirgí baincéireachta miondíola nó athruithe ar na huaschóimheasa iasachta-go-luach a cheadaítear do mhorgáistí), treochtaí teicneolaíochta (e.g. bogadh chuig ardáin leictreonacha le haghaidh cineálacha áirithe trádála) agus treochtaí sochaíocha/déimeagrafacha (e.g. comhdhéanamh custaiméirí, athrú ar tháirgí mar thoradh ar threochtaí athraitheacha an mhargaidh, éileamh níos mó ar shaoráidí baincéireachta Ioslamacha).

89. Nuair is iomchuí agus ar anailís cás ar chás, d’fhéadfadh go gcuimseofaí i dtagairt d’imreoirí …

Nuair is iomchuí agus ar anailís cás ar chás, d’fhéadfadh go gcuimseofaí i dtagairt d’imreoirí atá ann cheana agus d’iomaitheoirí ionchasacha, i dteannta le hinstitiúidí airgeadais reatha, cuideachtaí teicneolaíochta domhanda atá ag leathnú isteach i seirbhísí airgeadais. Ba cheart anailís den sórt sin a dhéanamh freisin i gcomhar leis an athbhreithniú ar an spriocmhargadh, lena n-áirítear tionchar na n-iomaitheoirí sin ar an institiúid creidmheasa iarrthach mar shampla ar mhargaíocht tomhaltóirí dhíreach.

7.2.4 Príomhfhachtóirí inmheánacha

90. Go comhsheasmhach leis an gcur chuige comhréireach atá leagtha amach i mír 71 agus ar bhonn cás …

Go comhsheasmhach leis an gcur chuige comhréireach atá leagtha amach i mír 71 agus ar bhonn cás ar chás, ba cheart d’údaráis inniúla anailís a dhéanamh ar ghnéithe cáilíochtúla de shamhail ghnó na hinstitiúide creidmheasa iarrthaí atá beartaithe chun tuiscint a fháil ar a spreagthaí rathúlachta agus a príomhspleáchais maidir le dearcadh na hinstitiúide creidmheasa iarrthaí a fhoirmiú.

91. Maidir leis seo, ba cheart go n-áireofaí sna réimsí le haghaidh anailíse ag údaráis inniúla na …

Maidir leis seo, ba cheart go n-áireofaí sna réimsí le haghaidh anailíse ag údaráis inniúla na príomhfhachtóirí inghiniúla a mbíonn tionchar acu ar rath na samhla gnó, amhail láidreachtaí beartaithe na hinstitiúide creidmheasa iarrthaí sa chaidreamh le custaiméirí, soláthraithe agus comhpháirtithe, cáilíocht na n-ardán TF agus cumas oibríochta agus acmhainní, chomh maith le tosca ar nós soláthraithe tríú páirtí, idirghabhálaithe, nochtadh féideartha do riosca ML/TF agus spreagthaí rialála ar leith.

92. Ba cheart d’údaráis inniúla a mheas freisin cibé an bhfuil na réamhaisnéisí airgeadais ag …

Ba cheart d’údaráis inniúla a mheas freisin cibé an bhfuil na réamhaisnéisí airgeadais ag teacht leis an straitéis ghnó atá leagtha amach sa phlean, cibé an bhfuil plean soiléir ann i dtreo an chur chun feidhme agus an cumas atá ann an plean gnó a fhorghníomhú agus a chur chun feidhme. Maidir leis seo, ba cheart go gcuirfí san áireamh in athbhreithniú na n-údarás inniúil an measúnú ar chumas gairmiúil na bainistíochta ar bhonn leanúnach, lena n-áirítear maidir leis an bplean gnó agus a athruithe le himeacht ama, agus an infhaighteacht d’acmhainní daonna leordhóthanacha chun cur chun feidhme an straitéis ghnó a chinntiú. Chun tacú leis an measúnú seo, ba cheart d’údaráis inniúla taithí ghairmiúil bhaill an chomhlachta bainistíochta roimhe seo a chur san áireamh.

7.2.5 Réamhaisnéisí airgeadais

93. Ba cheart d’údaráis inniúla athbhreithniú cainníochtúil a dhéanamh ar phlean gnó na …

Ba cheart d’údaráis inniúla athbhreithniú cainníochtúil a dhéanamh ar phlean gnó na hinstitiúide creidmheasa iarrthaí ag díriú ar na réamhaisnéisí airgeadais a cuireadh isteach, don chás bunúsach agus don chás struis araon - agus aird á tabhairt ar an dáileadh geografach, ar na cineálacha gníomhaíochtaí agus ar sheasamh an mhargaidh ag an leibhéal aonair agus, más infheidhme, ar an leibhéal comhdhlúite nó leibhéal fo-chomhdhlúite (Airteagal 4, litir(a) den RTS ar fhaisnéis le haghaidh údaraithe15 ). Ba cheart d’údaráis inniúla athbhreithniú a dhéanamh freisin ar shuíomhanna airgeadais (e.g. bunaithe ar an gclár comhardaithe), riosca (e.g. bunaithe ar mhéid iomlán na risíochta riosca, 'TREA', nó bearta riosca eile) agus/nó srianta eagraíochtúla agus/nó reachtúla.


15 Foráiltear le hAirteagal 4, litir (a) den RTS ar fhaisnéis le haghaidh údaraithe go leagfar amach san iarratas ‘faisnéis réamhaisnéise ar an institiúid creidmheasa iarrthach ar leibhéal aonair agus, más infheidhme, ar leibhéil chomhdhlúite grúpa agus fo-chomhdhlúite (ag léiriú na scaire arna ionadú ag an institiúid creidmheasa), ar a laghad ar bhunchás agus cás struis, lena n-áirítear: [..]’.

94. Ba cheart gurb é cuspóir an athbhreithnithe chainníochtúil ar réamhaisnéisí airgeadais an …

Ba cheart gurb é cuspóir an athbhreithnithe chainníochtúil ar réamhaisnéisí airgeadais an phlean gnó creidiúnacht na mbonn tuisceana a mheas (maidir le fás gnó, giniúint ioncaim, meastachán ar chostais agus bunrioscaí), inmharthanacht agus inbhuanaitheacht na samhla gnó den iarratasóir agus a chumas foriomlán na torthaí réamh-mheasta a bhaint amach i gcomhlíonadh na gceanglas stuamachta sa bhunchás agus sa chás struis araon.

95. Ba cheart go léireofaí sa mheasúnú ar na réamhaisnéisí airgeadais straitéis ghnó spriocdhírithe …

Ba cheart go léireofaí sa mheasúnú ar na réamhaisnéisí airgeadais straitéis ghnó spriocdhírithe na hinstitiúide creidmheasa iarrthaí maidir leis na tíreolaíochtaí is ábhartha san institiúid creidmheasa, lena n-áirítear fochuideachtaí, brainsí, gníomhaíochtaí a chuirtear ar fáil trí shaoirse chun seirbhísí a sholáthar, cineálacha gníomhaíochtaí, línte gnó agus línte táirge bunaithe ar ranníocaíocht brabúis (e.g. bunaithe ar P&L) agus scrúdú a dhéanamh ar chreidiúnacht na mbonn tuisceana cainníochtúla (e.g. gnó in aghaidh an réigiúin, ioncam ó tháillí, líon na gcustaiméirí, costais foirne, toimhdí maicreacnamaíocha, etc.).

96. Agus brabúsacht an phlean gnó á meas acu, ba cheart d’údaráis inniúla aird ar leith a thabhairt …

Agus brabúsacht an phlean gnó á meas acu, ba cheart d’údaráis inniúla aird ar leith a thabhairt ar na réimsí sin den straitéis ghnó spriocdhírithe is ábhartha d’inbhuanaitheacht na samhla gnó amach anseo agus do mharthanas i gcásanna struis. A mhéid is féidir, agus nuair is iomchuí, ba cheart dóibh aird a thabhairt ar neamhchosaint na hinstitiúide creidmheasa iarrthaí ar rioscaí agus leochaileachtaí atá ann faoi láthair nó a bheidh ann sa todhchaí.

97. Chun na gcríoch seo, ba cheart d’údaráis inniúla athbhreithniú a dhéanamh ar an míniú ar …

Chun na gcríoch seo, ba cheart d’údaráis inniúla athbhreithniú a dhéanamh ar an míniú ar inmharthanacht tosaigh na hinstitiúide creidmheasa agus ar inbhuanaitheacht na samhla gnó thar thréimhse ama a éilíonn an institiúid creidmheasa iarrthach an stát seasta a bhaint amach, ar aon chuma thar thréimhse trí bliana ar a laghad. Maidir leis an gcás struis, ba cheart go mbeadh sé leordhóthanach don institiúid creidmheasa a bheith in ann na ceanglais stuamachta a chomhlíonadh ag deireadh na tréimhse pleanála.

98. B’fhéidir go mbeidh ar údaráis inniúla plean gnó a mheas le tréimhse níos faide, mar shampla …

B’fhéidir go mbeidh ar údaráis inniúla plean gnó a mheas le tréimhse níos faide, mar shampla suas le cúig bliana. D’fhéadfadh sé seo a bheith i gceist, mar shampla, maidir leis na hiarratasóirí sin a bhforbraíonn a dtimthriall gnó thar chúig bliana nó a léiríonn a bpleananna gnó trí bliana laigí inbhuanaitheachta. I gcásanna den sórt sin, ba cheart leibhéal déine an mheasúnaithe a chalabrú de réir phróifíl riosca an phlean gnó, laigí féideartha agus éiginnteacht atá nasctha leis an tréimhse ama níos faide.

99. A mhéid is féidir agus nuair is iomchuí, ba cheart d’údaráis inniúla comparáid phiaraí ábhartha …

A mhéid is féidir agus nuair is iomchuí, ba cheart d’údaráis inniúla comparáid phiaraí ábhartha a chinneadh don institiúid creidmheasa iarrthach. Ba cheart don údarás inniúil an piara nó an grúpa piara a chinneadh ar bhonn na línte táirge/gnó iomaíocha a dhíríonn ar an bhfoinse chéanna brabúis/custaiméirí agus ba cheart dó an anailís a bhunú ar shonraí maoirseachta, margaidh agus maicreacnamaíocha atá i seilbh an údaráis inniúil. I gcásanna den sórt sin, ba cheart go gcomhlánódh aschur an mheasúnaithe a thagann as an gcomparáid piaraí breithiúnas saineolach an údaráis inniúil. Mura bhfuil an chomparáid piaraí indéanta, ba cheart do na húdaráis inniúla brath ar bhreithiúnas saineolaithe.

100. Ba cheart d’údaráis inniúla smaoineamh ar threochtaí agus cóimheasa brabúsachta a mheas, ag …

Ba cheart d’údaráis inniúla smaoineamh ar threochtaí agus cóimheasa brabúsachta a mheas, ag féachaint do na rioscaí a shamhlaíonn an institiúid creidmheasa iarrthach glacadh leo agus an fheidhmíocht choibhneasta i gcomparáid le piaraí. Chun tacú leis an measúnú seo, féadfaidh údaráis inniúla tagairt a dhéanamh do na táscairí brabúsachta agus riosca is coitianta amhail toradh ar chothromas, toradh ar shócmhainní, cóimheas costais le hioncam, costas riosca agus cóimheas giarála. Ba cheart go léireodh úsáid an údaráis inniúil táscairí ar leith an cineál agus an leibhéal riosca atá beartaithe ag an institiúid creidmheasa iarrthach chun brabúis a ghiniúint (mar shampla d’fhéadfadh institiúid a ghineann torthaí níos ísle agus níos cobhsaí le hinghlacthacht riosca coimeádach a bheith níos inbhuanaithe ná institiúid a bhfuil torthaí arda aici ach inghlacthacht riosca an-ionsaitheach). Ba cheart d’údaráis inniúla an riosca atá mar bhonn leis an bhfeidhmíocht eacnamaíoch a mheas go cúramach (e.g. leibhéal riosca na sócmhainní), agus táscairí coigeartaithe riosca á gcur san áireamh a mhéid is féidir.

101. Ba cheart go mbeadh údaráis inniúla in ann tuiscint shoiléir a fháil ar fhoinsí na …

Ba cheart go mbeadh údaráis inniúla in ann tuiscint shoiléir a fháil ar fhoinsí na hinstitiúide maidir le giniúint brabúis agus caillteanais (go háirithe na príomhchúiseanna le méideanna - stoc agus sreabhadh - agus praghsanna/corrlaigh) d’fhonn príomhspreagthóirithe agus spleáchais gnó d’fheidhmíocht agus leochaileachtaí féideartha a shainaithint. Nuair is iomchuí i bhfianaise an chur chuige comhréireachta atá leagtha amach i mír 70, ba cheart d’údaráis inniúla miondealú ar ioncam / foinse ioncaim a dhéanamh d’fhonn a thuiscint an bhfuil na foinsí ioncaim a bhfuiltear ag súil leo ag teacht leis an straitéis ghnó spriocdhírithe fhoriomlán (cineál shamhail ghnó, méid an ghnó). Maidir leis seo, ba cheart d’údaráis inniúla aird a thabhairt ar ionchais brabúis atá ró-dóchasach, a bhaineann, mar shampla, leis an réamhráta úis agus le toimhdí ábhartha eile a ghineann ioncam, agus a dtionchar féideartha ar iontaofacht agus, ar deireadh, inbhuanaitheacht na réamh-mheastachán.

102. Go comhsheasmhach le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach i mír 70, ba cheart …

Go comhsheasmhach le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach i mír 70, ba cheart d’údaráis inniúla praghsáil agus struchtúr táirge na hinstitiúide creidmheasa iarrthaí a athbhreithniú. Chun na críche seo, féadfar machnamh a dhéanamh, mar shampla, ar:

  • (a) spleáchas ar fhoinsí ioncaim riosca nó comhchruinnithe (e.g. morgáistí fo-phríomha, iasachtaí airgeadais giaráilte, creidmheas tomhaltóra, grúpaí custaiméirí ar leith) agus a éifeachtaí ar an tsamhail ghnó, amhail leochaileacht mhéadaithe i leith athruithe sa timpeallacht ghnó (e.g. laghdú ar phraghas eastáit réadaigh, laghdú ar an éileamh ar tháirgí a mhaoinítear trí iasachtaí na dtomhaltóirí);
  • (b) spleáchas ar fhoinsí ioncaim níos luainí (e.g. ioncam trádála, ioncam fálaithe nó foinsí neamh-athfhillteach eile) agus na himpleachtaí d’inbhuanaitheacht fhadtéarmach ioncaim.
103. Ba cheart d’údaráis inniúla tuiscint shoiléir a fháil ar na samhlacha ioncaim éagsúla (e.g. …

Ba cheart d’údaráis inniúla tuiscint shoiléir a fháil ar na samhlacha ioncaim éagsúla (e.g. bunaithe ar ioncam úis (e.g. gnó creidmheasa custaiméirí) nó bunaithe ar ioncam ó tháillí (e.g. airgeadas trádála, baincéireacht chomhfhreagraí, seirbhísí cumhdaigh nó comhairleacha), na spreagthóirí ioncaim ar leith, na príomhtháscairí feidhmíochta agus leibhéal riosca na línte gnó gaolmhara. I ngach cás, ba cheart go mbeadh tuiscint shoiléir acu ar shamhail ioncaim na hinstitiúide creidmheasa iarrthaí, ar an gcaoi a bhfuil súil aici ioncam a ghiniúint i gcásanna gnó mar is gnách agus struis araon agus creidiúnacht na mbonn tuisceana.

104. Ba cheart d’údaráis inniúla aird ar leith a thabhairt ar rátaí arda fáis agus ar bhoinn …

Ba cheart d’údaráis inniúla aird ar leith a thabhairt ar rátaí arda fáis agus ar bhoinn tuisceana riosca gaolmhara, lena n-áirítear maidir le leordhóthanacht fhorfheidhmithe agus inniúlachtaí bainistíochta riosca na hinstitiúide creidmheasa iarrthaí, chun tacú le baint amach na réamh-mheastachán spriocdhírithe, de réir na hanailíse a rinneadh de bhun mhír 92. Ba cheart measúnú a dhéanamh ar inchreidteacht na mbonn tuisceana agus aird á tabhairt ar ghnéithe éagsúla, lena n-áirítear an straitéis ghnó fhoriomlán, praghsáil táirgí, an timpeallacht ghnó, an straitéis mhaoinithe, lamháltas riosca agus inghlacthacht riosca, beartais a bheidh dírithe ar bhainistíocht fhónta agus stuama a chinntiú, etc. Maidir le hinbhuanaitheacht na samhla gnó, ba cheart d’údaráis inniúla tuiscint dhomhain a fháil ar an struchtúr costais agus ar na táscairí ábhartha, mar shampla forbairt an chóimheasa costais le hioncam (glan nó i gcoibhneas le piaraí) ag deireadh tréimhse an phlean gnó atá beartaithe agus i gcásanna faoi strus.

105. Ba cheart athbhreithniú a dhéanamh ar an spriocstruchtúr costais (e.g. costais saothair …

Ba cheart athbhreithniú a dhéanamh ar an spriocstruchtúr costais (e.g. costais saothair, riaracháin nó TF) i dtéarmaí iomlána agus, nuair is féidir agus nuair is iomchuí, i gcomparáid le piaraí, ag cuimhneamh ar an tionchar diúltach suntasach a d’fhéadfadh a bheith ag gannmheastachán costas áirithe, go háirithe le linn na céime tosaithe nó i gcásanna faoi strus, ar inbhuanaitheacht na samhla gnó agus/nó na straitéise. Ba cheart d’údaráis inniúla aird a thabhairt ar chomhchruinniú costais athfhillteach a d’fhéadfadh dolúbthacht sa struchtúr costais a léiriú.

106. Agus aird ar leith á tabhairt ar shamhlacha costais, is dóigh go dtabhóidh institiúidí …

Agus aird ar leith á tabhairt ar shamhlacha costais, is dóigh go dtabhóidh institiúidí creidmheasa iarrthacha atá ag brath go mór ar shamhlacha gnó a chumasaítear le teicneolaíocht, costais imeallacha níos ísle ná institiúidí creidmheasa a bhfuil idirbhearta ceangailte le costais athraitheacha arda acu. Mar thoradh air sin, is dóchúil go dtiocfaidh méadú ar bhrabúsacht samhlacha gnó den sórt sin tar éis mais chriticiúil áirithe a bheith bainte amach a iompraíonn na costais infheistíochta seasta. Ba cheart d’údaráis inniúla, dá bhrí sin, príomhchaiteachais d’iarratasóirí den sórt sin a mheas, amhail tallann innealtóireachta nó margaíochta táirgí agus infheistíocht i mbonneagar.

7.2.6 Dearcadh foriomlán maoirseachta

107. Bunaithe ar an bplean gnó agus na réamh-mheastacháin airgeadais a cuireadh ar fáil, ba cheart …

Bunaithe ar an bplean gnó agus na réamh-mheastacháin airgeadais a cuireadh ar fáil, ba cheart do na húdaráis inniúla a ndearcadh foriomlán maoirseachta a fhorbairt chun a mheas cibé an mbeidh nó nach mbeidh (a) samhail ghnó na hinstitiúide creidmheasa iarrthaí inmharthana agus inbhuanaithe agus (b) an institiúid creidmheasa iarrthach ábalta na ceanglais stuamachta a chomhlíonadh thar an tréimhse pleanála. Bunaithe ar bhreithiúnas saineolach an údaráis inniúil, is é cuspóir an dearcadh maoirseachta foriomlán measúnú comhtháite agus cuimsitheach a dhéanamh ar an bplean gnó agus ar réamhaisnéisí airgeadais agus go háirithe ar chreidiúnacht na mbonn tuisceana. Ba cheart go mbeadh an dearcadh maoirseachta bunaithe ar mheasúnú na faisnéise a fhaightear ar an straitéis ghnó, ar an timpeallacht ghnó (piaraí ionchasacha, treochtaí margaidh agus fachtóirí seachtracha eile a d’fhéadfadh dul i bhfeidhm ar bhrabúsacht sa todhchaí) agus príomhfhachtóirí inmheánacha, agus i gcomparáid le tuairimí na hinstitiúide creidmheasa iarrthaí féin (réamhaisnéisí airgeadais, mar a mhínítear i míreanna 93 go 106), d’fhonn a n-inchreidteacht fhoriomlán a mheas.

108. Bunaithe ar an bhfaisnéis athbhreithnithe, ba cheart don údarás inniúil dúshlán a thabhairt do …

Bunaithe ar an bhfaisnéis athbhreithnithe, ba cheart don údarás inniúil dúshlán a thabhairt do bhoinn tuisceana na hinstitiúide creidmheasa iarrthaí agus a dhearcadh maoirseachta féin a fhorbairt. Mura bhfuil na toimhdí inchreidte, féadfaidh údaráis inniúla toimhdí malartacha a fhorbairt agus anailís íogaireachta a dhéanamh chun an tionchar cainníochtúil ar réimsí gaolmhara an phlean gnó a chinneadh. Leis an dúshlán líne-ar-líne agus an cur i bhfeidhm de thoimhdí malartacha faoi seach, más gá, ligfear don údarás inniúil tionchar foriomlán na hanailíse íogaireachta ar na réamhaisnéisí airgeadais a chainníochtú agus a mheas agus ar deireadh thiar an tionchar ar na ceanglais stuamachta is ábhartha a mheas. Féadfaidh an t-údarás inniúil an bunchás chomh maith leis an gcás struis a cheistiú.

109. Ba cheart go mbeadh forbairt an dearcadh maoirseachta agus an anailís íogaireachta faoi réir …

Ba cheart go mbeadh forbairt an dearcadh maoirseachta agus an anailís íogaireachta faoi réir comhréireachta mar atá leagtha amach i mír 70, ag smaoineamh ar riosca agus castacht choibhneasta na samhla gnó atá beartaithe. Sa chás go bhfuil an dearcadh maoirseachta foriomlán difriúil le dearcadh an iarratasóra, féadfaidh údaráis inniúla smaoineamh ar bharúlacha sonracha a roinnt leis an institiúid creidmheasa iarrthach, agus é mar aidhm an bhearna faisnéise a dhúnadh agus tuiscint na mbonn tuisceana a dhéanann an institiúid creidmheasa iarrthach a dhoimhniú. D’fhéadfadh an t-idirphlé maoirseachta a bheith fabhrach do chur isteach plean gnó athbhreithnithe agus réamhaisnéis airgeadais ag an institiúid creidmheasa iarrthach, lena léirítear aon bhearta leighis is gá chun a hinmharthanacht agus a hinbhuanaitheacht a chinntiú agus, sa deireadh, comhlíonadh na gceanglas stuamachta don tréimhse phleanála. Ina leithéid de chás, féadfaidh údaráis inniúla bearta maolaithe a mheas, i bhfoirm réamhchoinníollacha, oibleagáidí iardain nó srianta mar atá leagtha síos in alt 4.2, míreanna 25 - 32.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • EBA - Published by the European Banking Authority at https://www.eba.europa.eu/