+24. Ba cheart d’institiúidí agus do ghnólachtaí infheistíochta faisnéis maidir lena gcóras …
|
24. Ba cheart d’institiúidí agus do ghnólachtaí infheistíochta faisnéis maidir lena gcóras …
Ba cheart d’institiúidí agus do ghnólachtaí infheistíochta faisnéis maidir lena gcóras rialachais a chur ar fáil. Don chleachtadh seo, ba cheart go mbeadh an difreálú teoranta do chóras boird aontaithe (córas 1 leibhéal) nó déchóras boird (córas 2 leibhéal). Ba cheart córais hibrideacha a leithdháileadh ar na córais seo mar a léirítear i bpointe (a) agus pointe (b) thíos, neamhspleách ar bhoird feidhmiúcháin, coistí iniúchta, luacha saothair nó ainmniúcháin breise, nó ar an bpointe go bhfuil cinntí áirithe á ndéanamh go díreach ag scairshealbhóirí seachas ag an gcomhlacht bainistíochta. - a. Ba cheart glacadh le córas aonleibhéil mar chóras ina bhfuil gach ball den chomhlacht bainistíochta ina fheidhm bhainistíochta agus gach ball den chomhlacht bainistíochta ina fheidhm mhaoirseacht ag obair mar chomhlacht bainistíochta amháin atá freagrach as straitéis, as cuspóirí agus as treo foriomlán na hinstitiúide a leagan amach. Sa chás gur ann do, i dteannta leis an mbord aonadach seo, bord feidhmiúcháin éigeantach, fós ba cheart glacadh leis go bhfuil struchtúr aonleibhéil ag institiúidí agus ag gnólachtaí infheistíochta.
- b. Ba cheart glacadh le córas dhá leibhéal mar chóras ina bhfuil an comhlacht bainistíochta, ina fheidhm bhainistíochta (stiúrthóirí feidhmiúcháin, lena n-áirítear an POF), ag feidhmiú mar chomhlacht sainiúil i gcomparáid leis an gcomhlacht nach bhfuil ach baill den chomhlacht bainistíochta ina fheidhm mhaoirseachta páirteach ann (stiúrthóirí neamhfheidhmiúcháin), i.e. níl aon bhord aonadach ann.
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- EBA - Published by the European Banking Authority at https://www.eba.europa.eu/
|