+Maidir le rioscaí fisiceacha:

Maidir le rioscaí fisiceacha:

Ba cheart d’institiúidí breithniú a dhéanamh ar ghéar -rioscaí a eascraíonn as minicíocht mhéadaitheach agus déine teagmhas adhaimsire aeráide nó aimsire (amhail tonnta teasa, tuilte nó éilliú foinsí uisce) agus rioscaí ainsealacha a eascraíonn as athruithe fadtéarmacha i bpatrúin aeráide agus aimsire (amhail meánteochtaí a bhíonn ag ardú, ardú ar leibhéal na farraige nó laghdú ar phailniú).

Cainéil mhicreacnamaíocha:

  • • Bíonn tionchar ar bhrabúsacht chorparáideach ag bristeacha tromchúiseacha ar ghnó nó ar an slabhra luacha mar gheall ar dhálaí comhshaoil an - díobhálach, ag meath de réir a chéile mar gheall ar dhálaí oibre, nó ag costais a bhíonn ag ardú (e.g. costais oiriúnaithe, praghas na bpríomhionchur);
  • • Bíonn tionchar ar ioncam teaghlaigh ag bristeacha comhshaoil, ag meath de réir a chéile ar ghníomhaíochtaí eacnamaíocha, nó ag tionchar ar an tsláinte;
  • • Déantar damáiste do shócmhainní corparáideacha nó d’airíonna teaghlaigh mar gheall ar dhrochaimsir thromchúiseach nó tágann meath orthu de réir a chéile (e.g. créanna craptha agus borrtha);
  • • Íocann cuideachtaí agus teaghlaigh costais chothabhála agus oiriúnaithe níos airde, nó fiú costais atógála.

Cainéil mhaicreacnamaíocha:

  • • Éifeachtaí iarmhartacha na drochaimsire tromchúisí, na dteagmhas truaillithe, an ghanntanais uisce agus éifeachtaí eile téimh dhomhanda agus díghrádaithe éiceachórais ar gheilleagar iomlán limistéir gheografaigh áirithe;
  • • Athruithe suntasacha ar phraghsanna ó shuaití soláthair a mbíonn brú boilscitheach mar thoradh orthu;
  • • Laghdú ar tháirgiúlacht an lucht saothair agus tionchar ar an tsláinte;
  • • Bristeacha sa slabhra soláthair agus ganntanas acmhainní;
  • • Imircí agus díláithriúcháin.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • EBA - Published by the European Banking Authority at https://www.eba.europa.eu/