+Airteagal 47 Comhar le struchtúir agus údaráis a bhunaítear le Treoir (AE)2022/2555
---+Airteagal 47 1
---+Airteagal 47 2
---+Airteagal 47 3
---+Airteagal 47 4
|
Airteagal 47 Comhar le struchtúir agus údaráis a bhunaítear le Treoir (AE)2022/2555
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 47 1
|
1. Chun comhar a chothú agus malartuithe maoirseachta a chumasú idir na húdaráis inniúla a ainmnítear faoin Rialachán seo agus an Grúpa Comhair a bhunaítear le hAirteagal 14 de Threoir (AE) 2022/2555, féadfaidh ÚMEnna agus na húdaráis inniúla a bheith rannpháirteach i ngníomhaíochtaí an Ghrúpa Comhair i ndáil le hábhair a bhaineann lena ngníomhaíochtaí maoirseachta maidir le heintitis airgeadais. Féadfaidh ÚMEnna agus na húdaráis inniúla a iarraidh go dtabharfaí cuireadh dóibh a bheith rannpháirteach i ngníomhaíochtaí an Ghrúpa Comhair i ndáil le hábhair maidir le heintitis bhunriachtanacha nó thábhachtacha faoi réir Threoir (AE) 2022/2555 a ainmníodh freisin mar sholáthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí criticiúla de bhun Airteagal 31 den Rialachán seo.
|
|
Airteagal 47 2
|
2. I gcás inarb iomchuí, féadfaidh údaráis inniúla dul i gcomhairle agus faisnéis a chomhroinnt leis na pointí teagmhála aonair agus na CSIRTanna arna n-ainmniú nó arna mbunú i gcomhréir le Treoir (AE) 2022/2555.
|
|
Airteagal 47 3
|
3. I gcás inarb iomchuí, féadfaidh údaráis inniúla aon chomhairle agus aon chúnamh teicniúil ábhartha a iarraidh ar na húdaráis inniúla arna n-ainmniú nó arna mbunú i gcomhréir le hAirteagal [X] de Threoir (AE) 2022/2555 agus socruithe comhair a bhunú chun gur féidir sásraí comhordúcháin méar-fhreagartha éifeachtacha a chur ar bun.
|
|
Airteagal 47 4
|
4. Sna socruithe dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo, féadfar, inter alia, na nósanna imeachtaí a shonrú le haghaidh chomhordú na ngníomhaíochtaí maoirseachta agus formhaoirseachta, maidir le heintitis bhunriachtanacha nó thábhachtacha faoi réir Threoir (AE) 2022/2555 a ainmníodh mar sholáthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí criticiúla de bhun Airteagal 31 den Rialachán seo, lena n-áirítear i ndáil le himscrúduithe agus cigireachtaí ar an láthair a dhéanamh, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, chomh maith le sásraí chun faisnéis a mhalartú idir na húdaráis inniúla faoin Rialachán seo agus na húdaráis inniúla arna n-ainmniú nó arna mbunú i gcomhréir leis an Treoir sin ina n-áirítear rochtain ar fhaisnéis arna hiarraidh ag na húdaráis inniúla sin.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|