8. Tar éis na tuarascálacha dá dtagraítear in Airteagal 35(1), pointe (c), a fháil, déanfaidh údaráis inniúla, agus cinneadh dá dtagraítear i mír 6 den Airteagal seo á ghlacadh acu, cineál agus méid an riosca nach ndíríonn an soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí criticiúil air a chur san áireamh mar aon le tromchúis an neamhchomhlíonta, ag féachaint do na critéir seo a leanas:
|
(a)
|
tromchúis agus fad an neamhchomhlíonta;
|
|
(b)
|
cé acu ar nochtadh nó nár nochtadh laigí tromchúiseacha i nósanna imeachta, córais bhainistithe, bainistíocht riosca agus rialuithe inmheánacha an tsoláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí chriticiúil leis an neamhchomhlíonadh;
|
|
(c)
|
cé acu ar éascaíodh nó nár éascaíodh coireacht airgeadais leis an neamhchomhlíonadh nó an raibh nó nach raibh an neamhchomhlíonadh ina chúis le coireacht airgeadais nó an bhfuil nó nach bhfuil an choireacht sin inchurtha i leith an neamhchomhlíonta ar shlí eile;
|
|
(d)
|
cibé acu an bhfuil nó nach bhfuil an neamhchomhlíonadh d’aon ghnó nó le faillí;
|
|
(e)
|
cibé acu a thugtar isteach le fionraí nó foirceannadh na socruithe conarthacha riosca do leanúnachas oibríochtaí gnó an eintitis airgeadais d’ainneoin iarrachtaí an eintitis airgeadais cur isteach ar sholáthar a sheirbhísí a sheachaint;
|
|
(f)
|
i gcás inarb infheidhme, an tuairim ó na húdaráis inniúla arna n-ainmniú nó arna mbunú i gcomhréir le Treoir (AE) 2022/2555 atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar eintiteas bunriachtanach nó tábhachtach faoi réir na Treorach sin, a ainmníodh mar sholáthraí seirbhísí TFC tríú páirtí criticiúil, arna iarraidh sin ar bhonn deonach i gcomhréir le mír 5 den Airteagal seo.
|
Deonóidh údaráis inniúla an tréimhse ama is gá d’eintitis airgeadais chun gur féidir leo na socruithe conarthacha le soláthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí criticiúla a choigeartú chun éifeachtaí díobhálacha ar a n-athléimneacht dhigiteach oibríochtúil a sheachaint agus chun ligean dóibh straitéisí scoir agus pleananna aistrithe dá dtagraítear in Airteagal 28 a chur in úsáid.