|
+Airteagal 75a 4. |
Airteagal 75a 4.Chun na cúraimí a shanntar di faoin Roinn seo a dhéanamh, féadfaidh an Oifig um Intleacht Shaorga gach cianchigireacht nó cigireacht ar an láthair is gá a dhéanamh de bhun na gcumhachtaí a leagtar síos in Airteagal 14(4), pointí (d) agus (e) de Rialachán (AE) 2019/1020 agus Airteagal 74(5) den Rialachán seo. Agus cigireacht á déanamh aici, cuirfidh an Oifig um Intleacht Shaorga an soláthraí lena mbaineann ar an eolas faoi ábhar agus cuspóir an imscrúdaithe, faoi na fíneálacha ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 99(5) den Rialachán seo, agus faoin gceart an cinneadh a chur faoi bhráid Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh lena athbhreithniú. Sula ndéanfaidh an Oifig um Intleacht Shaorga cigireacht, cuirfidh sí é sin in iúl d’údarás faireachais margaidh an Bhallstáit ina bhfuil an t-oibreoir nó a ionadaí dlíthiúil lonnaithe ar a chríoch. Le linn na cigireachta sin, tabharfar de chumhacht d’oifigigh na hOifige um Intleacht Shaorga an méid seo a leanas a dhéanamh:
(a)
dul isteach in aon cheann d’áitribh ghnó, de thailte nó de mhaoin an oibreora lena mbaineann atá lonnaithe san Aontas;
(b)
scrúdú a dhéanamh ar na leabhair, ar na sonraí, agus ar ábhar eile atá ábhartha d’fhorghníomhú a gcúraimí, beag beann ar an meán ar a bhfuil siad stóráilte;
(c)
cóipeanna de leabhair, de shonraí nó de thaifid eile nó sleachta astu a thógáil nó a fháil in aon fhoirm;
(d)
iarraidh ar aon duine de na daoine atá faoi réir na cigireachta, nó ar a n-ionadaithe, nó ar a bhfoireann, mínithe ó bhéal nó i scríbhinn a thabhairt ar fhíorais nó ar dhoiciméid a bhaineann le hábhar agus le cuspóir na cigireachta, agus na freagraí a thaifeadadh;
(e)
aon áitreabh gnó agus leabhair agus taifid a shéalú don tréimhse agus a mhéid atá riachtanach le haghaidh na cigireachta. I gcás ina gcinnfidh an Oifig um Intleacht Shaorga go gcuireann duine nádúrtha nó dlítheanach i gcoinne cigireachta nó go gcuireann sé bac uirthi, tabharfaidh údarás inniúil náisiúnta an Bhallstáit lena mbaineann an cúnamh is gá dó agus, i gcás inarb iomchuí, iarrfaidh sé cúnamh na bpóilíní nó cúnamh údaráis choibhéisigh forfheidhmiúcháin, chun a chur ar a cumas a cigireacht ar an láthair a dhéanamh. I gcás ina mbeidh údarú ag teastáil ó údarás breithiúnach i gcomhréir leis an dlí náisiúnta le haghaidh cigireachta ar an láthair ar áitreabh gnó, ar thalamh nó ar mhaoin, déanfaidh an Oifig um Intleacht Shaorga iarratas ar an údarú sin. Féadfaidh an Oifig um Intleacht Shaorga iarratas a dhéanamh ar an údarú sin freisin mar bheart réamhchúraim. I gcás ina ndéanfar iarratas ar údarú den sórt sin, fíoróidh an t-údarás breithiúnach náisiúnta go pras nach bhfuil na bearta comhéigneacha atá beartaithe treallach ná iomarcach, ag féachaint d’ábhar an imscrúdaithe nó na cigireachta agus do na doiciméid arna soláthar ag an Oifig um Intleacht Shaorga in éineacht leis an gcinneadh. Le linn dó fíorú a dhéanamh i dtaobh chomhréireacht na mbeart comhéigneach, féadfaidh an t-údarás breithiúnach náisiúnta a iarraidh ar an Oifig um Intleacht Shaorga mínithe mionsonraithe a thabhairt, go háirithe maidir leis na forais atá ag an Oifig um Intleacht Shaorga chun drochamhras a bheith uirthi go ndearnadh sárú ar an Rialachán seo agus maidir le tromchúis an tsáraithe a bhfuil drochamhras ann ina leith agus, i gcás inarb ábhartha, maidir le cineál na rannpháirtíochta ar thaobh an duine atá faoi réir na mbeart comhéigneach. Ní dhéanfaidh an t-údarás breithiúnach náisiúnta aithbhreithniú ar an ngá atá leis an gcigireacht ná ní fhéadfaidh sé faisnéis atá i gcáschomhad na hOifige um Intleacht Shaorga a éileamh. I gcomhréir leis na Conarthaí, is í Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh amháin a fhéadfaidh athbhreithniú a dhéanamh ar dhlíthiúlacht chinneadh na hOifige um Intleacht Shaorga. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|