+Airteagal 9 2.

Airteagal 9 2.

Is é a thuigfear le córas bainistíochta riosca próiseas atriallach leanúnach a phleanáiltear agus a reáchtáiltear ar feadh shaolré an chórais intleachta saorga ardriosca, próiseas inar gá athbhreithniú agus nuashonrú tráthrialta córasach. Is éard a chuimseofar ann an méid seo a leanas:

(a) 

sainaithint agus anailís na rioscaí aitheanta agus na rioscaí atá measartha intuartha a d’fhéadfadh a bheith ag baint leis an gcóras intleachta saorga ardriosca don tsláinte, don tsábháilteacht nó do chearta bunúsacha nuair a úsáidtear an córas intleachta saorga ardriosca i gcomhréir leis an gcríoch atá beartaithe dó;

(b) 

meastachán agus meastóireacht ar na rioscaí a d’fhéadfadh teacht chun cinn nuair a úsáidfear an córas intleachta saorga ardriosca i gcomhréir leis an gcríoch atá beartaithe dó agus faoi dhálaí mí-úsáide atá measartha intuartha;

(c) 

meastóireacht ar rioscaí eile a d’fhéadfadh a bheith ann bunaithe ar anailís ar shonraí arna mbailiú ón gcóras faireacháin iarmhargaidh dá dtagraítear in Airteagal 72;

(d) 

bearta bainistíochta riosca atá iomchuí agus spriocdhírithe a ghlacadh chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí arna sainaithint de bhun phointe (a).

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas