+74. I gcás inar institiúid creidmheasa nó eintiteas é an t-eisitheoir faoi raon feidhme chur i …

74. I gcás inar institiúid creidmheasa nó eintiteas é an t-eisitheoir faoi raon feidhme chur i …

I gcás inar institiúid creidmheasa nó eintiteas é an t-eisitheoir faoi raon feidhme chur i bhfeidhm Threoir 2014/59/AE8 nó i gcás inar contrapháirtí lárnach é atá faoi réir Rialachán (AE) 2021/239 , ba cheart don eisitheoir an plean fuascailte a fhorbairt go comhsheasmhach lena phlean réitigh agus lena cheanglais inréiteachta. Chuige sin, ba cheart don eisitheoir straitéis réitigh an eintitis, na feidhmeanna criticiúla sainaitheanta agus socruithe an leibhéil seirbhíse atá ríthábhachtach do leanúnachas oibríochtúil an eintitis a chur san áireamh, agus ba cheart dó féachaint le hoibriú rianúil na straitéise réitigh agus an phlean fuascailte a áirithiú an tráth céanna.


8 Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 lena mbunaítear creat do théarnamh agus réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Treoir 82/891/CEE ón gComhairle agus Treoracha 2001/24/CE, 2002/47/CE, 2004/25/CE, 2005/56/CE, 2007/36/CE, 2011/35/AE, 2012/30/AE agus 2013/36/AE, agus Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010 agus Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 173, 12.6.2014, lch. 190).

9 Rialachán (AE) 2021/23 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2020 maidir le creat le haghaidh téarnamh agus réiteach contrapháirtithe lárnacha agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1095/2010, (AE) Uimh. 648/2012, (AE) Uimh. 600/2014, (AE) Uimh. 806/2014 agus (AE) 2015/2365 agus Treoracha 2002/47/CE, 2004/25/CE, 2007/36/CE, 2014/59/AE agus (AE) 2017/1132 (IO L 22, 22.1.2021, lch. 1).

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • EBA - Published by the European Banking Authority at https://www.eba.europa.eu/