+Airteagal 1 Ábhar
---+Airteagal 1 1
---+Airteagal 1 2
---+Airteagal 1 3

Airteagal 1 Ábhar

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 1 1

1.   Chun ardleibhéal coiteann athléimneachta digití oibríochtúla a bhaint amach, leagtar síos sa Rialachán seo ceanglais aonfhoirmeacha maidir le slándáil córas gréasán agus faisnéise lena dtacaítear le próisis ghnó na n-eintiteas airgeadais mar a leanas:

(a)

ceanglais is infheidhme maidir le heintiteas airgeadais i ndáil leis na nithe seo a leanas:

(i)

bainistíocht riosca teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide (TFC);

(ii)

mórtheagmhais a bhaineann le TFC a thuairisciú agus cibearbhagairtí suntasacha a chur in iúl do na húdaráis inniúla ar bhonn deonach;

(iii)

mórtheagmhais oibríochtúla nó mórtheagmhais a bhaineann le híocaíochtaí slándála a thuairisciú do na húdaráis inniúla ó eintitis airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 2(1), pointí (a) go (d);

(iv)

tástáil maidir le hathléimneacht dhigiteach oibríochtúil;

(v)

comhroinnt eolais agus faisnéise i ndáil le cibearbhagairtí agus leochaileachtaí;

(vi)

bearta le haghaidh na bainistíochta fónta den riosca TFC tríú páirtí ag eintitis airgeadais;

(b)

ceanglais i ndáil leis na socruithe conarthacha arna dtabhairt i gcrích idir soláthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí agus eintitis airgeadais;

(c)

rialacha maidir leis an gCreat Formhaoirseachta do sholáthraithe seirbhíse TFC tríú páirtí criticiúla a bhunú agus a dhéanamh agus seirbhísí á soláthar acu d’eintitis airgeadais;

(d)

rialacha maidir le comhar i measc údaráis inniúla, agus rialacha maidir le maoirseacht agus forfheidhmiú ag údaráis inniúla i ndáil le gach ábhar a chumhdaítear leis an Rialachán seo.

Airteagal 1 2

2.   I ndáil le heintitis airgeadais arna sainaithint mar eintitis bhunriachtanacha nó thábhachtacha de bhun rialacha náisiúnta lena dtrasuitear Airteagal 3 de Threoir (AE) 2022/2555, measfar go mbeidh an Rialachán seo ina ghníomh dlí sainearnála de chuid an Aontais chun críocha Airteagal 4 den Treoir sin.

Airteagal 1 3

3.   Tá an Rialachán seo gan dochar do fhreagracht na mBallstát maidir le feidhmeanna bunriachtanacha Stáit a bhaineann leis an tslándáil phoiblí, leis an gcosaint agus leis an tslándáil náisiúnta i gcomhréir le dlí an Aontais.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas