+Airteagal 17 1.

Airteagal 17 1.

Cuirfidh soláthraithe córas intleachta saorga ardriosca córas bainistíochta cáilíochta i bhfeidhm lena n-áiritheofar go gcomhlíonfar an Rialachán seo. Déanfar an córas sin a dhoiciméadú ar bhealach córasach agus in ord, i bhfoirm beartais, nósanna imeachta agus treoracha i scríbhinn, agus beidh, ar laghad, na gnéithe seo a leanas san áireamh leis sin:

(a) 

straitéis maidir le comhlíonadh rialála, lena n-áirítear comhlíonadh na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta agus na nósanna imeachta chun modhnuithe ar an gcóras intleachta saorga a bhainistiú;

(b) 

teicnící, nósanna imeachta agus gníomhaíochtaí córasacha atá le húsáid maidir le dearadh, rialú deartha agus fíorú deartha an chórais intleachta saorga ardriosca;

(c) 

teicnící, nósanna imeachta agus gníomhaíochtaí córasacha atá le húsáid maidir le forbairt, rialú cáilíochta agus dearbhú cáilíochta an chórais intleachta saorga ardriosca;

(d) 

nósanna imeachta scrúdaithe, tástála agus bailíochtaithe atá le déanamh roimh an gcóras intleachta saorga ardriosca a fhorbairt, lena linn agus ina dhiaidh, agus a mhinice is gá iad a dhéanamh;

(e) 

sonraíochtaí teicniúla, lena n-áirítear caighdeáin, atá le cur i bhfeidhm agus, i gcás nach gcuirfear na caighdeáin chomhchuibhithe ábhartha i bhfeidhm ina n-iomláine nó nach gcumhdófar na ceanglais ábhartha uile a leagtar amach i Roinn 2 leo, na modhanna atá le húsáid chun a áirithiú go gcomhlíonann an córas intleachta saorga ardriosca na ceanglais sin;

(f) 

córais agus nósanna imeachta um bainistíocht sonraí, lena n-áirítear fáil sonraí, bailiú sonraí, anailísíocht sonraí, lipéadú sonraí, stóráil sonraí, scagadh sonraí, mianadóireacht sonraí, comhiomlánú sonraí, coinneáil sonraí agus aon oibríocht eile maidir leis na sonraí a fheidhmítear roimh chórais ardriosca intleachta saorga a chur ar an margadh agus a chur i mbun seirbhíse agus chun na críche sin;

(g) 

an córas bainistíochta riosca dá dtagraítear in Airteagal 9;

(h) 

córas faireacháin iarmhargaidh a chur ar bun, a chur chun feidhme agus a chothabháil i gcomhréir le hAirteagal 72;

(i) 

nósanna imeachta a bhaineann le teagmhas tromchúiseach a thuairisciú i gcomhréir le hAirteagal 73;

(j) 

láimhseáil na cumarsáide le húdaráis inniúla náisiúnta, le húdaráis ábhartha eile, lena n-áirítear iad siúd a thugann rochtain ar shonraí nó a thacaíonn leis an rochtain sin, le comhlachtaí faoina dtugtar fógra, le hoibreoirí eile, le custaiméirí nó le páirtithe leasmhara eile;

(k) 

córais agus nósanna imeachta maidir le taifid a choimeád ar gach doiciméad agus faisnéis ábhartha;

(l) 

bainistiú acmhainní, lena n-áirítear bearta a bhaineann le slándáil an tsoláthair;

(m) 

creat cuntasachta lena leagtar amach freagrachtaí an lucht bainistíochta agus na foirne eile maidir le gach gné a liostaítear sa mhír seo.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas