+Airteagal 78 1.

Airteagal 78 1.

Urramóidh an Coimisiún, údaráis faireachais margaidh agus comhlachtaí faoina dtugtar fógra agus aon duine nádúrtha nó dlítheanach eile a bhfuil baint aige le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo, i gcomhréir le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta, rúndacht na faisnéise agus na sonraí arna bhfáil i mbun cúraimí agus gníomhaíochtaí a dhéanamh ar bhealach ina ndéanfar an méid seo a leanas a chosaint go háirithe:

(a) 

cearta maoine intleachtúla, agus faisnéis rúnda ghnó nó rúin trádála duine nádúrtha nó duine dhlítheanaigh, lena n-áirítear cód foinseach, seachas sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 5 de Threoir (AE) 2016/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 2 );

(b) 

cur chun feidhme éifeachtach an Rialacháin seo, go háirithe chun críoch cigireachtaí, imscrúduithe nó iniúchtaí;

(c) 

leas an phobail agus leasanna slándála náisiúnta;

(d) 

seoladh imeachtaí coiriúla nó riaracháin;

(e) 

faisnéis a aicmítear de bhun dhlí an Aontais nó an dlí náisiúnta.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas