+6.1 Breithniúcháin ghinearálta
---+145. Ba cheart do na húdaráis inniúla measúnú agus scóráil a dhéanamh ar na rioscaí don chaipiteal …
---+146. Is é cuspóir an teidil seo modheolaíochtaí coiteanna a chur ar fáil atá le breithniú chun …
---+147. Tugann an teideal seo treoir d'údaráis inniúla maidir le measúnú a dhéanamh ar na rioscaí agus …
---+148. Tá mír 147, pointe (a) go (c) infheidhme i ndáil le measúnú na ngnólachtaí infheistíochta atá …
---+149. Sainaithnítear sa teideal freisin sraith fochatagóirí laistigh de gach catagóir riosca thuas …
---+150. Tá an cinneadh maidir le hábharthacht bunaithe ar na sonraí is déanaí atá ar fáil agus …
---+151. Chomh maith leis sin, ba cheart d'údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar rioscaí eile atá …
---+152. Ba cheart do na húdaráis inniúla na gnéithe thuas a chur san áireamh freisin nuair a bhíonn …
---+153. Le haghaidh Riosca do Chliant, Riosca don Mhargadh, Riosca don Ghnólacht, mar aon leis an …
---+154. Nuair a bhíonn na modheolaíochtaí atá sonraithe sa teideal seo á gcur chun feidhme, ba cheart …
---+155. Nuair a bhíonn a gcuid measúnuithe á ndéanamh acu, ba cheart do na húdaráis inniúla úsáid a …
---+156. Chomh fada is a bhaineann le gach catagóir riosca, ba cheart go ndéanfadh na húdaráis inniúla …
---+157. Ba cheart d'údaráis inniúla toradh an mheasúnaithe ar gach catagóir riosca a léiriú in …
|
6.1 Breithniúcháin ghinearálta
6.1 Breithniúcháin ghinearálta
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
145. Ba cheart do na húdaráis inniúla measúnú agus scóráil a dhéanamh ar na rioscaí don chaipiteal …
|
Ba cheart do na húdaráis inniúla measúnú agus scóráil a dhéanamh ar na rioscaí don chaipiteal atá sainaitheanta mar rioscaí atá ábhartha don ghnólacht infheistíochta. D’fhonn raon feidhme an mheasúnaithe a chinneadh, ar dtús ba cheart d’údaráis inniúla foinsí na riosca do chaipiteal a bhfuil nó a bhféadfadh an gnólacht infheistíochta a bheith neamhchosanta orthu a shainaithint. Chun é sin a dhéanamh, ba cheart d'údaráis inniúla an t-eolas a fuarthas ó mheasúnú a dhéanamh ar ghnéithe eile de SREP a úsáid, trí sheasamh an ghnólachta infheistíochta a chur i gcomparáid lena phiaraí agus aon ghníomhaíochtaí maoirseachta eile. Ba cheart na rioscaí a bhaineann le caipiteal a mheas ar bhealach comhréireach, i.e. leibhéal mionsonraí na hanailíse a choigeartú bunaithe ar chineál, méid agus castacht an ghnólachta infheistíochta.
|
|
146. Is é cuspóir an teidil seo modheolaíochtaí coiteanna a chur ar fáil atá le breithniú chun …
|
Is é cuspóir an teidil seo modheolaíochtaí coiteanna a chur ar fáil atá le breithniú chun rioscaí aonair agus bainistíocht riosca agus rialuithe a mheas. Níl sé beartaithe go mbeadh sé uileghabhálach agus tugann sé deis d’údaráis inniúla critéir bhreise eile a d’fhéadfaí a mheas a bheith ábhartha bunaithe ar a dtaithí agus ar ghnéithe sonracha an ghnólachta infheistíochta a chur san áireamh.
|
|
147. Tugann an teideal seo treoir d'údaráis inniúla maidir le measúnú a dhéanamh ar na rioscaí agus …
|
Tugann an teideal seo treoir d'údaráis inniúla maidir le measúnú a dhéanamh ar na rioscaí agus ar na costais a bhaineann le clabhsúr a chur go hordúil leis an ngnólacht infheistíochta mar aon le treoirlínte maidir le measúnú agus scóráil na gcatagóirí rioscaí seo a leanas do chaipiteal i ngníomhaíochtaí leanúnacha gnólachtaí infheistíochta: - a. Riosca don Chliant;
- b. Riosca don Mhargadh;
- c. Riosca don Ghnólacht;
- d. rioscaí eile.
|
|
148. Tá mír 147, pointe (a) go (c) infheidhme i ndáil le measúnú na ngnólachtaí infheistíochta atá …
|
Tá mír 147, pointe (a) go (c) infheidhme i ndáil le measúnú na ngnólachtaí infheistíochta atá rangaithe i gcatagóir 1, 2 nó 3, ag féachaint do raon feidhme ghníomhaíochtaí údaraithe na ngnólachtaí infheistíochta seo. Más cuí, féadfaidh údaráis áitiúla mír 147, pointe (a) agus - (c) a chur san áireamh don mheasúnú ar ghnólachtaí infheistíochta beaga agus neamhchasta a chomhlíonann critéir Airteagal 12 de Rialachán (EU) 2019/2033, agus ábharthacht fochatagóirí éagsúla atá liostaithe faoi na rioscaí thuasluaite do chaipiteal a chur san áireamh le haghaidh na ngnólachtaí infheistíochta seo. Ba cheart d'údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar chlabhsúr ordúil a chur le gnólacht infheistíochta mar aon le rioscaí eile, i gcás na ngnólachtaí infheistíochta ar fad atá faoi réir SREP.
|
|
149. Sainaithnítear sa teideal freisin sraith fochatagóirí laistigh de gach catagóir riosca thuas …
|
Sainaithnítear sa teideal freisin sraith fochatagóirí laistigh de gach catagóir riosca thuas, ar gá iad a chur san áireamh nuair a bhíonn rioscaí do chaipiteal á meas. Ag brath ar 51 ábharthacht aon cheann de na fochatagóirí seo do ghnólacht infheistíochta ar leith, is féidir iad a mheas agus a scóráil ina n-aonar.
|
|
150. Tá an cinneadh maidir le hábharthacht bunaithe ar na sonraí is déanaí atá ar fáil agus …
|
Tá an cinneadh maidir le hábharthacht bunaithe ar na sonraí is déanaí atá ar fáil agus d'fhéadfadh breithiúnas maoirseachta cur leo.
|
|
151. Chomh maith leis sin, ba cheart d'údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar rioscaí eile atá …
|
Chomh maith leis sin, ba cheart d'údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar rioscaí eile atá sainaitheanta mar rioscaí atá ábhartha do ghnólacht infheistíochta sonrach ach nach bhfuil liostaithe thuas Is catagóir rioscaí ar leith iad na rioscaí eile sin, nach féidir a lua go réasúnach le ceann den trí chatagóir atá liostaithe i mír 147, pointe (a) go (c). D’fhéadfadh an méid seo a leanas cabhrú leis an bpróiseas sainaitheanta: - a. tionscnóirí cheanglais a gcistí dílse;
- b. rioscaí sainaitheanta in ICARAP nó tástálacha struis gnólachta infheistíochta má tá a leithéid ar fáil;
- c. rioscaí a eascraíonn as samhail gnó an ghnólachta infheistíochta (lena n-áirítear iad siúd atá sainaitheanta ag gnólachtaí infheistíochta eile a bhfuil úsáid á baint acu as samhail ghnó chosúil);
- d. faisnéis a eascraíonn as faireachán ar phríomhtháscairí;
- e. torthaí agus barúlacha ó thuarascálacha iniúchta inmheánaigh nó sheachtraigh;
- f. moltaí agus treoirlínte arna n-eisiúint ag an ÚBE, mar aon le rabhaidh agus moltaí arna n-eisiúint ag údaráis macrastuamachta nó BERS atá ábhartha don ghnólacht; agus
- g. tuairiscí maidir le sáruithe agus teagmhais a chur faoi bhráid na n-údarás inniúil.
|
|
152. Ba cheart do na húdaráis inniúla na gnéithe thuas a chur san áireamh freisin nuair a bhíonn …
|
Ba cheart do na húdaráis inniúla na gnéithe thuas a chur san áireamh freisin nuair a bhíonn déine a ngníomhaíochta maoirseachta á pleanáil acu maidir le measúnú ar riosca sonrach.
|
|
153. Le haghaidh Riosca do Chliant, Riosca don Mhargadh, Riosca don Ghnólacht, mar aon leis an …
|
Le haghaidh Riosca do Chliant, Riosca don Mhargadh, Riosca don Ghnólacht, mar aon leis an gceanglas a bhaineann le forchostais sheasta, ba cheart d'údaráis inniúla a fhíorú cibé acu atá nó nach bhfuil na híoscheanglais atá sonraithe i Rialachán (AE) 2019/2033 á gcomhlíonadh ag an ngnólacht infheistíochta. Ceadaíonn na treoirlínte seo, áfach, d'údaráis inniúla síneadh a chur le raon feidhme an mheasúnaithe agus níos mó ná ceanglais sin a chur san áireamh chun teacht ar thuairim chuimsitheach maidir le rioscaí do chaipiteal. Go háirithe, ba cheart d'údaráis inniúla cásanna a shainaithint nuair nach bhfuil rioscaí áirithe nó gnéithe de rioscaí clúdaithe go hoiriúnach ag na híoscheanglais maidir le cistí dílse, ainneoin ceanglais Rialachán (AE) 2019/2033 a bheith á gcomhlíonadh. Mar shampla, d'fhéadfadh an mhoill mar gheall ar úsáid a bheith á baint as meán gluaisteach le haghaidh roinnt K-Fhachtóirí buaicphointí gníomhaíochta a chothromú agus bíonn costais á ngannmheas má úsáidtear gníomhairí faoi cheangal seachas torthaí foirne inmheánacha. Chuirfeadh an measúnú seo eolas ar fáil chun cinneadh a dhéanamh maidir le ceanglas i ndáil le cistí dílse breise de réir alt 7.2.1. 52
|
|
154. Nuair a bhíonn na modheolaíochtaí atá sonraithe sa teideal seo á gcur chun feidhme, ba cheart …
|
Nuair a bhíonn na modheolaíochtaí atá sonraithe sa teideal seo á gcur chun feidhme, ba cheart d'údaráis inniúla úsáid a bhaint as an bhfaisnéis a chuirtear ar fáil mar thoradh ar fhaireachán a dhéanamh ar na príomhtháscairí, atá sonraithe i dTeideal 3. Ba cheart d'údaráis inniúla táscairí cainníochtúla agus cáilíochtúla eile a úsáid más cuí chun críche an mheasúnaithe seo.
|
|
155. Nuair a bhíonn a gcuid measúnuithe á ndéanamh acu, ba cheart do na húdaráis inniúla úsáid a …
|
Nuair a bhíonn a gcuid measúnuithe á ndéanamh acu, ba cheart do na húdaráis inniúla úsáid a bhaint as gach foinse faisnéise atá ar fáil, lena n-áirítear tuairisciú rialála, tuairisciú ad hoc, méadracht agus tuarascálacha inmheánacha an ghnólachta infheistíochta (e.g. tuarascáil ar an iniúchóireacht inmheánach, tuarascálacha bainistíochta riosca, faisnéis ó ICARAP), tuarascálacha cigireachta ar an láthair agus tuarascálacha seachtracha (lena n-áirítear cumarsáid idir an gnólacht infheistíochta agus infheisteoirí, gníomhaireachtaí rátála). Ainneoin go sé beartaithe go mbeidh an measúnú dírithe ar ghnólacht sonrach, ba cheart comparáid le piaraí a bhreithniú chun neamhchosaint fhéideartha do rioscaí do chaipiteal a shainaithint. Chun críocha den sórt sin, ba cheart piaraí a shainiú ar bhonn an riosca agus ní gá go mbeidís ag teacht leis an méid atá sainaitheanta le haghaidh BMA nó anailísí eile.
|
|
156. Chomh fada is a bhaineann le gach catagóir riosca, ba cheart go ndéanfadh na húdaráis inniúla …
|
Chomh fada is a bhaineann le gach catagóir riosca, ba cheart go ndéanfadh na húdaráis inniúla measúnú ar agus an méid seo a leanas a léiriú sa scór riosca: - a. riosca bunúsach (neamhchosaintí riosca); agus
- b. cáilíocht agus éifeachtacht na bainistíochta agus na rialuithe riosca.
|
|
157. Ba cheart d'údaráis inniúla toradh an mheasúnaithe ar gach catagóir riosca a léiriú in …
|
Ba cheart d'údaráis inniúla toradh an mheasúnaithe ar gach catagóir riosca a léiriú in achoimre ar thorthaí ina mínítear na príomhchúiseanna atá le riosca, agus scór riosca, mar atá sonraithe sna ranna seo a leanas.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- EBA - Published by the European Banking Authority at https://www.eba.europa.eu/
|