+153. Le haghaidh Riosca do Chliant, Riosca don Mhargadh, Riosca don Ghnólacht, mar aon leis an …

153. Le haghaidh Riosca do Chliant, Riosca don Mhargadh, Riosca don Ghnólacht, mar aon leis an …

Le haghaidh Riosca do Chliant, Riosca don Mhargadh, Riosca don Ghnólacht, mar aon leis an gceanglas a bhaineann le forchostais sheasta, ba cheart d'údaráis inniúla a fhíorú cibé acu atá nó nach bhfuil na híoscheanglais atá sonraithe i Rialachán (AE) 2019/2033 á gcomhlíonadh ag an ngnólacht infheistíochta. Ceadaíonn na treoirlínte seo, áfach, d'údaráis inniúla síneadh a chur le raon feidhme an mheasúnaithe agus níos mó ná ceanglais sin a chur san áireamh chun teacht ar thuairim chuimsitheach maidir le rioscaí do chaipiteal. Go háirithe, ba cheart d'údaráis inniúla cásanna a shainaithint nuair nach bhfuil rioscaí áirithe nó gnéithe de rioscaí clúdaithe go hoiriúnach ag na híoscheanglais maidir le cistí dílse, ainneoin ceanglais Rialachán (AE) 2019/2033 a bheith á gcomhlíonadh. Mar shampla, d'fhéadfadh an mhoill mar gheall ar úsáid a bheith á baint as meán gluaisteach le haghaidh roinnt K-Fhachtóirí buaicphointí gníomhaíochta a chothromú agus bíonn costais á ngannmheas má úsáidtear gníomhairí faoi cheangal seachas torthaí foirne inmheánacha. Chuirfeadh an measúnú seo eolas ar fáil chun cinneadh a dhéanamh maidir le ceanglas i ndáil le cistí dílse breise de réir alt 7.2.1.

52

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • EBA - Published by the European Banking Authority at https://www.eba.europa.eu/