+Airteagal 42 Bearta leantacha arna ndéanamh ag údaráis inniúla
---+Airteagal 42 1
---+Airteagal 42 2
---+Airteagal 42 3
---+Airteagal 42 4
---+Airteagal 42 5
---+Airteagal 42 6
---+Airteagal 42 7
---+Airteagal 42 8
---+Airteagal 42 9
---+Airteagal 42 10
---+Airteagal 42 11

Airteagal 42 Bearta leantacha arna ndéanamh ag údaráis inniúla

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 42 1

1.   Laistigh de 60 lá féilire ó na moltaí a d’eisigh an Príomh-Fhormhaoirseoir de bhun Airteagal 35(1), pointe (d), a fháil, cuirfidh soláthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí criticiúla fógra chuig an bPríomh-Fhormhaoirseoir go bhfuil sé ar intinn acu na moltaí a leanúint nó tabharfaidh siad míniú réasúnaithe ar an gcúis nach ndéanfaidh siad na moltaí sin a leanúint. Tarchuirfidh an Príomh-Fhormhaoirseoir an fhaisnéis sin chuig údaráis inniúla na n-eintiteas airgeadais lena mbaineann láithreach.

Airteagal 42 2

2.   Nochtfaidh an Príomh-Fhormhaoirseoir go poiblí cás ina mainníonn soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí criticiúil fógra a thabhairt don Phríomh-Fhormhaoirseoir i gcomhréir le mír 1 nó i gcás ina meastar nach leor an míniú arna sholáthar ag an soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí criticiúil. Nochtfar san fhaisnéis a fhoilseofar céannacht an tsoláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí chriticiúil chomh maith le faisnéis maidir le saghas agus cineál an neamhchomhlíonta. Beidh faisnéis den sórt sin teoranta don mhéid atá ábhartha agus comhréireach chun feasacht an phobail a áirithiú, mura rud é go ndéanfadh foilsiú den sórt sin dochar díréireach do na páirtithe lena mbaineann nó go bhféadfadh an foilsiú sin feidhmiú ordúil agus sláine na margaí airgeadais nó cobhsaíocht an chórais airgeadais ina iomláine san Aontas, nó cuid de, a chur i mbaol go mór.

Tabharfaidh an Príomh-Fhormhaoirseoir fógra don soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí maidir leis an nochtadh poiblí sin.

Airteagal 42 3

3.   Cuirfidh na húdaráis inniúla na heintitis airgeadais ábhartha ar an eolas faoi na rioscaí a shainaithnítear sna moltaí atá dírithe ar sholáthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí criticiúla i gcomhréir le hAirteagal 35(1), pointe (d).

Agus riosca TFC tríú páirtí á bhainistiú acu, cuirfidh eintitis airgeadais na rioscaí dá dtagraítear sa chéad fhomhír san áireamh.

Airteagal 42 4

4.   I gcás ina measfaidh údarás inniúil nach gcuireann eintiteas airgeadais na rioscaí sonracha arna sainaithint sna moltaí san áireamh nó nach dtugann sé aghaidh go leordhóthanach orthu laistigh dá bhainistíocht ar riosca TFC tríú páirtí, tabharfaidh sé fógra don eintiteas airgeadais go bhféadfaí cinneadh a dhéanamh, laistigh de 60 lá féilire tar éis fógra den sórt sin a fháil, de bhun mhír 6, in éagmais socruithe conarthacha iomchuí arb é is aidhm dóibh aghaidh a thabhairt ar rioscaí den sórt sin.

Airteagal 42 5

5.   Tar éis na tuarascálacha dá dtagraítear in Airteagal 35(1), pointe (c), a fháil, agus sula ndéanfar cinneadh dá dtagraítear i mír 6 den Airteagal seo, féadfaidh údaráis inniúla, ar bhonn deonach, dul i gcomhairle leis na húdaráis inniúla náisiúnta arna n-ainmniú nó arna mbunú i gcomhréir le Treoir (AE) 2022/2555 atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar eintiteas bunriachtanach nó tábhachtach faoi réir na Treorach sin, a ainmníodh mar sholáthraí seirbhísí TFC tríú páirtí criticiúil.

Airteagal 42 6

6.   Féadfaidh na húdaráis inniúla, mar bheart na dála deiridh, tar éis an fhógra agus, más iomchuí, an chomhairliúcháin mar a leagtar amach i míreanna 4 agus 5 den Airteagal seo, i gcomhréir le hAirteagal 50, cinneadh a dhéanamh lena gceanglófar ar eintitis airgeadais úsáid nó soláthar seirbhíse a sholáthraíonn an soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí criticiúil a chur ar fionraí go sealadach, go páirteach nó go hiomlán, go dtí go dtabharfar aghaidh ar na rioscaí a shainaithnítear sna moltaí a dhírítear chuig na soláthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí criticiúla. I gcás inar gá, féadfaidh siad a cheangal ar eintitis airgeadais na socruithe conarthacha ábhartha a cuireadh i gcrích leis na soláthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí criticiúla a fhoirceannadh ina bpáirt nó ina n-iomláine.

Airteagal 42 7

7.   I gcás ina ndiúltóidh soláthraí TFC tríú páirtí criticiúil moltaí a fhormhuiniú, bunaithe ar chur chuige éagsúil ón gcur chuige a mhol an Príomh-Fhormhaoirseoir, agus go bhféadfadh tionchar díobhálach a bheith ag an gcur chuige éagsúil sin ar líon mór eintiteas airgeadais, nó ar chuid shuntasach den earnáil airgeadais, agus nach bhfuil cur chuige comhsheasmhach mar thoradh ar rabhaidh aonair arna n-eisiúint ag údaráis inniúla, féadfaidh an Príomh-Fhormhaoirseoir, tar éis dul i gcomhairle leis an bhFóram Formhaoirseachta, tuairimí neamhcheangailteacha agus neamhphoiblí a eisiúint d’údaráis inniúla, chun bearta leantacha maoirseachta atá comhsheasmhach agus cóineasaithe a chur chun cinn, de réir mar is iomchuí.

Airteagal 42 8

8.   Tar éis na tuarascálacha dá dtagraítear in Airteagal 35(1), pointe (c), a fháil, déanfaidh údaráis inniúla, agus cinneadh dá dtagraítear i mír 6 den Airteagal seo á ghlacadh acu, cineál agus méid an riosca nach ndíríonn an soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí criticiúil air a chur san áireamh mar aon le tromchúis an neamhchomhlíonta, ag féachaint do na critéir seo a leanas:

(a)

tromchúis agus fad an neamhchomhlíonta;

(b)

cé acu ar nochtadh nó nár nochtadh laigí tromchúiseacha i nósanna imeachta, córais bhainistithe, bainistíocht riosca agus rialuithe inmheánacha an tsoláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí chriticiúil leis an neamhchomhlíonadh;

(c)

cé acu ar éascaíodh nó nár éascaíodh coireacht airgeadais leis an neamhchomhlíonadh nó an raibh nó nach raibh an neamhchomhlíonadh ina chúis le coireacht airgeadais nó an bhfuil nó nach bhfuil an choireacht sin inchurtha i leith an neamhchomhlíonta ar shlí eile;

(d)

cibé acu an bhfuil nó nach bhfuil an neamhchomhlíonadh d’aon ghnó nó le faillí;

(e)

cibé acu a thugtar isteach le fionraí nó foirceannadh na socruithe conarthacha riosca do leanúnachas oibríochtaí gnó an eintitis airgeadais d’ainneoin iarrachtaí an eintitis airgeadais cur isteach ar sholáthar a sheirbhísí a sheachaint;

(f)

i gcás inarb infheidhme, an tuairim ó na húdaráis inniúla arna n-ainmniú nó arna mbunú i gcomhréir le Treoir (AE) 2022/2555 atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar eintiteas bunriachtanach nó tábhachtach faoi réir na Treorach sin, a ainmníodh mar sholáthraí seirbhísí TFC tríú páirtí criticiúil, arna iarraidh sin ar bhonn deonach i gcomhréir le mír 5 den Airteagal seo.

Deonóidh údaráis inniúla an tréimhse ama is gá d’eintitis airgeadais chun gur féidir leo na socruithe conarthacha le soláthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí criticiúla a choigeartú chun éifeachtaí díobhálacha ar a n-athléimneacht dhigiteach oibríochtúil a sheachaint agus chun ligean dóibh straitéisí scoir agus pleananna aistrithe dá dtagraítear in Airteagal 28 a chur in úsáid.

Airteagal 42 9

9.   Maidir leis an gcinneadh dá dtagraítear i mír 6 den Airteagal seo, tabharfar fógra do chomhaltaí an Fhóraim Formhaoirseachta dá dtagraítear in Airteagal 32(4), pointí (a), (b) agus (c), agus do JON faoi.

Na soláthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí criticiúla a ndéanann na cinntí dá bhforáiltear i mír 6 difear dóibh, comhoibreoidh siad go hiomlán leis na heintitis airgeadais a mbeidh tionchar orthu, go háirithe i gcomhthéacs an phróisis maidir lena socruithe conarthacha a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh.

Airteagal 42 10

10.   Cuirfidh na húdaráis inniúla an Príomh-Fhormhaoirseoir ar an eolas go rialta faoi na cuir chuige agus na bearta arna ndéanamh ina gcúraimí maoirseachta i ndáil le heintitis airgeadais agus faoi na socruithe conarthacha arna gcur i gcrích ag na heintitis airgeadais i gcás nach mbeidh moltaí a ndíreoidh an Príomh-Fhormhaoirseoir orthu formhuinithe go páirteach ná go hiomlán ag soláthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí TFC tríú páirtí criticiúla.

Airteagal 42 11

11.   Féadfaidh an Príomh-Fhormhaoirseoir, arna iarraidh sin, tuilleadh soiléirithe a thabhairt ar na moltaí a eisíodh chun treoir a thabhairt do na húdaráis inniúla maidir leis na bearta leantacha.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas