+4.3 Ábhar an phlean fuascailte
---+40. Ba cheart don eisitheoir a áirithiú go bhfuil tuairisc shoiléir mhionsonraithe sa phlean …
---+41. Ba cheart go léireofaí go cuí sa phlean fuascailte tionchar ainmniú riarthóra shealadaigh nuair …
---+42. Ba cheart a áireamh sa phlean fuascailte mapáil ar na gníomhaíochtaí criticiúla atá riachtanach …
---+43. Ba cheart a áireamh sa mhapáil sin ar na gníomhaíochtaí criticiúla, i gcás inarb ábhartha …
---+44. Ba cheart d’eisitheoirí ARTanna nach eintitis faoi oibleagáid iad faoi Threoir 2015/849/AE …
---+45. Maidir leis na gníomhaíochtaí criticiúla laistigh d’eagraíocht an eisitheora, ba cheart don …
---+46. Maidir leis na gníomhaíochtaí criticiúla a sholáthraíonn tríú páirtithe, ba cheart a áireamh sa …
---+47. Ba cheart forléargas a thabhairt sa phlean fuascailte freisin ar ábhar na socruithe …
---+48. Maidir le coimeádaithe an chúlchiste sócmhainní agus leis na hidirghabhálaithe airgeadais (más …
---+49. Ba cheart don eisitheoir an liosta de sholáthraithe tríú páirtí gníomhaíochtaí criticiúla agus …
---+50. Níor cheart go gcuirfeadh an forléargas ar na socruithe conarthacha atá i bhfeidhm le …
---+51. Chun na críche sin, ba cheart próiseas roghnúcháin na n-idirghabhálaithe a léiriú go soiléir …
---+52. Ba cheart don eisitheoir a áirithiú go leagtar síos sa phlean fuascailte próiseas ordúil chun …
---+53. Ba cheart próiseas den sórt sin a chur in iúl ar bhealach oibríochtúil agus a áirithiú go …
---+54. Chun na críche sin, ba cheart tuairisc a thabhairt sa phlean fuascailte ar na próisis, ar na …
---+55. Ba cheart go n-áireofaí sa tuairisc ar an bpróiseas tagairt do chomhlíonadh oibleagáidí SA/MSC …
---+56. Ba cheart a léiriú go soiléir sa phlean fuascailte na ceanglais agus inneachar íosta an éilimh …
---+57. Leis an bhfaisnéis a liostaítear thuas agus a áirítear san éileamh fuascailte, ba cheart go …
---+58. Ba cheart go soiléireofaí sa phlean fuascailte freisin na foinsí ábhartha faisnéise, agus na …
---+59. Ba cheart a áireamh sa phlean fuascailte na céimeanna, na gníomhaíochtaí agus na próisis …
---+60. Ba cheart plean cumarsáide a áireamh sa phlean fuascailte a bheidh le gníomhachtú gan mhoill …
---+61. Ba cheart an méid seo a leanas ar a laghad a bheith sa phlean cumarsáide: a) an dréachtfhógra …
---+62. Ba cheart an dréachtfhógra poiblí a fhorbairt chun sealbhóirí comharthaí a chur ar an eolas …
---+63. D’fhonn teacht ar an bpobal i gcoitinne agus ar uaslíon na sealbhóirí comharthaí, ba cheart a …
---+64. Ba cheart cur síos a dhéanamh sa dréachtfhógra poiblí, i bhfriotal soiléir neamhtheicniúil, ar …
---+65. Chun na gcríoch sin, ba cheart an méid seo a leanas ar a laghad a bheith sa dréachtfhógra …
---+66. I gcás ina n-eisíonn roinnt eisitheoirí ART, nó i gcás ina n-eisíonn roinnt eisitheoirí seachas …
---+67. I bhfianaise an méid sin, ba cheart an plean fuascailte a chur in iúl ina dhá mhír, is é sin …
---+68. Ba cheart d’eisitheoirí comhordú a dhéanamh chun an mhír choiteann den phlean fuascailte a …
---+69. Chun comhordú cuí a áirithiú, ba cheart do na heisitheoirí sa phlean fuascailte duine díobh a …
---+70. Ba cheart an dara mír den phlean fuascailte a chur in oiriúint go sonrach d’eagrú inmheánach …
---+71. Ba cheart d’údaráis inniúla gach eisitheora atá rannpháirteach san eisiúint dul i gcomhairle le …
---+72. Ba cheart d’údaráis inniúla dul i gcomhairle le chéile agus dul i gcomhar le chéile chun …
---+73. Ba cheart don eisitheoir a chur san áireamh, cé gur dhá dhoiciméad ar leith iad an plean …
---+74. I gcás inar institiúid creidmheasa nó eintiteas é an t-eisitheoir faoi raon feidhme chur i …
