+Airteagal 2 Raon feidhme
---+Airteagal 2 1
---+Airteagal 2 2
---+Airteagal 2 3
---+Airteagal 2 4

Airteagal 2 Raon feidhme

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 2 1

1.   Gan dochar do mhíreanna 3 agus 4, tá feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na heintitis seo a leanas:

(a)

institiúidí creidmheasa;

(b)

institiúidí íocaíochta, lena n-áirítear institiúidí íocaíochta atá díolmhaithe de bhun Threoir (AE) 2015/2366;

(c)

soláthraithe seirbhísí faisnéise cuntais;

(d)

institiúidí ríomh-airgid, lena n-áirítear institiúidí ríomh-airgid atá díolmhaithe de bhun Threoir 2009/110/CE;

(e)

gnólachtaí infheistíochta;

(f)

soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní mar a údaraítear faoi Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le margaí i gcriptea-shócmhainní, agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010 agus (AE) Uimh. 1095/2010 agus Treoracha 2013/36/AE agus (AE) 2019/1937 (‘an Rialachán maidir le margaí i gcriptea-shócmhainní’) agus eisitheoirí licíní sócmhainn-tagartha;

(g)

taisclanna lárnacha urrús;

(h)

contrapháirtithe lárnacha;

(i)

ionaid trádála;

(j)

stórtha trádála;

(k)

bainisteoirí cistí infheistíochta malartacha;

(l)

cuideachtaí bainistíochta;

(m)

soláthraithe seirbhísí tuairiscithe sonraí;

(n)

gnóthais árachais agus athárachais;

(o)

idirghabhálaithe árachais, idirghabhálaithe athárachais agus idirghabhálaithe árachais coimhdeacha;

(p)

institiúidí um sholáthar pinsean ceirde;

(q)

gníomhaireachtaí rátála creidmheasa;

(r)

riarthóirí tagarmharcanna criticiúla;

(s)

soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin;

(t)

stórtha urrúsúcháin;

(u)

soláthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí.

Airteagal 2 2

2.   Chun críocha an Rialacháin seo, is mar ‘eintitis airgeadais’ a thagrófar do na heintitis dá dtagraítear i mír 1, pointí (a) go (t) le chéile.

Airteagal 2 3

3.   Níl feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)

bainisteoirí cistí infheistíochta malartacha dá dtagraítear in Airteagal 3(2) de Threoir 2011/61/AE;

(b)

gnóthais árachais agus athárachais dá dtagraítear in Airteagal 4 de Threoir 2009/138/CE;

(c)

institiúidí um sholáthar pinsean ceirde a oibríonn scéimeanna pinsin nach bhfuil níos mó ná 15 chomhalta san iomlán iontu le chéile;

(d)

daoine nádúrtha nó dlítheanacha atá díolmhaithe de bhun Airteagail 2 agus 3 de Threoir 2014/65/AE;

(e)

idirghabhálaithe árachais, idirghabhálaithe athárachais agus idirghabhálaithe árachais coimhdeacha ar micrifhiontair nó fiontair bheaga nó fiontair mheánmhéide iad;

(f)

institiúidí gíoró oifige poist mar a thagraítear dóibh in Airteagal 2(5), pointe (3), de Threoir 2013/36/AE.

Airteagal 2 4

4.   Féadfaidh na Ballstáit eintitis dá dtagraítear in Airteagal 2(5), pointí (4) go (23), de Threoir 2013/36/AE atá lonnaithe laistigh dá gcríocha faoi seach a eisiamh ó raon feidhme an Rialacháin seo. I gcás ina mbainfidh Ballstát úsáid as an rogha sin, cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas faoin méid sin chomh maith le haon athruithe a dhéanfar air ina dhiaidh sin. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar fáil go poiblí ar a shuíomh gréasáin nó ar mhodh eile atá inrochtana go héasca.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas