+95. Chun críocha faireachán a dhéanamh ar na rioscaí a bhaineann ‑ go sonrach leis an gcomhshaol a …
|
95. Chun críocha faireachán a dhéanamh ar na rioscaí a bhaineann ‑ go sonrach leis an gcomhshaol a …
Chun críocha faireachán a dhéanamh ar na rioscaí a bhaineann ‑ go sonrach leis an gcomhshaol a d’fhéadfadh eascairt as an bpróiseas coigeartaithe i leith cuspóirí rialála a bhaineann leis an aeráid agus leis an gcomhshaol sna dlínsí ina bhfeidhmíonn siad agus aghaidh a thabhairt orthu, ba cheart d’institiúidí cásanna a roghnú go cúramach trí na céimeanna seo a leanas a ghlacadh: - a) measúnú a dhéanamh ar na himpleachtaí a d’fhéadfadh a bheith ag cuspóirí an Aontais, na mBallstát agus, i gcás inarb ábhartha, ag cuspóirí tríú tíortha maidir le conairí um aistriú, le haghaidh earnálacha roghnaithe arna gcinneadh ar bhonn an mheasúnaithe ábharthachta, ar a laghad. Sa phróiseas sin, ba cheart d’institiúidí na conairí dóchúla ón gComhaontú Glas don Eoraip, ó Dhlí Aeráide an Aontais, agus ó na tuarascálacha agus na bearta is déanaí arna bhforordú ag an mBord Comhairleach Eolaíochta Eorpach maidir leis an Athrú Aeráide a chur san áireamh;
- b) breithniú a dhéanamh ar chásanna eolaíochtbhunaithe agus nuashonraithe a thagann ó eagraíochtaí náisiúnta, AE nó idirnáisiúnta dá dtagraítear i mír 38;
- c) cuspóirí nó gealltanais dheonacha nó sainordaithe rialála na hinstitiúide maidir le maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú don athrú sin a chur san áireamh.
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- EBA - Published by the European Banking Authority at https://www.eba.europa.eu/
|