---+75. I gcás inar dhócha go mbeadh aon drochthionchar ag na gníomhaíochtaí, na socruithe conarthacha …
---+76. Ós rud é gurb é an t-údarás réitigh a fhorbraíonn an plean réitigh agus gurb é an t-eisitheoir …
|
4.3 Ábhar an phlean fuascailte
Prionsabail rialachais
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
40. Ba cheart don eisitheoir a áirithiú go bhfuil tuairisc shoiléir mhionsonraithe sa phlean …
|
Ba cheart don eisitheoir a áirithiú go bhfuil tuairisc shoiléir mhionsonraithe sa phlean fuascailte ar na socruithe agus na próisis rialachais lena gcumhdaítear a fhorbairt, a athbhreithniú agus a thabhairt cothrom le dáta, chomh maith lena fhorghníomhú. Go háirithe, ba cheart an méid seo a leanas a bheith san áireamh sa phlean fuascailte: - i. comhalta nó comhaltaí an chomhlachta bainistíochta nó aon duine nó daoine laistigh de struchtúr eagraíochtúil an eisitheora atá freagrach as an bplean fuascailte a fhorbairt, a thabhairt cothrom le dáta agus a chur chun feidhme a léiriú;
- ii. tuairisc a thabhairt ar an gcaoi a gcomhtháthaítear an plean fuascailte sa chreat rialaithe inmheánaigh dá dtagraítear i dTreoirlínte ÚBE maidir le hinneachar íosta na socruithe rialachais d’eisitheoirí ARTanna5 nó rialachán ábhartha eile is infheidhme maidir le heisitheoirí EMTanna;
- iii. tuairisc a thabhairt ar na próisis chun an plean a thabhairt cothrom le dáta nó a athbhreithniú i gcás athruithe ábhartha a dhéanann difear do phróifíl ghnó nó airgeadais an eisitheora nó an chomhartha/na gcomharthaí arna n-eisiúint;
- iv. sainaithneofar na gníomhaíochtaí criticiúla a choinneofar oibríochtúil chun an plean a chur chun feidhme, agus sainaithneofar an duine nó na daoine atá freagrach, ar thaobh an eisitheora nó laistigh den soláthraí tríú páirtí, i gcomhréir le míreanna 42-51;
- v. an próiseas a leagan síos maidir le glacadh na gníomhaíochta ag gach céim chun forghníomhú tráthúil an phlean fuascailte a áirithiú ar chinneadh an údaráis inniúil i gcomhréir le hAirteagal 47(1) de Rialachán (AE) 2023/1114; agus
- vi. an duine teagmhála nó na daoine teagmhála atá i gceannas ar chumarsáid leis na sealbhóirí comharthaí, leis an údarás inniúil nó leis na húdaráis inniúla agus leis na contrapháirtithe agus/nó leis an bpobal a shainaithint, agus sonraí teagmhála cothrom le dáta na ndaoine sin a áireamh laistigh d’eagraíocht an eisitheora.
5 EBA/GL/2024/06. Ar fáil anseo: https://www.eba.europa.eu/sites/default/files/2024-06/611ef3d4-4d67-467f-bf0d-4c2b1dd0ef5e/Final%20report%20on%20draft%20Guidelines%20on%20internal%20governance%20of%20issuers%20of% 20ARTs.pdf.
|
|
41. Ba cheart go léireofaí go cuí sa phlean fuascailte tionchar ainmniú riarthóra shealadaigh nuair …
|
Ba cheart go léireofaí go cuí sa phlean fuascailte tionchar ainmniú riarthóra shealadaigh nuair a fhoráiltear dó leis an dlí is infheidhme de réir Airteagal 47(2) de Rialachán (AE) 2023/1114, lena n-áirítear an iarmhairt go bhféadfadh sé nach mbeadh an comhlacht bainistíochta i gceannas go hiomlán nó go páirteach ar chur chun feidhme an phlean fuascailte. Gníomhaíochtaí criticiúla agus socruithe conarthacha
|
|
42. Ba cheart a áireamh sa phlean fuascailte mapáil ar na gníomhaíochtaí criticiúla atá riachtanach …
|
Ba cheart a áireamh sa phlean fuascailte mapáil ar na gníomhaíochtaí criticiúla atá riachtanach chun an plean a chur chun feidhme go hordúil. Ag féachaint d’eagraíocht struchtúrach an eisitheora, féadfar a áireamh orthu sin feidhmeanna inmheánacha na n-eisitheoirí nó feidhmeanna arna soláthar ag tríú páirtithe. Bunaithe ar an mapáil, ba cheart liosta na bpáirtithe sin a leagan síos sa phlean fuascailte agus na téarmaí conarthacha atá i bhfeidhm a leagan amach.
|
|
43. Ba cheart a áireamh sa mhapáil sin ar na gníomhaíochtaí criticiúla, i gcás inarb ábhartha …
|
Ba cheart a áireamh sa mhapáil sin ar na gníomhaíochtaí criticiúla, i gcás inarb ábhartha, feidhm bainistithe riosca an eisitheora, an deasc trádála, an fheidhm chisteáin nó airgeadais, na feidhmeanna agus na córais TFC ábhartha, an fheidhm frithsciúrtha airgid (AML) (i gcás inarb ann di, ag brath ar chineál an eisitheora), an caidreamh le coimeádaí an chúlchiste sócmhainní (i gcás inarb ann dó), an idirghníomhaíocht le hidirghabhálaithe airgeadais (i gcás inar gá) chun rochtain a fháil ar mhargaí tánaisteacha agus athcheannaigh chun cúlsócmhainní a leachtú, agus an caidreamh le soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní (i gcás inar gá) chun sealbhóirí comharthaí gan íoc a shainaithint agus chun comharthaí gan íoc a bhailiú, nó le soláthraithe seirbhísí íocaíochta (i gcás inar gá) chun íocaíochtaí a dhéanamh leis na sealbhóirí comharthaí a mheastar a bheith i dteideal an éilimh fuascailte nó le haghaidh gníomhaíochtaí gaolmhara eile.
|
|
44. Ba cheart d’eisitheoirí ARTanna nach eintitis faoi oibleagáid iad faoi Threoir 2015/849/AE …
|
Ba cheart d’eisitheoirí ARTanna nach eintitis faoi oibleagáid iad faoi Threoir 2015/849/AE6 míniú a thabhairt i gcónaí sa phlean fuascailte ar an gcaoi a mbeidh baint acu le hidirghabhálaithe atá faoi réir na Treorach sin ionas go ndéanfaidh na hidirghabhálaithe sin an méid seo a leanas: - a) seiceálacha a dhéanamh maidir le frithsciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chomhrac (SA/MSC), lena n-áirítear seiceálacha díchill chuí custaiméara ar shealbhóirí comharthaí a bhfuil éileamh fuascailte curtha isteach acu; agus
- b) a n-oibleagáidí faoi Rialachán (AE) 2023/1113 (an Rialachán maidir le haistriú cistí)7 (féach míreanna 55 agus 56 de na Treoirlínte seo) a chomhlíonadh i ndáil leis an aistriú.
6 Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le cosc a chur le húsáid an chórais airgeadais chun críocha sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoirí, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2006/70/CE ón gCoimisiún (IO L 141, 5.6.2015, lch. 73). 7 Rialachán (AE) 2023/1113 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Bealtaine 2023 maidir le faisnéis a ghabhann le haistrithe cistí agus le cripteashócmhainní áirithe agus lena leasaítear Treoir (AE) 2015/849 (IO L 150, 9.6.2023, lch. 1).
|
|
45. Maidir leis na gníomhaíochtaí criticiúla laistigh d’eagraíocht an eisitheora, ba cheart don …
|
Maidir leis na gníomhaíochtaí criticiúla laistigh d’eagraíocht an eisitheora, ba cheart don eisitheoir forléargas a áireamh sa phlean fuascailte ar na socruithe agus na próisis inmheánacha ábhartha a bhaineann lena bhfeidhmiú agus lena leanúnachas oibríochtúil, lena n-áirítear an príomhdhuine nó na príomhdhaoine a bhfuil sonraí teagmhála éigeandála cothrom le dáta aige nó acu.
|
|
46. Maidir leis na gníomhaíochtaí criticiúla a sholáthraíonn tríú páirtithe, ba cheart a áireamh sa …
|
Maidir leis na gníomhaíochtaí criticiúla a sholáthraíonn tríú páirtithe, ba cheart a áireamh sa phlean fuascailte liosta de na soláthraithe tríú páirtí sin go léir, na príomhtheagmhálaithe laistigh den eisitheoir agus an tríú páirtí atá i gceannas ar an gconradh le sonraí teagmhála éigeandála atá cothrom le dáta.
|
|
47. Ba cheart forléargas a thabhairt sa phlean fuascailte freisin ar ábhar na socruithe …
|
Ba cheart forléargas a thabhairt sa phlean fuascailte freisin ar ábhar na socruithe conarthacha, agus a leordhóthanacht a léiriú, lena n-áirítear coinbhleachtaí leasa a sheachaint, chun oibríochtú tráthúil agus cothromasach an phlean fuascailte a bhaint amach. Ba cheart don eisitheoir a dheimhniú freisin go n-áirithítear leanúnachas feidhmíochta leis na conarthaí sin má dhéantar an plean fuascailte a ghníomhachtú.
|
|
48. Maidir le coimeádaithe an chúlchiste sócmhainní agus leis na hidirghabhálaithe airgeadais (más …
|
Maidir le coimeádaithe an chúlchiste sócmhainní agus leis na hidirghabhálaithe airgeadais (más ann dóibh) a bhfuil sé de chúram orthu na horduithe a chuireann an t-eisitheoir ar fáil chun an cúlchiste sócmhainní a leachtú a fhorghníomhú, ba cheart go léireofaí go cuí sna téarmaí conarthacha a leagtar amach sa phlean fuascailte an cuspóir go ndéanfar na fáltais ó leachtú an chúlchiste sócmhainní a uasmhéadú do shealbhóirí comharthaí, go n-áiritheofar an forghníomhú is fearr ar mhaithe leis na sealbhóirí comharthaí, agus go seachnófar sealbhóirí comharthaí díobhála eacnamaíche míchuí.
|
|
49. Ba cheart don eisitheoir an liosta de sholáthraithe tríú páirtí gníomhaíochtaí criticiúla agus …
|
Ba cheart don eisitheoir an liosta de sholáthraithe tríú páirtí gníomhaíochtaí criticiúla agus na téarmaí conarthacha a choinneáil cothrom le dáta. I gcás inarb ábhartha, féadfar conarthaí leis na soláthraithe tríú páirtí is suntasaí, lena n-áirítear leis na coimeádaithe, a áireamh mar iarscríbhinní a ghabhann leis an bplean fuascailte.
|
|
50. Níor cheart go gcuirfeadh an forléargas ar na socruithe conarthacha atá i bhfeidhm le …
|
Níor cheart go gcuirfeadh an forléargas ar na socruithe conarthacha atá i bhfeidhm le soláthraithe tríú páirtí gníomhaíochtaí criticiúla cosc ar an eisitheoir, más gá, socruithe conarthacha a dhéanamh le haon idirghabhálaithe eile a cheanglaítear tráth a ghníomhachtaítear an plean fuascailte dá rannchuideodh sé sin le cur chun feidhme ní b’éifeachtaí an phlean.
|
|
51. Chun na críche sin, ba cheart próiseas roghnúcháin na n-idirghabhálaithe a léiriú go soiléir …
|
Chun na críche sin, ba cheart próiseas roghnúcháin na n-idirghabhálaithe a léiriú go soiléir agus go hoibríochtúil ar a laghad sa phlean fuascailte, ba cheart achoimre ar na príomhthéarmaí conarthacha atá beartaithe (amhail cúraimí, uainiú nó costais) a áireamh ann, agus ba cheart bileog téarma shealadach a áireamh ann mar iarscríbhinn a ghabhann leis an bplean fuascailte ina mbeidh liosta de chomhpháirtithe conarthacha ionchasacha a raibh an t-eisitheoir páirteach i bplé/i gcaibidlíocht leo, chomh maith leis na critéir roghnúcháin. An próiseas um fhuascailt ordúil éileamh na sealbhóirí comharthaí
|
|
52. Ba cheart don eisitheoir a áirithiú go leagtar síos sa phlean fuascailte próiseas ordúil chun …
|
Ba cheart don eisitheoir a áirithiú go leagtar síos sa phlean fuascailte próiseas ordúil chun éilimh na sealbhóirí comharthaí a fhuascailt agus go ndéantar é sin a shloinneadh agus a chur in iúl i bhfriotal soiléir, nádúrtha agus sothuigthe i gcomhréir leis an treoir maidir leis an bplean cumarsáide sa mhír ábhartha.
|
|
53. Ba cheart próiseas den sórt sin a chur in iúl ar bhealach oibríochtúil agus a áirithiú go …
|
Ba cheart próiseas den sórt sin a chur in iúl ar bhealach oibríochtúil agus a áirithiú go n-íocfar éilimh fuascailte na sealbhóirí comharthaí go tráthúil, i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 47 de Rialachán (AE) 2023/1114 agus le hinneachar an pháipéir bháin maidir le cripteashócmhainní.
|
|
54. Chun na críche sin, ba cheart tuairisc a thabhairt sa phlean fuascailte ar na próisis, ar na …
|
Chun na críche sin, ba cheart tuairisc a thabhairt sa phlean fuascailte ar na próisis, ar na bearta chun rioscaí sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta (ML/TF) a chuireann an t-eisitheoir i bhfeidhm a shainaithint agus aghaidh a thabhairt orthu, agus ar na saoráidí teicniúla a glacadh nó a bheartaítear a bheith i bhfeidhm chun an méid seo a leanas a phróiseáil: - i. sainaithint sealbhóirí comharthaí agus a dteidlíocht ar fhuascailt na gcomharthaí;
- ii. comharthaí fuascailte a bhailiú agus a bhaint go buan as cúrsaíocht; agus
- iii. sócmhainní a íoc amach nó a sheachadadh ina dhiaidh sin chuig na sealbhóirí comharthaí.
|
|
55. Ba cheart go n-áireofaí sa tuairisc ar an bpróiseas tagairt do chomhlíonadh oibleagáidí SA/MSC …
|
Ba cheart go n-áireofaí sa tuairisc ar an bpróiseas tagairt do chomhlíonadh oibleagáidí SA/MSC is infheidhme. Go háirithe, ba cheart an méid seo a leanas a bheith san áireamh sa phlean fuascailte: - a) maidir le pointe (i) i mír 54 thuas, tagairt a dhéanamh d’fhorghníomhú na mbeart díchill chuí custaiméara is infheidhme i gcomhréir le Treoir 2015/849/AE do na sealbhóirí comharthaí a bhfuil an t-éileamh fuascailte á chur isteach acu;
- b) maidir le pointe (iii) i mír 54 thuas, tagairt a dhéanamh do na seiceálacha ar an bhfaisnéis a ghabhann leis an aistriú cistí i gcomhréir le Rialachán (AE) 2023/1113, i gcás inarb infheidhme.
Ba cheart d’údaráis inniúla cumhachtaí a fheidhmiú agus cúraimí a chomhlíonadh i ndáil le fuascailt mar a shonraítear sna Treoirlínte seo i gcomhar éifeachtach agus i malartú faisnéise le húdaráis atá inniúil chun sciúradh airgid a chosc agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chomhrac i gcomhréir le hAirteagal 94(5) den Rialachán sin.
|
|
56. Ba cheart a léiriú go soiléir sa phlean fuascailte na ceanglais agus inneachar íosta an éilimh …
|
Ba cheart a léiriú go soiléir sa phlean fuascailte na ceanglais agus inneachar íosta an éilimh fuascailte atá le comhdú ag na sealbhóirí comharthaí, agus ba cheart an méid seo a leanas a áireamh ann: - a) céannacht agus sonraí teagmhála na sealbhóirí aonair (ainm, seoladh, ríomhphost agus/nó uimhir theileafóin), lena léirítear go gcaithfí le haon sonraí pearsanta i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679;
- b) an fhianaise gurb é an duine a chomhdaíonn an t-éileamh an sealbhóir comharthaí agus, dá bhrí sin, go bhfuil sé i dteideal an chirt fuascailte a gcomhdaítear an t-éileamh fuascailte ina leith agus na barántaí is gá (más ann dóibh) ó thaobh an tsealbhóra comharthaí i gcomhréir leis an bpáipéar bán maidir le cripteashócmhainní;
- c) an fhaisnéis is gá chun aon riosca sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta a shainaithint, a mheasúnú agus a bhainistiú, lena n-áirítear dícheall cuí custaiméara a fhorghníomhú i leith sealbhóirí comharthaí tráth a bhfuascailte i gcomhréir le Treoir 2015/849/AE;
- d) líon na gcomharthaí ábhartha arna sealbhú (lena n-áirítear sealúchais chodánacha) agus na seoltaí blocshlabhra poiblí a chumhdaítear leis an tiachóg ina gcoimeádtar na comharthaí (i gcás inarb infheidhme); agus
- e) léiriú ar chuntas bainc nó íocaíochta an tsealbhóra comharthaí chun na cistí a aistriú mar aisíocaíocht ar an éileamh fuascailte, nó sonraí comhchosúla is gá chun na sócmhainní a sheachadadh le haghaidh na fuascailte (i gcás inarb infheidhme). B’fhearr cuntais bhainc nó íocaíochta den sórt sin a choinneáil le hinstitiúidí creidmheasa nó íocaíochta an Aontais agus in aon chás níor cheart iad a shealbhú i dtríú tíortha ardriosca chun críocha riosca ML/TF dá dtagraítear in Airteagal 9 de Threoir 2015/849/AE.
|
|
57. Leis an bhfaisnéis a liostaítear thuas agus a áirítear san éileamh fuascailte, ba cheart go …
|
Leis an bhfaisnéis a liostaítear thuas agus a áirítear san éileamh fuascailte, ba cheart go gceadófaí don eisitheoir freisin measúnú a dhéanamh ar theidlíocht sealbhóirí comharthaí chun fuascailte, rud atá ina réamhthosaíocht maidir le cead a thabhairt na comharthaí fuascailte a bhailiú agus a bhaint go buan ó chúrsaíocht. Chun na críche sin, ba cheart a shonrú sa phlean fuascailte conas a chuirfear sásra seachadta an chomhartha in aghaidh na híocaíochta chun feidhme. Go háirithe, ba cheart a léiriú ann conas a bhaileoidh an t-eisitheoir gach comhartha fuascailte agus conas a thógfaidh sé as cúrsaíocht ina dhiaidh sin é (nó conas a “dhófar” é) agus an chaoi nach mbeidh aon pháirtí in ann é a athchúrsaíocht, a mhalartú, a aistriú ná a dhíol a thuilleadh.
|
|
58. Ba cheart go soiléireofaí sa phlean fuascailte freisin na foinsí ábhartha faisnéise, agus na …
|
Ba cheart go soiléireofaí sa phlean fuascailte freisin na foinsí ábhartha faisnéise, agus na gníomhaíochtaí agus an próiseas atá beartaithe a chuirfear chun feidhme nó a mbeifear ag brath orthu chun an líon comharthaí a éilítear le haghaidh fuascailte a réiteach le líon na gcomharthaí gan íoc.
|
|
59. Ba cheart a áireamh sa phlean fuascailte na céimeanna, na gníomhaíochtaí agus na próisis …
|
Ba cheart a áireamh sa phlean fuascailte na céimeanna, na gníomhaíochtaí agus na próisis ábhartha uile chun an plean dáilte a fhorbairt chun na sealbhóirí comharthaí a aisíoc a chuir éileamh fuascailte isteach a ndearnadh measúnú dearfach air. Plean cumarsáide
|
|
60. Ba cheart plean cumarsáide a áireamh sa phlean fuascailte a bheidh le gníomhachtú gan mhoill …
|
Ba cheart plean cumarsáide a áireamh sa phlean fuascailte a bheidh le gníomhachtú gan mhoill nuair a ghlacfar cinneadh an údaráis inniúil cur chun feidhme an phlean fuascailte a spreagadh i gcomhréir le hAirteagal 47(1) de Rialachán (AE) 2023/1114.
|
|
61. Ba cheart an méid seo a leanas ar a laghad a bheith sa phlean cumarsáide: a) an dréachtfhógra …
|
Ba cheart an méid seo a leanas ar a laghad a bheith sa phlean cumarsáide: - a) an dréachtfhógra poiblí atá le cur in iúl don phobal; agus
- b) na dréachtfhógraí cumarsáide leis na soláthraithe tríú páirtí gníomhaíochtaí criticiúla ar gá dul i dteagmháil leo láithreach nuair a ghníomhachtaítear an plean fuascailte. I gcás inar comhaontaíodh fógraí cumarsáide sna conarthaí ábhartha, ba cheart iad a chur i gceangal leis an bplean fuascailte.
Ba cheart don eisitheoir comhsheasmhacht an phlean cumarsáide maidir le fuascailt na sealbhóirí comharthaí a áirithiú le pleananna cumarsáide eile atá ann cheana.
|
|
62. Ba cheart an dréachtfhógra poiblí a fhorbairt chun sealbhóirí comharthaí a chur ar an eolas …
|
Ba cheart an dréachtfhógra poiblí a fhorbairt chun sealbhóirí comharthaí a chur ar an eolas faoi ghníomhachtú an phlean fuascailte ar chinneadh an údaráis inniúil d’fhonn na comharthaí a fhuascailt ar bhealach ordúil, tráthúil agus cothrom gan díobháil eacnamaíoch mhíchuí a fhorchur agus i gcomhréir leis na téarmaí a leagtar amach sa pháipéar bán maidir le cripteashócmhainní.
|
|
63. D’fhonn teacht ar an bpobal i gcoitinne agus ar uaslíon na sealbhóirí comharthaí, ba cheart a …
|
D’fhonn teacht ar an bpobal i gcoitinne agus ar uaslíon na sealbhóirí comharthaí, ba cheart a léiriú sa phlean fuascailte na meáin inar cheart an fógra a fhoilsiú. Agus é sin á dhéanamh aige, ba cheart don eisitheoir pribhléid a thabhairt dóibh siúd a úsáideann an t-eisitheoir de ghnáth chun cumarsáid a dhéanamh leis an bpobal agus leis an margadh agus chun a tháirgí agus a sheirbhísí a fhógairt.
|
|
64. Ba cheart cur síos a dhéanamh sa dréachtfhógra poiblí, i bhfriotal soiléir neamhtheicniúil, ar …
|
Ba cheart cur síos a dhéanamh sa dréachtfhógra poiblí, i bhfriotal soiléir neamhtheicniúil, ar phríomhchéimeanna phróiseas na fuascailte agus ar na gníomhaíochtaí a bhfuiltear ag súil go dtabharfaidh sealbhóirí comharthaí fúthu laistigh den tréimhse ama a shonraítear chun a gcomhartha a fhuascailt.
|
|
65. Chun na gcríoch sin, ba cheart an méid seo a leanas ar a laghad a bheith sa dréachtfhógra …
|
Chun na gcríoch sin, ba cheart an méid seo a leanas ar a laghad a bheith sa dréachtfhógra poiblí: - a) an dáta beacht agus an t-am beacht ar gníomhachtaíodh an plean fuascailte bunaithe ar chinneadh ón údarás inniúil;
- b) inneachar íosta an éilimh fuascailte mar a leagtar amach i mír 56 de na Treoirlínte seo;
- c) an tréimhse ama, amhail ó fhoilsiú fógra den sórt sin, ina gceanglaítear ar na sealbhóirí comharthaí a n-éileamh fuascailte a chomhdú leis an eisitheoir nó (i gcás inarb infheidhme) leis na soláthraithe seirbhíse tríú páirtí, i gcomhréir leis an méid a léirítear sa pháipéar bán; agus
- d) an mhódúlacht, an tacaíocht theicniúil agus an suíomh inar cheart do shealbhóirí comharthaí a n-éileamh fuascailte a chomhdú, e.g. tairseach bheacht an eisitheora nó – i gcás inarb infheidhme – tairseach bheacht tríú páirtí. Níor cheart go ndéanfadh an réiteach/na réitigh a ghlacfar idirdhealú in aghaidh sealbhóirí comharthaí, e.g. mar gheall ar a n-áit chónaithe.
Eisiúint an ART nó an EMT chéanna ag eisitheoirí iomadúla
|
|
66. I gcás ina n-eisíonn roinnt eisitheoirí ART, nó i gcás ina n-eisíonn roinnt eisitheoirí seachas …
|
I gcás ina n-eisíonn roinnt eisitheoirí ART, nó i gcás ina n-eisíonn roinnt eisitheoirí seachas institiúidí creidmheasa EMT suntasach, foráiltear le Rialachán (AE) 2023/1114 nach mór cúlchiste aonair sócmhainní a chur ar bun chun sásra cobhsaíochta cuí an chomhartha a áirithiú.
|
|
67. I bhfianaise an méid sin, ba cheart an plean fuascailte a chur in iúl ina dhá mhír, is é sin …
|
I bhfianaise an méid sin, ba cheart an plean fuascailte a chur in iúl ina dhá mhír, is é sin, chéad mhír choiteann do na heisitheoirí uile agus comhaontaithe ag na heisitheoirí uile, agus dara mír sonrach do gach eisitheoir.
|
|
68. Ba cheart d’eisitheoirí comhordú a dhéanamh chun an mhír choiteann den phlean fuascailte a …
|
Ba cheart d’eisitheoirí comhordú a dhéanamh chun an mhír choiteann den phlean fuascailte a fhorbairt agus a chomhaontú, ar cheart na codanna seo a leanas ar a laghad a bheith inti: - i. na prionsabail agus na cuspóirí ginearálta lena rialaítear an plean fuascailte mar a luaitear sa mhír “Prionsabail agus cuspóirí ginearálta an phlean fuascailte” de na Treoirlínte seo;
- ii. an mhír “Gníomhaíochtaí criticiúla agus socruithe conarthacha” de na Treoirlínte seo d’fhonn na gníomhaíochtaí criticiúla ar cheart don eisitheoir atá faoina rialú a bheith oibríochtúil chun an plean fuascailte comhchoiteann a chur chun feidhme go héifeachtach a shainaithint;
- iii. an mhír “An próiseas um fhuascailt ordúil éileamh na sealbhóirí comharthaí”;
- iv. an mhír “Plean cumarsáide”;
- v. an comhordú éifeachtach idir na heisitheoirí chun an plean fuascailte a fhorbairt, a athbhreithniú agus a thabhairt cothrom le dáta;
- vi. comhordú éifeachtach idir na heisitheoirí chun an plean a chur chun feidhme go hordúil tráth a ghníomhachtaithe le cinneadh ón údarás inniúil; agus
- vii. gealltanas na n-eisitheoirí uile téarmaí an phlean fuascailte arna chomhaontú go coitianta a chomhlíonadh go hiomlán agus go dílis.
|
|
69. Chun comhordú cuí a áirithiú, ba cheart do na heisitheoirí sa phlean fuascailte duine díobh a …
|
Chun comhordú cuí a áirithiú, ba cheart do na heisitheoirí sa phlean fuascailte duine díobh a cheapadh mar chomhordaitheoir gan dochar do chuntasacht gach eisitheora faoi seach. D’fhéadfaí an ceann deireanach sin a roghnú ag féachaint do thaithí chomparáideach na n-eisitheoirí éagsúla sa ghnó agus leibhéal aibíochta a n-eagraíochta inmheánaí, don ról san idirghníomhaíocht leis na coimeádaithe agus le soláthraithe nó idirghabhálaithe tríú páirtí eile, agus d’ábharthacht a rannpháirtíochta san eisiúint. D’fhéadfaí a áireamh ar na cúraimí comhordúcháin forbairt, athbhreithniú agus nuashonrú an phlean fuascailte, cur chun feidhme na míre maidir leis an bplean cumarsáide, agus comhordú bhainistiú agus fhorghníomhú an phlean fuascailte.
|
|
70. Ba cheart an dara mír den phlean fuascailte a chur in oiriúint go sonrach d’eagrú inmheánach …
|
Ba cheart an dara mír den phlean fuascailte a chur in oiriúint go sonrach d’eagrú inmheánach gach eisitheora. Go háirithe, ba cheart d’eisitheoirí bearta iomchuí a leagan síos arb é is aidhm dóibh cur i bhfeidhm na nithe seo a leanas a áirithiú: - i. an mhír “Prionsabail rialachais” de na Treoirlínte seo; agus
- ii. an mhír “Gníomhaíochtaí criticiúla agus socruithe conarthacha”, ag féachaint do na gníomhaíochtaí criticiúla laistigh d’eagraíocht an eisitheora nó arna soláthar ag tríú páirtithe ar gá dóibh a bheith oibríochtúil chun an plean fuascailte a chur chun feidhme go héifeachtach.
|
|
71. Ba cheart d’údaráis inniúla gach eisitheora atá rannpháirteach san eisiúint dul i gcomhairle le …
|
Ba cheart d’údaráis inniúla gach eisitheora atá rannpháirteach san eisiúint dul i gcomhairle le chéile go tráthúil agus comhoibriú maidir leis an measúnú ar an bplean fuascailte arna chur isteach ag na heisitheoirí.
|
|
72. Ba cheart d’údaráis inniúla dul i gcomhairle le chéile agus dul i gcomhar le chéile chun …
|
Ba cheart d’údaráis inniúla dul i gcomhairle le chéile agus dul i gcomhar le chéile chun measúnú a dhéanamh ar cibé acu a chomhlíontar nó nach gcomhlíontar aon fhoras chun an plean fuascailte a ghníomhachtú. Ba cheart d’údaráis inniúla gan an plean fuascailte a ghníomhachtú aon uair a dhéanann eisitheoir amháin eile nó níos mó na héifeachtaí díobhálacha ar an ART nó ar an EMT gan íoc a eascraíonn as neamhábaltacht nó neamhábaltacht ar dócha a bheith ann eisitheora amháin a oibleagáidí a chomhlíonadh a leigheas gan mhoill, ar bhealach a sheachnaíonn tionchar diúltach ar mhuinín na sealbhóirí comharthaí, ar chearta na sealbhóirí comharthaí nó ar chobhsaíocht na margaí. Idirghníomhaíocht an phlean fuascailte le himeachtaí eile
|
|
73. Ba cheart don eisitheoir a chur san áireamh, cé gur dhá dhoiciméad ar leith iad an plean …
|
Ba cheart don eisitheoir a chur san áireamh, cé gur dhá dhoiciméad ar leith iad an plean téarnaimh, a forbraíodh i gcomhréir le hAirteagal 46 de Rialachán (AE) 2023/1114, agus an plean fuascailte, lena dtugtar aghaidh ar dhá chéim agus ar dhá chás éagsúla de ghéarchéim fhéideartha an eisitheora, ba cheart dóibh a bheith comhsheasmhach go háirithe a mhéid a bhaineann le rialachas inmheánach agus socruithe bainistithe riosca, próisis agus sainaithint córas TF agus gníomhaíochtaí criticiúla.
|
|
74. I gcás inar institiúid creidmheasa nó eintiteas é an t-eisitheoir faoi raon feidhme chur i …
|
I gcás inar institiúid creidmheasa nó eintiteas é an t-eisitheoir faoi raon feidhme chur i bhfeidhm Threoir 2014/59/AE8 nó i gcás inar contrapháirtí lárnach é atá faoi réir Rialachán (AE) 2021/239 , ba cheart don eisitheoir an plean fuascailte a fhorbairt go comhsheasmhach lena phlean réitigh agus lena cheanglais inréiteachta. Chuige sin, ba cheart don eisitheoir straitéis réitigh an eintitis, na feidhmeanna criticiúla sainaitheanta agus socruithe an leibhéil seirbhíse atá ríthábhachtach do leanúnachas oibríochtúil an eintitis a chur san áireamh, agus ba cheart dó féachaint le hoibriú rianúil na straitéise réitigh agus an phlean fuascailte a áirithiú an tráth céanna.
8 Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 lena mbunaítear creat do théarnamh agus réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Treoir 82/891/CEE ón gComhairle agus Treoracha 2001/24/CE, 2002/47/CE, 2004/25/CE, 2005/56/CE, 2007/36/CE, 2011/35/AE, 2012/30/AE agus 2013/36/AE, agus Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010 agus Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 173, 12.6.2014, lch. 190). 9 Rialachán (AE) 2021/23 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2020 maidir le creat le haghaidh téarnamh agus réiteach contrapháirtithe lárnacha agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1095/2010, (AE) Uimh. 648/2012, (AE) Uimh. 600/2014, (AE) Uimh. 806/2014 agus (AE) 2015/2365 agus Treoracha 2002/47/CE, 2004/25/CE, 2007/36/CE, 2014/59/AE agus (AE) 2017/1132 (IO L 22, 22.1.2021, lch. 1).
|
|
75. I gcás inar dhócha go mbeadh aon drochthionchar ag na gníomhaíochtaí, na socruithe conarthacha …
|
I gcás inar dhócha go mbeadh aon drochthionchar ag na gníomhaíochtaí, na socruithe conarthacha, na nósanna imeachta agus na córais atá beartaithe ag an eisitheoir sa phlean fuascailte ar inréiteacht an eintitis, ba cheart don eisitheoir aird an údaráis réitigh a tharraingt orthu i nóta mar iarscríbhinn a ghabhann leis an bplean fuascailte. Tá an méid sin gan dochar d’athbhreithniú an údaráis réitigh ar an bplean fuascailte ag féachaint d’inréiteacht an eintitis agus dá chumhacht moltaí a chur faoi bhráid an údaráis inniúil i gcomhréir le hAirteagal 47(4) de Rialachán (AE) 2023/1114.
|
|
76. Ós rud é gurb é an t-údarás réitigh a fhorbraíonn an plean réitigh agus gurb é an t-eisitheoir …
|
Ós rud é gurb é an t-údarás réitigh a fhorbraíonn an plean réitigh agus gurb é an t-eisitheoir a fhorbraíonn an plean fuascailte, doiciméid ar leithligh a bheidh sa dá phlean.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- EBA - Published by the European Banking Authority at https://www.eba.europa.eu/
|