+4.4 Tréimhsiúlacht an athbhreithnithe agus an nuashonraithe
---+77. Chun a áirithiú go gcoinneofar pleananna fuascailte oibríochtúil agus éifeachtach i gcónaí, ba …
---+78. Ba cheart a chur san áireamh i minicíocht an athbhreithnithe prionsabal na comhréireachta mar a …
---+79. Ba cheart don eisitheoir an plean fuascailte a athbhreithniú agus a thabhairt cothrom le dáta …

4.4 Tréimhsiúlacht an athbhreithnithe agus an nuashonraithe

4.4 Tréimhsiúlacht an athbhreithnithe agus an nuashonraithe

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
77. Chun a áirithiú go gcoinneofar pleananna fuascailte oibríochtúil agus éifeachtach i gcónaí, ba …

Chun a áirithiú go gcoinneofar pleananna fuascailte oibríochtúil agus éifeachtach i gcónaí, ba cheart d’eisitheoirí pleananna den sórt sin a athbhreithniú agus a thabhairt cothrom le dáta go rialta, lena n-áirítear i gcásanna athruithe ábhartha a dhéanann difear don eisitheoir nó dá thimpeallacht ghnó mar a thuairiscítear a thuilleadh i mír 79, agus an plean fuascailte athbhreithnithe a chur faoi bhráid an údaráis inniúil lena mheasúnú. Ba cheart athbhreithniú pras tráthúil ar an bplean fuascailte a bheith mar thoradh ar aon athrú ar an bplean téarnaimh chun a mheas an bhfuil sé fós comhsheasmhach leis an leagan nua den phlean téarnaimh.

78. Ba cheart a chur san áireamh i minicíocht an athbhreithnithe prionsabal na comhréireachta mar a …

Ba cheart a chur san áireamh i minicíocht an athbhreithnithe prionsabal na comhréireachta mar a chuirtear in iúl i mír 12 agus an treoir maidir le minicíocht an athbhreithnithe ar an bplean fuascailte de réir mhíreanna 13 agus 14.

79. Ba cheart don eisitheoir an plean fuascailte a athbhreithniú agus a thabhairt cothrom le dáta …

Ba cheart don eisitheoir an plean fuascailte a athbhreithniú agus a thabhairt cothrom le dáta go pras freisin tráth a tharlaíonn athruithe ábhartha, go háirithe maidir leis an méid seo a leanas:

  • i. samhail ghnó nó struchtúr eagraíochtúil an eisitheora;
  • ii. cineál an dearbháin, lena n-áirítear na cearta agus na hoibleagáidí a ghabhann leis an dearbhán;
  • iii. dálaí margaidh a dhéanann difear don eisitheoir nó don chúlchiste sócmhainní nó d’úsáid an chomhartha;
  • iv. teacht chun cinn aon leochaileachta anaithnide, go háirithe i ndáil le riosca TFC nó cibirionsaí, a mbeadh neamhéifeachtacht an phlean mar thoradh air; agus
  • v. gnéithe dlíthiúla, rialála nó maoirseachta.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • EBA - Published by the European Banking Authority at https://www.eba.europa.eu/