+34. Chun a chinneadh an bhfuil saineolas ag tionscnóir nó ag iasachtóir bunaidh ar neamhchosaintí a …
|
34. Chun a chinneadh an bhfuil saineolas ag tionscnóir nó ag iasachtóir bunaidh ar neamhchosaintí a …
Chun a chinneadh an bhfuil saineolas ag tionscnóir nó ag iasachtóir bunaidh ar neamhchosaintí a thionscnamh atá comhchosúil leo siúd a ndearnadh urrúsú orthu i gcomhréir le hAirteagal 26b(10), an ceathrú fomhír, de Rialachán (AE) 2017/2402, ba cheart feidhm a bheith ag an dá cheann díobh seo a leanas: - a. ba cheart eolas agus scileanna leordhóthanacha a bheith ag comhaltaí chomhlacht bainistíochta an tionscnóra nó an iasachtóra bunaidh agus ag an bhfoireann shinsearach, seachas comhaltaí an chomhlachta bainistíochta, atá freagrach as bainistiú a dhéanamh ar thionscnamh neamhchosaintí de chineál comhchosúil leo siúd a ndearnadh urrúsú orthu, agus ba cheart go mbeadh scileanna leordhóthanacha acu maidir le tús a chur le neamhchosaintí atá comhchosúil leo siúd a ndearnadh urrúsú orthu;
- b. ba cheart aon cheann de na prionsabail seo a leanas maidir le cáilíocht an tsaineolais a chur san áireamh:
| i. | ba cheart ról agus dualgais chomhaltaí an chomhlachta bainistíochta agus na foirne sinsearaí agus na gcumas is gá a bheith leordhóthanach; | | ii. | ba cheart gur leor an taithí atá ag comhaltaí an chomhlachta bainistíochta agus ag na baill foirne shinsearacha a fuarthas i bpoist roimhe seo, san oideachas agus san oiliúint; | | iii. | ba cheart rannpháirtíocht chomhaltaí an chomhlachta bainistíochta agus na foirne sinsearaí laistigh de struchtúr rialachais fheidhm thionscnamh na neamhchosaintí a bheith iomchuí; | | iv. | i gcás eintitis rialáilte stuamachta, ba cheart a mheas go bhfuil na húdaruithe rialála nó na ceadanna atá i seilbh an eintitis ábhartha maidir le tionscnamh neamhchosaintí de chineál comhchosúil leo sin a ndearnadh urrúsú orthu. |
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- EBA - Published by the European Banking Authority at https://www.eba.europa.eu/
|