+Airteagal 31 2
|
Airteagal 31 2
2. Beidh an t-ainmniú dá dtagraítear i mír 1, pointe (a), bunaithe ar na critéir uile seo a leanas maidir le seirbhísí TFC arna soláthar ag an soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí:
|
(a)
|
an tionchar sistéamach ar chobhsaíocht, leanúnachas nó cáilíocht an tsoláthair seirbhísí airgeadais i gcás ina mbeadh mainneachtain oibríochtúil ar scála mór le sárú ag an soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí ábhartha maidir lena sheirbhísí a sholáthar, agus líon na n-eintiteas airgeadais agus luach iomlán shócmhainní na n-eintiteas airgeadais, dá soláthraíonn an soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí ábhartha seirbhísí, á chur san áireamh;
|
|
(b)
|
tréithe sistéamacha nó tábhacht shistéamach na n-eintiteas airgeadais a bhraitheann ar an soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí ábhartha, arna measúnú i gcomhréir leis na paraiméadair seo a leanas:
|
(i)
|
an líon institiúidí domhanda a bhfuil tábhacht shistéamach leo (G-SIInna) nó an líon institiúidí eile a bhfuil tábhacht shistéamach leo (O-SIInna) a bhraitheann ar an soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí faoi seach;
|
|
(ii)
|
an t-idirspleáchas idir G-SIInna nó O-SIInna dá dtagraítear i bpointe (i) agus eintitis airgeadais eile lena n-áirítear cásanna ina soláthraíonn G-SIInna nó O-SIInna seirbhísí bonneagair airgeadais d’eintitis airgeadais eile;
|
|
|
(c)
|
a mhéid is a bhraitheann eintitis airgeadais ar na seirbhísí a sholáthraíonn an soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí ábhartha i ndáil le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha eintiteas airgeadais a bhaineann leis an soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí céanna ar deireadh, gan beann ar cibé acu a bhraitheann nó nach mbraitheann eintitis airgeadais ar na seirbhísí sin go díreach nó go hindíreach, trí shocruithe fochonraitheoireachta;
|
|
(d)
|
a inionadaithe atá an soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí, agus na paraiméadair seo a leanas á gcur san áireamh:
|
(i)
|
fíor-roghanna malartacha a bheith in easnamh, fiú go páirteach, mar gheall ar an líon teoranta soláthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí atá gníomhach i margadh sonrach, nó mar gheall ar an sciar den mhargadh atá ag an soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí ábhartha, nó mar gheall ar an gcastacht nó an tsofaisticiúlacht theicniúil atá i gceist, lena n-áirítear i ndáil le haon teicneolaíocht dílseánaigh, nó gnéithe sonracha eagraíocht nó ghníomhaíocht an tsoláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí;
|
|
(ii)
|
deacrachtaí i ndáil leis na sonraí ábhartha agus na hualaí oibre ábhartha a aistriú go páirteach nó go hiomlán ón soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí ábhartha go soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí eile, mar gheall ar chostais airgeadais shuntasacha, méid ama suntasach nó acmhainní eile a d’fhéadfadh a bheith i gceist leis an bpróiseas aistrithe, nó mar gheall ar riosca méadaithe TFC nó rioscaí oibríochtúla eile dá bhféadfadh an t-eintiteas airgeadais a bheith neamhchosanta orthu trí aistriú den sórt sin.
|
|
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|