+Airteagal 38 Imscrúduithe ginearálta
---+Airteagal 38 1
---+Airteagal 38 2
---+Airteagal 38 3
---+Airteagal 38 4
---+Airteagal 38 5

Airteagal 38 Imscrúduithe ginearálta

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 38 1

1.   Chun a dhualgais a chur i gcrích faoin Rialachán seo, féadfaidh an Príomh-Fhormhaoirseoir, le cúnamh ón bhfoireann scrúdúcháin chomhpháirteach dá dtagraítear in Airteagal 40(1), na himscrúduithe ar sholáthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí criticiúla a dhéanamh, i gcás inar gá.

Airteagal 38 2

2.   Beidh sé de chumhacht ag an bPríomh-Fhormhaoirseoir an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

scrúdú a dhéanamh ar thaifid, sonraí, nósanna imeachta agus ar aon ábhar eile atá ábhartha i ndáil le forghníomhú a chúraimí, gan beann ar an meán ar a bhfuil siad stóráilte;

(b)

cóipeanna deimhnithe a dhéanamh nó cóipeanna deimhnithe a fháil de na taifid sin, de na sonraí sin, de na nósanna imeachta doiciméadaithe sin agus d’aon ábhar eile, nó sleachta astu a thógáil nó a fháil;

(c)

toghairm a chur ar ionadaithe an tsoláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí chriticiúil agus a iarraidh orthu mínithe ó bhéal nó i scríbhinn a thabhairt ar fhíorais nó doiciméid a bhaineann le hábhar agus cuspóir an imscrúdaithe, agus na freagraí a thaifeadadh;

(d)

agallamh a chur ar aon duine nádúrtha nó dlítheanach eile a thoilíonn go gcuirfí agallamh air chun faisnéis a bhailiú i ndáil le hábhar imscrúdaithe;

(e)

taifid a iarraidh de thrácht teileafóin agus sonraí.

Airteagal 38 3

3.   Déanfaidh na hoifigigh agus na daoine eile a bheidh údaraithe ag an bPríomh-Fhormhaoirseoir chun críocha an imscrúduithe dá dtagraítear i mír 1 a gcumhachtaí a fheidhmiú ar údarú i scríbhinn a sholáthar ina sonraítear ábhar agus cuspóir an imscrúdaithe.

Sonróidh an t-údarú sin freisin na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla dá bhforáiltear in Airteagal 35(6) i gcás nach soláthrófar na taifid, na sonraí, na nósanna imeachta doiciméadaithe, ná aon ábhar eile a éilítear, ná freagraí ar cheisteanna a cuireadh ar ionadaithe an tsoláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí nó i gcás ina mbeidh na nithe sin neamhiomlán.

Airteagal 38 4

4.   Ceanglaítear ar ionadaithe na soláthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí criticiúla iad féin a chur faoi réir na n-imscrúduithe ar bhonn cinnidh ón bPríomh-Fhormhaoirseoir. Sonrófar sa chinneadh ábhar agus cuspóir an imscrúdaithe, na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla dá bhforáiltear in Airteagal 35(6), na réitigh dhlí atá ar fáil faoi Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010, (AE) Uimh. 1094/2010 agus (AE) Uimh. 1095/2010, agus an ceart an cinneadh a chur faoi bhráid na Cúirte Breithiúnais lena athbhreithniú.

Airteagal 38 5

5.   In am trátha roimh thús an imscrúdaithe, cuirfidh an Príomh-Fhormhaoirseoir údaráis inniúla na n-eintiteas airgeadais a bhaineann úsáid as seirbhísí TFC an tsoláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí chriticiúil sin ar an eolas faoin imscrúdú atá beartaithe agus faoi chéannacht na ndaoine údaraithe.

Cuirfidh an Príomh-Fhormhaoirseoir an fhaisnéis uile arna tarchur de bhun na chéad fhomhíre in iúl do JON.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas