1. Chun ardleibhéal coiteann athléimneachta digití oibríochtúla a bhaint amach, leagtar síos sa Rialachán seo ceanglais aonfhoirmeacha maidir le slándáil córas gréasán agus faisnéise lena dtacaítear le próisis ghnó na n-eintiteas airgeadais mar a leanas:
|
(a)
|
ceanglais is infheidhme maidir le heintiteas airgeadais i ndáil leis na nithe seo a leanas:
|
(i)
|
bainistíocht riosca teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide (TFC);
|
|
(ii)
|
mórtheagmhais a bhaineann le TFC a thuairisciú agus cibearbhagairtí suntasacha a chur in iúl do na húdaráis inniúla ar bhonn deonach;
|
|
(iii)
|
mórtheagmhais oibríochtúla nó mórtheagmhais a bhaineann le híocaíochtaí slándála a thuairisciú do na húdaráis inniúla ó eintitis airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 2(1), pointí (a) go (d);
|
|
(iv)
|
tástáil maidir le hathléimneacht dhigiteach oibríochtúil;
|
|
(v)
|
comhroinnt eolais agus faisnéise i ndáil le cibearbhagairtí agus leochaileachtaí;
|
|
(vi)
|
bearta le haghaidh na bainistíochta fónta den riosca TFC tríú páirtí ag eintitis airgeadais;
|
|
|
(b)
|
ceanglais i ndáil leis na socruithe conarthacha arna dtabhairt i gcrích idir soláthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí agus eintitis airgeadais;
|
|
(c)
|
rialacha maidir leis an gCreat Formhaoirseachta do sholáthraithe seirbhíse TFC tríú páirtí criticiúla a bhunú agus a dhéanamh agus seirbhísí á soláthar acu d’eintitis airgeadais;
|
|
(d)
|
rialacha maidir le comhar i measc údaráis inniúla, agus rialacha maidir le maoirseacht agus forfheidhmiú ag údaráis inniúla i ndáil le gach ábhar a chumhdaítear leis an Rialachán seo.
|