+19. Ba cheart d’institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta an fhaisnéis dá dtagraítear …
|
19. Ba cheart d’institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta an fhaisnéis dá dtagraítear …
Ba cheart d’institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta an fhaisnéis dá dtagraítear di sna Treoirlínte seo a chur ar fáil sna formáidí malartaithe sonraí agus uiríll sonraithe ag údaráis inniúla, agus an sainmhíniú ar phointe sonraí atá le fáil sa tsamhail pointe sonraí a urramú, mar aon leis na sonraíochtaí seo a leanas: - a. níor cheart faisnéis nach gceanglaítear ná nach bhfuil infheidhme a chur san áireamh sna sonraí atá á gcur isteach;
- b. cuirfear luachanna uimhriúla isteach mar fhíricí de réir an mhéid seo a leanas:
- i. ba cheart pointí sonraí a bhfuil an cineál sonraí “airgeadaíocht” ag gabháil leo a thuairisciú trí úsáid a bhaint as beachtas íosta atá coibhéiseach leis na milliúin aonad;
- ii. déanfar pointí sonraí a bhfuil an cineál sonraí “céatadán” ag gabháil leo a léiriú in aghaidh an aonaid le beachtas íosta atá coibhéiseach le ceithre dheachúil;
- iii. déanfar pointí sonraí a bhfuil an cineál sonraí “slánuimhir” ag gabháil leo a thuairisciú gan aon deachúil a úsáid agus beachtas atá coibhéiseach le haonaid.
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- EBA - Published by the European Banking Authority at https://www.eba.europa.eu/
|