+Iarscríbhinn: liosta de na cainéil tarchurtha féideartha a d’fhéadfadh institiúidí a chur san áireamh
---+I gcás rioscaí aistrithe:
---+Maidir le rioscaí fisiceacha:
|
Iarscríbhinn: liosta de na cainéil tarchurtha féideartha a d’fhéadfadh institiúidí a chur san áireamh
Iarscríbhinn: liosta de na cainéil tarchurtha féideartha a d’fhéadfadh institiúidí a chur san áireamh
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
I gcás rioscaí aistrithe:
|
Ba cheart d’institiúidí breithniú a dhéanamh ar rioscaí aistrithe a eascraíonn as an aistriú i dtreo geilleagar níos inbhuanaithe agus geilleagar ísealcharbóin. D’fhéadfaí a áireamh orthu sin rioscaí beartais agus dlíthiúla (amhail sásraí nua praghsála carbóin nó rialacháin chomhshaoil níos déine), rioscaí teicneolaíochta (amhail dífheidhmeacht sócmhainní ardastaíochtaí), agus rioscaí margaidh (amhail athruithe ar roghanna tomhaltóirí nó ar phatrúin éilimh). Cainéil mhicreacnamaíocha: - • Níl corparáidí brabúsach tuilleadh nó tá siad go mór i bhfiacha, nó tá an baol ann go dtiocfaidh siad chun bheith amhlaidh, mar gheall ar chostais chomhshaoil atá ag dul i méid (e.g. costais a bhaineann le haistriú chuig teicneolaíochtaí níos glaise, slabhraí soláthair agus próisis táirgthe, costais fuinnimh a mhéadú, cánachas ar astaíochtaí a mhéadú, luaineacht praghsanna tráchtearraí, préimheanna ganntanais acmhainní) agus/nó athruithe ar roghanna tomhaltóirí agus dinimicí iomaíocha.
- • Tá sócmhainní sáinnithe nó lagaithe go suntasach, nó tá an baol ann go dtiocfaidh siad chun bheith amhlaidh, toisc nach bhfuil siad in oiriúint a thuilleadh do na caighdeáin reatha nó do roghanna tomhaltóirí.
- • Tá corparáidí faoi dhliteanas dlíthiúil, i bhfianaise mainneachtain pháirteach ailíniú leis an aistriú.
- • Íocann teaghlaigh costais aistrithe (e.g. costais a bhaineann le réadmhaoin a thabhairt suas go gnáthchaillteanas nó caillteanas caipitil ar díol, cánachas méadaithe, praghsanna fuinnimh níos airde, costas méadaithe earraí agus seirbhísí bunúsacha) a dhéanann difear suntasach dá staid airgeadais agus dá n-éileamh ar iasachtaí.
Cainéil mhaicreacnamaíocha: - • Athrú bunúsach ar mheascán fuinnimh, leibhéil praghsanna fuinnimh agus patrúin úsáide fuinnimh – arna spreagadh ag iarrachtaí maolaithe aeráide, rialú truaillithe, ganntanas acmhainní, etc. - a théann i bhfeidhm ar an ngeilleagar ina iomláine;
- • Athruithe suntasacha ar phraghsanna, go háirithe i gcás táirgí atá dian ar fhuinneamh nó atá díobhálach don chomhshaol;
- • Athruithe táirgiúlachta;
- • Aimhréireachtaí sa mhargadh saothair a mbíonn dífhostaíocht mar thoradh orthu agus earnálacha faoi bhrú mar gheall ar easpa oibrithe oilte;
- • Athruithe ar roghanna tomhaltóirí agus ar roghanna margaidh;
- • Tionchair eile ar thrádáil idirnáisiúnta, ioncaim rialtais, spás fioscach, rátaí úis agus rátaí malairte.
|
|
Maidir le rioscaí fisiceacha:
|
Ba cheart d’institiúidí breithniú a dhéanamh ar ghéar -rioscaí a eascraíonn as minicíocht mhéadaitheach agus déine teagmhas adhaimsire aeráide nó aimsire (amhail tonnta teasa, tuilte nó éilliú foinsí uisce) agus rioscaí ainsealacha a eascraíonn as athruithe fadtéarmacha i bpatrúin aeráide agus aimsire (amhail meánteochtaí a bhíonn ag ardú, ardú ar leibhéal na farraige nó laghdú ar phailniú). Cainéil mhicreacnamaíocha: - • Bíonn tionchar ar bhrabúsacht chorparáideach ag bristeacha tromchúiseacha ar ghnó nó ar an slabhra luacha mar gheall ar dhálaí comhshaoil an - díobhálach, ag meath de réir a chéile mar gheall ar dhálaí oibre, nó ag costais a bhíonn ag ardú (e.g. costais oiriúnaithe, praghas na bpríomhionchur);
- • Bíonn tionchar ar ioncam teaghlaigh ag bristeacha comhshaoil, ag meath de réir a chéile ar ghníomhaíochtaí eacnamaíocha, nó ag tionchar ar an tsláinte;
- • Déantar damáiste do shócmhainní corparáideacha nó d’airíonna teaghlaigh mar gheall ar dhrochaimsir thromchúiseach nó tágann meath orthu de réir a chéile (e.g. créanna craptha agus borrtha);
- • Íocann cuideachtaí agus teaghlaigh costais chothabhála agus oiriúnaithe níos airde, nó fiú costais atógála.
Cainéil mhaicreacnamaíocha: - • Éifeachtaí iarmhartacha na drochaimsire tromchúisí, na dteagmhas truaillithe, an ghanntanais uisce agus éifeachtaí eile téimh dhomhanda agus díghrádaithe éiceachórais ar gheilleagar iomlán limistéir gheografaigh áirithe;
- • Athruithe suntasacha ar phraghsanna ó shuaití soláthair a mbíonn brú boilscitheach mar thoradh orthu;
- • Laghdú ar tháirgiúlacht an lucht saothair agus tionchar ar an tsláinte;
- • Bristeacha sa slabhra soláthair agus ganntanas acmhainní;
- • Imircí agus díláithriúcháin.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- EBA - Published by the European Banking Authority at https://www.eba.europa.eu/
|