+4.6 TFC agus bainistíocht riosca slándála
---+50. Ba cheart d’institiúidí creidmheasa agus airgeadais a rioscaí TFC agus slándála a bhaineann le …
---+51. I dteannta na gceanglas atá leagtha amach i dTreoirlínte ÚBE maidir le TFC agus bainistíocht …
---+52. Ba cheart go soláthródh institiúidí creidmheasa agus airgeadais pointe rochtana slán chun tús a …
---+53. I gcás ina n-úsáidtear gléas ilchuspóireach chun an cianphróiseas ionduchtaithe cliant a …

4.6 TFC agus bainistíocht riosca slándála

4.6 TFC agus bainistíocht riosca slándála

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
50. Ba cheart d’institiúidí creidmheasa agus airgeadais a rioscaí TFC agus slándála a bhaineann le …

Ba cheart d’institiúidí creidmheasa agus airgeadais a rioscaí TFC agus slándála a bhaineann le húsáid an chianphróisis ionduchtaithe cliant a shainaithint agus a bhainistiú, lena n-áirítear i gcás ina mbíonn institiúidí creidmheasa agus airgeadais ag brath ar thríú páirtithe nó i gcás ina ndéantar an tseirbhís a sheachfhoinsiú, lena n-áirítear do ghúp-eintitis.

51. I dteannta na gceanglas atá leagtha amach i dTreoirlínte ÚBE maidir le TFC agus bainistíocht …

I dteannta na gceanglas atá leagtha amach i dTreoirlínte ÚBE maidir le TFC agus bainistíocht riosca slándála a chomhlíonadh10 nuair is infheidhme, ba cheart d’institiúidí creidmheasa agus airgeadais bealaí slána cumarsáide a úsáid chun idirghníomhú leis an gcliant le linn an chianphróisis ionduchtaithe cliant. Ba cheart go n-úsáidfaí sa chianréiteach ionduchtaithe cliant prótacail shlána agus algartaim chripteagrafacha i gcomhréir le dea-chleachtais an tionscail chun rúndacht, barántúlacht agus sláine na sonraí a mhalartaítear a chosaint, i gcás inarb infheidhme.


10 ÚBE/GL/2019/04

52. Ba cheart go soláthródh institiúidí creidmheasa agus airgeadais pointe rochtana slán chun tús a …

Ba cheart go soláthródh institiúidí creidmheasa agus airgeadais pointe rochtana slán chun tús a chur leis an gcianphróiseas ionduchtaithe cliant bunaithe ar dheimhnithe cáilithe le haghaidh ríomhshéalaí dá dtagraítear in Airteagal 3(30) de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 nó maidir le fíordheimhniú suíomh Gréasáin dá dtagraítear in Airteagal 3(39) den Rialachán sin. Ba cheart an cliant a chur ar an eolas freisin faoi na bearta slándála is infheidhme ar cheart a ghlacadh chun úsáid shlán an chórais a chinntiú.

53. I gcás ina n-úsáidtear gléas ilchuspóireach chun an cianphróiseas ionduchtaithe cliant a …

I gcás ina n-úsáidtear gléas ilchuspóireach chun an cianphróiseas ionduchtaithe cliant a dhéanamh, ba cheart timpeallacht shlán a úsáid chun an cód bogearraí a chur i gcrích ar thaobh an chliaint, i gcás inarb infheidhme. Ba cheart bearta slándála breise a chur chun feidhme chun slándáil agus spleáchas an chóid bhogearraí agus na sonraí a bhailítear a chinntiú, de réir an mheasúnaithe riosca slándála mar atá leagtha síos i dTreoirlínte ÚBE maidir le TFC agus bainistíocht riosca slándála.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • EBA - Published by the European Banking Authority at https://www.eba.europa.eu/