+Airteagal 40 2.

Airteagal 40 2.

I gcomhréir le hAirteagal 10 de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012, eiseoidh an Coimisiún, gan moill mhíchuí, iarrataí ar chaighdeánú lena gcumhdófar na ceanglais uile a leagtar amach i Roinn 2 den Chaibidil seo agus, de réir mar is infheidhme, iarrataí ar chaighdeánú lena gcumhdaítear oibleagáidí a leagtar amach i gCaibidil V, Ranna 2 agus 3, den Rialachán seo. Leis an iarraidh ar chaighdeánú, iarrfar freisin spriocanna insoláthartha maidir le próisis tuairiscithe agus doiciméadachta chun feidhmíocht acmhainní na gcóras intleachta saorga a fheabhsú, amhail ídiú fuinnimh agus acmhainní eile an chórais intleachta saorga ardriosca a laghdú le linn a shaolré, agus maidir le samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha a fhorbairt ar bhealach atá tíosach ar fhuinneamh. Agus iarraidh ar chaighdeánú á hullmhú aige, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis an mBord agus leis na geallsealbhóirí ábhartha, lena n-áirítear an fóram comhairleach.

Agus iarraidh ar chaighdeánú á heisiúint aige chuig eagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú, sonróidh an Coimisiún nach mór na caighdeáin a bheith soiléir, comhsheasmhach, lena n-áirítear leis na caighdeáin a forbraíodh sna hearnálacha éagsúla le haghaidh táirgí a chumhdaítear le reachtaíocht chomhchuibhithe reatha an Aontais a liostaítear in Iarscríbhinn I, agus é mar aidhm leo a áirithiú go gcomhlíonann córais intleachta saorga ardriosca nó samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha a chuirtear ar an margadh nó a chuirtear i mbun seirbhíse san Aontas na ceanglais ábhartha nó oibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán seo.

Iarrfaidh an Coimisiún ar na heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú fianaise a sholáthar maidir lena ndícheall na cuspóirí dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus sa dara fomhír den mhír seo a chomhlíonadh i gcomhréir le hAirteagal 24 de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012.

Iarrfaidh an Coimisiún ar na heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú, i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 1 ) agus gan moill mhíchuí, táirgí insoláthartha caighdeánúcháin a fhorbairt, lena n-áirítear, de réir mar is iomchuí, caighdeáin chomhchuibhithe, chun comhlíonadh comhpháirteach agus toimhde comhréireachta a éascú leis na ceanglais nó na hoibleagáidí a leagtar amach i gCaibidil III, Ranna 2 agus 3 den Rialachán seo, agus leis na ceanglais agus na hoibleagáidí ábhartha a leagtar síos i reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas