+67. I gcás inar institiúid creidmheasa nó gnólacht infheistíochta é an t-eisitheoir a bhfuil sé de …
|
67. I gcás inar institiúid creidmheasa nó gnólacht infheistíochta é an t-eisitheoir a bhfuil sé de …
I gcás inar institiúid creidmheasa nó gnólacht infheistíochta é an t-eisitheoir a bhfuil sé de cheangal air plean téarnaimh a tharraingt faoi Threoir 2014/59/AE5 , faoi réir comhaontú a fháil roimh ré leis na húdaráis inniúla a ainmnítear faoi Rialachán (AE) 2023/1114 agus faoi Threoir 2014/59/AE, agus faoi réir chomhlíonadh na gceanglas rúndachta a leagtar síos i dTreoir 2014/59/AE, déanfaidh an t-eisitheoir sin an méid seo a leanas: - a) iarscríbhinn a áireamh sa phlean téarnaimh a dhréachtaítear agus a fhormheastar i gcomhréir le Treoir 2014/59/AE (an “plean téarnaimh BRRD” [an Treoir maidir le Téarnamh agus Réiteach na mBanc]) ina mbeidh an fhaisnéis uile a shonraítear sna treoirlínte seo, trí chrostagairt a dhéanamh do na ranna ábhartha den phlean téarnaimh BRRD atá oiriúnach chun ranna 4.2 go 4.6 de na treoirlínte seo a chomhlíonadh, agus/nó trí ranna nó faisnéis nua a áireamh i gcás inar gá chun na treoirlínte seo a chomhlíonadh;
- b) eisitheoirí a roghnaíonn rogha faoi litir a) thuas, ba cheart dóibh an plean téarnaimh faoi Rialachán (AE) 2023/1114 a dhréachtaítear i bhfoirm na hiarscríbhinne dá dtagraítear faoi litir a) thuas a chur faoi bhráid an údaráis inniúil a ainmnítear faoi Rialachán (AE) 2023/1114; ba cheart don eisitheoir ranna agus leathanaigh shonracha an phlean téarnaimh BRRD ina bhfuil an fhaisnéis a leagtar síos sna treoirlínte seo san áireamh a shainaithint go soiléir i ráiteas/san innéacs.
5 Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 lena mbunaítear creat do théarnamh agus réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Treoir 82/891/CEE ón gComhairle agus Treoracha 2001/24/CE, 2002/47/CE, 2004/25/CE, 2005/56/CE, 2007/36/CE, 2011/35/AE, 2012/30/AE agus 2013/36/AE, agus Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 agus Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 173, 12.6.2014, lch. 190).
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- EBA - Published by the European Banking Authority at https://www.eba.europa.eu/
|