+Airteagal 75a 3.

Airteagal 75a 3.

Féadfaidh an Oifig um Intleacht Shaorga na cumhachtaí a liostaítear in Airteagal 14(4), pointí (a), (b) agus (c) de Rialachán (AE) 2019/1020 agus Airteagal 74(12) agus (13) den Rialachán seo a fheidhmiú trí iarraidh shimplí nó trí chinneadh.

Agus faisnéis á hiarraidh aici, luafaidh an Oifig um Intleacht Shaorga bunús dlí agus cuspóir na hiarrata, sonróidh sí an fhaisnéis a cheanglaítear, agus socróidh sí an tréimhse ina bhfuil an fhaisnéis le soláthar. I gcás iarraidh shimplí, léireoidh an Oifig um Intleacht Shaorga freisin, cé nach bhfuil aon oibleagáid ann an fhaisnéis a iarrtar a sholáthar, i gcás freagra deonach, nach mór an fhaisnéis a bheith ceart agus gan a bheith míthreorach, agus léireoidh sí na fíneálacha a d’fhéadfadh a bheith ann dá bhforáiltear in Airteagal 99(5) as faisnéis mhícheart nó mhíthreorach a sholáthar. I gcás ina ndéantar an iarraidh trí chinneadh, léireoidh an Oifig um Intleacht Shaorga freisin na fíneálacha dá bhforáiltear in Airteagal 99(5) as faisnéis mhícheart, neamhiomlán nó mhíthreorach a sholáthar agus léireoidh sí an ceart go ndéanfadh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh athbhreithniú ar an gcinneadh. Seolfaidh an Oifig um Intleacht Shaorga cóip den iarraidh chuig údarás faireachas margaidh an Bhallstáit ina bhfuil an t-oibreoir nó a ionadaí dlíthiúil lonnaithe ar a chríoch.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas