+Airteagal 34 Comhordú oibríochtúil idir Príomh-Fhormhaoirseoirí
---+Airteagal 34 1
---+Airteagal 34 2
---+Airteagal 34 3

Airteagal 34 Comhordú oibríochtúil idir Príomh-Fhormhaoirseoirí

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 34 1

1.   Chun cur chuige comhsheasmhach a áirithiú maidir le gníomhaíochtaí formhaoirseachta agus d’fhonn straitéisí maoirseachta ginearálta comhordaithe agus cur chuige comhtháite oibríochtúil agus modheolaíochtaí oibre comhtháite a chumasú, bunóidh an triúr Príomh-Fhormhaoirseoirí arna gceapadh i gcomhréir le hAirteagal 31(1), pointe (b), JON chun comhordú a dhéanamh eatarthu féin sna céimeanna ullmhúcháin agus chun comhordú i stiúradh na ngníomhaíochtaí formhaoirseachta ar a soláthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí criticiúla formhaoirseachta faoi seach, agus ar aon ghníomhaíocht a d’fhéadfadh a bheith ag teastáil de bhun Airteagal 42.

Airteagal 34 2

2.   Chun críocha mhír 1, déanfaidh na Príomh-Fhormhaoirseoirí prótacal maoirseachta comhchoiteann a tharraingt suas ina sonrófar na nósanna imeachta mionsonraithe atá le leanúint chun an comhordú laethúil a dhéanamh agus chun malartuithe agus freagairtí tapa a áirithiú. Déanfar athbhreithniú tréimhsiúil ar an bprótacal chun riachtanais oibríochtúla a léiriú, go háirithe forbairt na socruithe praiticiúla maoirseachta.

Airteagal 34 3

3.   Féadfaidh na Príomh-Fhormhaoirseoirí, ar bhonn ad hoc, a iarraidh ar BCE agus ar ENISA comhairle theicniúil a sholáthar, taithí phraiticiúil a chomhroinnt nó páirt a ghlacadh i gcruinnithe sonracha comhordúcháin de chuid JON.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas